Daibhir v saibhir i dtoghchán na Brasaíle

An éireoidh le huachtarán sóisialach na Brasaíle, Dilma Rousseff, an dara téarma a bhaint amach Dé Domhnaigh? Níl ach oiread na fríde idir í agus a céile comhraic, an nua-liobrálach Aécio Neves. Tuairisc ón mBrasáil.

Aécio Neves
Aécio Neves, iarghobharnóir an stáit thábhachtaigh Minas Gerais

Dé Domhnaigh, tabharfaidh muintir na Brasaíle aghaidh ar na bothanna vótála don dara huair an mhí seo, chun a rogha a dhéanamh sa bhabhta deiridh den toghchán uachtaránachta.

Níor éirigh le hiarrthóir ar bith céatadán sách ard a bhaint amach sa chéad bhabhta ag tús na míosa. Is iad Dilma Rousseff, an t-uachtarán reatha, agus Aécio Neves, iarghobharnóir an stáit thábhachtaigh Minas Gerais, i lár na tíre, an bheirt atá fágtha sa rása.

Is í Rousseff iarrthóir Pháirtí na nOibrithe (PT), páirtí atá i gcumhacht le dhá bhliain déag anuas.

Den chuid is mó, leanann sí polasaithe an iaruachtaráin iomráitigh Lula, ar tháinig sí i gcomharbacht air ceithre bliana ó shin. Ach ní chuireann a pearsantacht saghas tur muintir na Brasaíle faoi dhraíocht mar a rinne stíl mhealltach Lula.

Tá stíl mhealltach, ‘uachtaránúil’ fiú, ag a céile comhraic, áfach. Is é sin Aécio Neves ó Pháirtí an tSóisialachais Dhaonlathaigh Bhrasaíligh (PSDB). In ainneoin an ainm, seo páirtí atá i lár speictream na polaitíochta.

Le scéal fada a dhéanamh gairid, breathnaítear ar Rousseff mar rogha na mbochtán agus ar Neves mar rogha lucht an rachmais.

Ó bhí an chéad bhabhta sa toghchán uachtaránachta ann trí seachtaine ó shin, tá aghaidh tugtha ag an mbeirt ar a chéile i bhfeachtas fíochmhar, inar tharraing ionsaithe pearsanta aird ó phríomhcheisteanna na díospóireachta: an eacnamaíocht, an córas oideachais, cúrsaí sláinte agus cúrsaí sábháilteachta.

Rinne an dá thaobh iarracht scéin a chothú i measc na vótóirí, agus d’éirigh leo. Tá faitíos ar lucht leanúna Rousseff go ndéanfaidh an nua-liobrálach Neves príobháidiú ar chomhlachtaí stáit, go ngearrfaidh sé siar ar thograí sóisialta, agus go méadóidh an bhearna idir saibhir agus daibhir.

Tá imní ar lucht leanúna Neves go gcúlóidh eacnamaíocht na tíre a thuilleadh má éiríonn le Rousseff an dara téarma a bhaint amach agus go deimhin go ndéanfaidh a páirtí, Páirtí na nOibrithe, stát sóisialach ar nós Veiniséala den tír má fhanann siad i gcumhacht ar feadh ceithre bliana eile.

Mar a bheifí ag súil leis, léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil Dilma Rousseff chun tosaigh sa leath ó thuaidh den tír, réigiún nach bhfuil chomh forbartha sin ó thaobh na heacnamaíochta de agus an leath ó theas, mar a bhfuil Aécio Neves chun cinn uirthi.

Tá súil le toradh na vótála go gairid tar éis a 23:00 oíche Dhomhnaigh, am na hÉireann. Beidh a fhios againn ansin cé a bheidh i gcumhacht sa Bhrasaíl nuair a bheidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i gcathair Rio de Janeiro i samhradh na bliana 2016.

 

 

Fág freagra ar 'Daibhir v saibhir i dtoghchán na Brasaíle'