DARA Ó CINNÉIDE: Is cosúil go bhfuil guth na tuaithe múchta i gCLG

Tá rian leas na cathrach agus na mbailte móra ar roinnt de na roghanna atá tógtha ag piardaí CLG le blianta beaga anuas

DARA Ó CINNÉIDE: Is cosúil go bhfuil guth na tuaithe múchta i gCLG

INPHO/Donall Farmer

Ní dócha gur cheap aon duine a chaith vóta ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael dhá bhliain ó shin ar son na n-athruithe maidir le rannpháirtíocht imreoirí faoi seacht mbliana déag go mbeadh oiread tionchair acu is a bhí.

Go hachomair, d’éirigh le rún ó choiste athbhreithnithe na mionúr ag Comhdháil na bliana 2015 a raibh sé mar aidhm aige cuid den sár-ualach a bhaint d’imreoirí óga. Ba léir ag an am go raibh imreoirí áirithe, go háirithe iad siúd a bhí seacht agus ocht mbliana déag agus a bhí ag imirt ag leibhéal idirchontae, tnáite ag amanna áirithe den mbliain. Dúradh go raibh beagnach an ceathrú cuid d’imreoirí i ngrád na mionúr gníomhach seacht lá na seachtaine agus go raibh os cionn a leath gníomhach sé lá na seachtaine.

Anuas air sin, tugadh le fios, bunaithe ar shuirbhé eolaíoch, gur cuireadh brú ar 81% de na mionúir gan dul ag imirt le foirne eile agus go raibh 62% díobh tar éis cur chun páirce agus iad gortaithe.

I measc na moltaí a deineadh agus na ceisteanna seo á bplé dhá bhliain ó shin, bhí ná raghadh imreoirí scoile ag imirt le foirne mionúir agus le foirne fé bhliain is fiche idirchontae nó go mbeadh na comórtais scoile thart.

Bhí ciall ar leith leis seo, gan dabht, agus nuair ba léir go bhféadfadh imreoirí cumasacha a bheadh ag imirt le scata foirne, idir pheil agus iománaíocht, cur as do riaradh agus do shocrú cluichí bhí sé in am gníomh éigin a dhéanamh.

Ceann des na slite a bhí ann chun an cruachás a réiteach ná go laghdófaí líon na bhfoirne lena bhféadfadh an t-imreoir óg bheith ag cur chun páirce leo nó ceann eile, líon na gcomórtas féin a laghdú.

Bunaithe ar fhianaise na staire, bheadh sé deacair ar an gcoiste athbhreithnithe a gcuid moltaí a sheoladh trí Chomhdháil Bhliantúil CLG. Seacht mbliana roimis sin, níor éirigh le tascfhórsa eile ar thnáitheadh coirp agus aigne fé stiúir an Dochtúra Pat O’Neill, a gcuid moltaí a chur i bhfeidhm.

Bhí fianaise nochta ag an Dr Ó Néill an uair úd go raibh imreoir amháin as gach deichniúr  san aoisghrúpa 16-18 an-mhór san amhras mar gheall ar a rannpháirtíocht i gcluichí Gaelacha. Ainneoin sin ar fad, níor éirigh le coiste Uí Néill cuid mhaith dá moltaí a thabhairt slán tríd an gComhdháil agus bhí sé i ndán do thuarascáil fhónta eile bheith ag bailiú smúite i bPáirc an Chrócaigh. 

Nuair a tháinig moltaí an choiste athbhreithnithe mionúr fé bhráid na Comhdhála dhá bhliain ó shin, áfach, ba léir go raibh goile chun leasa ar mhórán de na toscairí agus, ní nach ionadh, d’éirigh leo an grád faoi 21 a athrú go faoi 20 agus an grád mionúir a leagadh anuas go dtí grád faoi 17. Beidh a leithéid i gceist ón mbliain seo chugainn amach. Más mall féin is mithid, a déarfá.

Ach, taobh leis na hathruithe fónta seo go léir tháinig athrú eile aniar aduaidh ar dhaoine toisc nár deineadh mórán cainte faoi dhá bhliain ó shin. Ní go dtí gur tháinig an t-athrú i bhfeidhm anuraidh a tuigeadh do dhaoine an rian a bheadh le fágaint aige ar chumainn bheaga tuaithe, go háirithe. 

Ó thús na bliana 2016, níl cead ag aon imreoir fé bhun seacht mbliana déag d’aois imirt i ngrád na sinsear lena chumann áitiúil féin. Is dócha go raibh oiread béime ar na hathruithe a bheadh i ndán ag leibhéal idirchontae nár tógadh aon cheann puinn den tionchar a bheadh ag an gcinneadh ar chumainn ar fud na tíre.

