Dámhachtainí Fulbright bronnta ar chúigear chun an Ghaeilge a mhúineadh sna Stáit Aontaithe

Is é an tAire Stáit Ciarán Cannon a d’fhógair na dámhachtainí do 2020-21 mar chuid de cheiliúradh speisialta ar líne inniu.

Dámhachtainí Fulbright bronnta ar chúigear chun an Ghaeilge a mhúineadh sna Stáit Aontaithe

Tá dámhachtainí Fulbright bronnta ar chúigear Éireannach inniu chun ranganna Gaeilge a mhúineadh i gcoláistí agus in ollscoileanna ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is é an tAire Stáit Ciarán Cannon a d’fhógair na dámhachtainí do 2020-21 mar chuid de cheiliúradh speisialta ar líne inné.

Is iad Bríd Ní Ghallachóir, Róisín Ní Chinnéide, Jane Ní Luasa, Caolán Ó Coisneacháin agus Brian Ó Doibhlin an cúigear a bheidh ag dul sall chun an Ghaeilge a mhúineadh.

Bhí an cúigear sin i measc an 36 duine ar bronnadh dámhachtainí Fulbright orthu.

Deis a bheidh sna dámhachtainí tabhairt faoi réimse leathan taighde, taighde faoin ailse, cibearshlándáil, cearta daonna agus go leor eile.

“Tá tábhacht níos mó ag baint le Fulbright anois ná mar a bhí riamh,” a dúirt an tAire Stáit Cannon agus é ag fógairt na ndámhachtainí.

“Is é ról Fulbright taighde idirnáisiúnta a stiúradh agus an chumarsáid dhomhanda a choinneáil oscailte. Spreag Fulbright na daoine is éirimiúla le hoibriú lena chéile i gcónaí. Guím gach rath ar dhámhachtaithe na mbliana seo sna Stáit Aontaithe”.

Beidh cuid de scoláirí Fulbright ag dul chuig na Stáit Aontaithe mí Mheán Fómhair ach ó mhí Eanáir 2021 a bheidh a bhformhór ag dul sall.

Is ag tabhairt faoi Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, atá Bríd Ní Ghallachóir faoi láthair agus céim sna Dána Idirnáisiúnta bainte amach aici. Bronnadh ‘Onóir na Gaeilge’ uirthi ar son na hoibre atá déanta aici ó thaobh na Gaeilge in UCC agus is ag glacadh ranganna agus ag múineadh Gaeilge i gColáiste Our Lady of Elms in Massachusetts a bheidh sí.

Mac léinn Dlí agus Gaeilge í Róisín Ní Chinnéide i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá seal caite cheana féin aici ina mac léinn idirnáisiúnta in Ollscoil Montana, mar ar mhúin Róisín ranganna Gaeilge. Is ag múineadh sa Catholic University of America in Washington DC a bheidh sí mar chuid de scéim Fulbright.

Is as Guagán Barra i nGaeltacht Mhúscraí do Jane Ní Luasa a bhfuil Baitsiléir Oideachais bainte amach aici i gColáiste Mhuire Gan Smál. D’fhreastail sí ar Ollscoil Loyola in Chicago mar chuid dá céim agus tá sí anois ag múineadh i nGaelscoil Dhroichead na Bandan i gCorcaigh. Is ag múineadh in Ollscoil Montana a bheidh Jane.

Múinteoir bunscoile é Caolán Ó Coisneacháin chomh maith agus é ag múineadh faoi láthair i nGaelscoil an Bhradáin Feasa, i gContae na Mí, agus i Scoil an Duinnínigh, i Sord. Céimí de chuid Ollscoil Uladh é Caolán a shaothraigh céim i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge agus beidh Caolán ag glacadh ranganna agus ag múineadh Gaeilge in Davidson Community College in North Carolina.

Mac léinn dochtúireachta é Brian Ó Doibhlin atá ag déanamh staidéir ar logainmneacha le Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann in Ollscoil na Banríona. Tá céimeanna bainte amach aige ó Ollscoil na Banríona, ó Ollscoil Uladh agus ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Notre Dame in Indiana a bheidh Brian.

Bunaíodh Clár Fulbright in Éirinn i 1957 agus gach bliain bronntar scoláireachtaí ar shaoránaigh Éireannacha chun staidéar, taighde, nó teagasc a déanamh sna Stáit Aontaithe agus an deis chéanna ag Meiriceánaigh in Éirinn.

Ón am gur bunaíodh é tá breis agus 2,500 duine tar éis páirt a ghlacadh sa chlár idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.

Osclófar an chéad bhabhta eile de chomórtas Fulbright ar an 31 Lúnasa 2020 agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Fulbright.

Fág freagra ar 'Dámhachtainí Fulbright bronnta ar chúigear chun an Ghaeilge a mhúineadh sna Stáit Aontaithe'