Tá an cosc imeartha ar imreoirí fé bhun seacht mbliana déag d’aois ar cheann de na gníomhartha sin a thaibhsítear do dhaoine bheith iontach ar dtúis nó gur tú féin nó do chumann féin atá thíos leis. Sa chás seo, is iad na cumainn bheaga tuaithe is mó atá thíos leis toisc nach acmhainn dóibh, de bharr scáinteacht agus teirce imreoirí, an dara foireann a chur chun páirce ag leibhéal sinsir.

Bhí mo chumann féin, Cumann Caide na Gaeltachta, thíos leis anuraidh mar, den gcéad uair le mo chuimhne, ní fhéadfaimis an dara foireann (an fhoireann tacaíochta) a chur chun páirce ceal dóthain imreoirí.

Tá foirne eile ar fud Chiarraí, ar nós Dairbhre mar shampla, go bhfuil sé ag dul an-dian orthu oiread is foireann amháin a chur chun páirce toisc nach bhfuil teacht acu ar imreoir amháin nó beirt imreoirí a chiallódh go bhféadfaidís cluiche a chomhlíonadh seachas é a scaoileadh tharstu.

Tá ceist níos tábhachtaí sa treis anseo, leis, seachas an riail féin. An difríocht idir cathair is tuath. Ní bheidh aon dua ar chumainn sna bailte móra foirne a chur chun páirce i ngach grád agus ní haon nath acu a gcuid imreoirí fé 17 a choimeád ag imirt fé aois. Is cosúil, áfach, go bhfuil lucht riartha CLG ag cur na gcumann seo san áireamh níos mó agus níos mó sa lá atá inniu ann. Is iad a gcomhghleacaithe faoin dtuath atá thíos leis.

D’áiteofaí ort uaireanta gur cheart do chumainn bheaga tuaithe bheith ag cuimhneamh ar chónascadh le cumainn eile. Ach is míthuiscint ghlan í seo a ritheann bunoscionn le héirim CLG féin. Ceann de mhóréachtaí CLG ó thús ama ná go n-éiríonn le cumainn ar nós Dairbhre (agus éireoidh arís in 2017) foirne a chur chun páirce ag leibhéal na sinsear.

Tá rian leas na cathrach agus na mbailte móra ar roinnt de na roghanna atá tógtha ag piardaí CLG le blianta beaga anuas. B’fhéidir nach léir dóibh atá buailte fúthu sna háiteanna sin gur amhlaidh atá, ach aithníonn pobal na tuaithe go maith é. Bhí an blas céanna ina mbéalaibh nuair a dúnadh beairicí Gardaí agus oifigí poist agus nuair a maolaíodh ar sheirbhísí otharchairr agus ospidéil. B’ann leis dó nuair a chuireadar iarratais phleanála ar thithe aonair fé bhráid na n-údarás.

Aithníonn lucht na tuaithe na tréithe céanna ag teacht chun cinn anois sa chaitheamh aimsire is ansa leo le breis is céad bliain.

Ba dhóigh leat go mbeadh Cumann Lúthchleas Gael saor ón sórt seo maorlathais, ach leis an riail seo nach gceadaíonn imreoirí fé seacht mbliana déag i ngrád na sinsear, nó b’fhéidir sa tslí inar éirigh leis an riail gabháil chomh neafaiseach trí Chomhdháil na bliana 2015, is cosúil go bhfuil guth na tuaithe múchta.

Aisteach go leor, is i gcontaetha Chill Dara, Chill Chainnigh agus Chill Mhantáin atá an teacht aniar tosnaithe agus tá súil go mbeidh rúin ón trí chontae sin ag teacht fé bhráid na Comhdhála i mbliana ag iarraidh go bhféachfaí an athuair ar cheist na n-imreoirí fé bhun seacht mbliana déag.

Tá súil agam go mbeidh tacaíocht le fáil acu agus go dtuigfidh siad siúd nach gcuireann a leithéid isteach orthu, go bhfuil dhá insint ar gach aon scéal.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Is cosúil go bhfuil guth na tuaithe múchta i gCLG'

  • Feardorcha

    Tá sé breá bog seanchárta na tuaithe a tharraingt amach nuair a théann rudaí i gcoinne do thuairime féin.
    Cumainn bheaga ar nós na Gaeltachta?? Caith uait é mar bhéal bocht. Bhí an Ghaeltacht i gcluiche ceannais na hÉireann níl cúig mbliana déag ó shin ann – mar is maith is eol do Dhara féin é gan dabht! Tá ar a laghad cúpla míle duine de dhaonra faoina chúram, scoil mhór caide ar an tairseach agus gan mórán iomaíochta ó spóirt eile. Níl aon locht ar aon duine ach iad féin nach mbeadh a leithéid de chumann ábalta 35 fear sinsir a chur chun páirce. Scéal eile leithéidí Dairbhre seans.
    Leis na blianta fada tá taithí ag na cumainn mhóra CLG díriú ar na sinsir sármhaithe agus na hógánaigh maithe. Ní bhíonn ach fodhuine idir 22 agus 35 iontu, seachas an dream sin atá tógtha go hiomlán leis an gcluiche. Ní gá aon aire a thabhairt do na hógánaigh seo mar bíonn siad fiáin chun caide, breá sásta bheith ag traenáil agus bheith ag suí ar an mbinse nuair is gá. Scaoiltear le formhór mór na ndaoine fásta titim amach as na cumainn de réir a chéile agus tagann glúin nua isteach ó bhlianta deireanacha na scoile ina n-áit. Cailleann na himreoirí sin nach bhfuil sármhaith misneach agus spéis nuair a iarrtar orthu bheith ag traenáil gach oíche gan mórán tairbhe as agus tosaíonn an fháinne fí arís eile.
    Is gá do na cumainn CLG ar fud na tíre foghlaim conas aire a thabhairt dá gcuid, bheith á gcoimeád sáite sa CLG fiú amháin mura bhfuil spéis ná am acu le plé le mórán traenála, srl. Ní gá ach féachaint ar shampla na bhfoirne sóisialta sa rugar.

  • Cóilín

    Tá an cheart ar fad ag Dara. Tharla an rud díreach céanna don foireann tacaíóchta atá againne anseo (i nGaillimh). Ní raibh a ndothain uimhreachaí againn le foireann a chuir amach len dara leath den séasuir. Is paróiste beag atá ionainn agus ní bhíonn uimhreachaí aisteach againn ag an traenáil mionúir agus na sinsir le bheith firíneach. Tuigim go gcaithfear aire a thabhairt do no pheileadóirí óga ach is fadhb is mó atá acu ná níl a ndothain cluichí acu len imirt. Níl na deiseanna céanna ag na gásúir anseo agus atá ag na gásúir sa gcathair. An taon spóirt atá gásúir anseo ná an pheil nó ag imirt don foireann sinsir sa sacar! Ceapaim féin gur beidh na mionúir an t-am is cinniúnaí má fhánann siad leis an bpeil nó nach bhfánann..

  • Liam Mac an Mhaoir

    Árd-fear a Dhara. Níl aon amhras or ach go ndèanfaidh an cinneadh seo díobháil sa ghearr thèarma dos na cumainn beaga. Is léir go sleamhnaíonn mórán Èireann den tsaghas seo reachtaíochta isteach I nganfhios ar mhórán cúiseanna, agus an locht go minic ar Chumainn agus ar Chontaethe ná bíonn aon obair bhaile déanta acu roimis na Comhdhála.
    Fadhb eile faoin dtuath isea an imirce agus daoine ag bogadh òn dtuath go bailte is cathracha ag staidéar nó ar thóir na h-oibre.
    Caitear admháil leis, áfach, go bhfuil go leor Cumainn agus clubanna ann a dheineann faillí ar imreoirí nach den gcéad aicme iad agus go bhfágtar na h-imreoirí ó 20 a 40 in áit na leathphingne. Cothaíonn san neamhshuim agus leanann an trèigint dá bharr.
    Tá leigheas na ndeacreachtaí san i lámha na gclub féinig má léiríonn siad luach in imreoirí uilig an chlub seachas san chéad cúigear déag sinsear, le clár rialta cluichí a sholáthar dóibh. Ní chuirfeadh eagrú na gcluichí seo isteach ná amach ar chomórtaisí idirchontae dá mba toil lucht eagraithe na gcluichí go háitiúil a leithéid a chur ar fáil. B’fhearr gníomh dearfa dá leithéid ná leath den tseafóid a chloisimíd fe’èn gclub a bheith mar bhunchloch an CLG.
    Réiteach eile b’fhéidir? Canathaobh go bhfuil an CLG tógtha go h-iomlán le fóirne 15 an taobh? Má tá easba imreoirí or na Clubanna beaga tuaithe c’én fáth ná tugtar isteach comórtaisí do fhóirne níos lú, 13 nó 11 an taobh. Dob fhearr i bhfad mar réiteach é ná an rabharta d’fhóirne cónascaithe atá á fheiscint againn i gcomórtaisí faoi aois i láthair na h-uaire. Choiméadfadh an paróiste beag a aitheanntas féin agus bheadh soláthar ceart á dhèanamh do níos mó imreoirí, seachas d’uachtar an dá pharóiste agus an chuid eile á gcailliúint ónár gcluichí.
    Dob fhiú dul sa tseans leis, in ionad ligint do chúrsaí imeacht ar aghaidh mar atá.

  • dónal

    is cuimhin liom sliocht ó leabhar faoi Tomás McCurtáin (as béarla gabh mo leithscéal) “In this country, then (1915) a colony, there was a vastly greater difference between town and country than would be natural in a normal country, that is an unconquered country…It is more strident than the natural difference between rural and civic. It is a historical difference.” i mo thuairim, faoi láthair tá na tuathánaigh níos mó cosúil le cathróirí ná an am sin fadó ach….