Cur chuige ciotach ag an PSNI i leith na léirsithe Black Lives Matter

Ní go rómhaith a chruthaigh an PSNI i dtaobh na léirsithe Black Lives Matter, go háirithe agus an tseirbhís ag iarraidh muinín an phobail a chothú

Cur chuige ciotach ag an PSNI i leith na léirsithe Black Lives Matter

Tá ciníochas beo beathaíoch inár measc.

Ní chímid uafáis abhus ar nós na heachtra inar cailleadh George Floyd de bharr bhrúidiúlacht na bpóilíní i Minneapolis, ach níl údar gaisce againn ach oiread.

Ní neamhchoitianta atá ‘coireanna fuatha’, faraor. Tá caint chiníoch coitianta agus claonadh fo-chomhfhiosach forleathan mar a léiríodh san agallamh breá ar An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta leis an bhfear óg as Ard na Caithne, Franz Sauerland.

Nach suarach an léargas orainne go ndéarfadh duine óg ar pháirc na himeartha le buachaill eile filleadh ar na “cotton fields”?

Mór is fiú gur ghníomhaigh feidhmeannaigh Chumann Lúthchleas Gael chun pionós a ghearradh ar an gciontóir.

Ach seans nach mbíonn sinn sách airdeallach faoin gciníochas sa tsochaí ar an ngnáthbhealach.

Ní maith lenár bhformhór a rá le strainséir go bhfuil caint nó nath éigin do-ghlactha. Tá sé níos furasta nuair is gníomh atá i gceist – is féidir glaoch ar phóilíní nó idirbheart a dhéanamh mura bhfuil sé róchontúirteach.

Tá tine curtha faoi an-chuid daoine ag an tubaiste i Minneapolis agus imeachtaí i Meiriceá ó shin, cur agus cúiteamh faoi shábháilteacht léirsithe in am an choróinvíris san áireamh.

D’iarr na húdaráis ar dhaoine malairt slí a aimsiú chun agóid in aghaidh an chiníochais a dhéanamh mar go mbeadh baol go scaipfí an víreas ag léirsiú.

B’fhacthas do dhaoine a bhí oibrithe nach mbeadh éifeacht ar bith le bheith ag lasadh coinnle sa bhaile nó ag cur teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta. Theastaigh gníomh uathu chun a dtacaíocht don chine gorm i Meiriceá a thaispeáint go sonrach agus chun aird a tharraingt ar an gciníochas ina dtír féin.

D’eisigh an PSNI os cionn 70 fíneáil ar dhaoine a d’fhreastail ar léirsithe in aghaidh an chiníochais i nDoire agus i mBéal Feirste Dé Sathairn.

Tá dúshlán na bpionós le tabhairt sa chúirt, dlíodóirí ag maíomh go ndeachaigh na póilíní thar a gcumhacht. Is faoi na rialacha i dtaca le paindéim Covid-19 a eisíodh na fíneálacha.

Cibé cinneadh a dhéanfaidh an chúirt ar bhonn dlí, caithfear a rá nach go críonna a láimhseáil na póilíní na hagóidí ná cearta léirsithe an duine.

Thug siad faoin obair amhail is gur rogha í idir sláinte an phobail a chosaint le linn na paindéime nó cearta chun léirsiú go síochánta a dheimhniú.

Ba chosúil nár scrúdaíodh an raibh bealach ann chun an dá rud a dhéanamh in éineacht.

Nuair a cuireadh na srianta ar mhaithe le sláinte phoiblí i bhfeidhm i dtosach ghearr an PSNI fíneálacha ar dhaoine a bhí amuigh ag siúl, ach b’éigean dóibh éirí as nuair a ceistíodh cén dlí a thug an t-údarás dóibh fíneáil a ghearradh.

Ba chosúil go raibh a léamh ar na treoracha earráideach; fógraíodh nach bhféadfadh constábla fíneáil a ghearradh as a stuaim féin, go gcaithfí an cás a chur faoi bhráid na hardcheannasaíochta chun cead a fháil.

Idir sin agus an Satharn seo caite cuireadh suntas sna sluaite móra a bhí ar na tránna cúpla deireadh seachtaine as a chéile agus a laghad scaradh sóisialta a bhí á chleachtadh i bpáirceanna poiblí agus cois trá. Go ginearálta, ní dhearna an PSNI ach iarraidh ar dhaoine fanacht amach óna chéile nó a ghabháil abhaile.

Níorbh iontas ar bith é gur fhiafraigh lucht eagair na léirsithe Black Lives Matter cén difear a bhí idir iadsan, a rinne iarracht an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus na daoine ar thránna.

Réamhbheartú, sin é a bhí ag croí an scéil, dar le Príomh-Chonstábla Cúnta an PSNI.

Murab ionann agus lucht spraoi an deireadh seachtaine, bhí na léirsithe réamhbheartaithe, a dúirt Alan Todd ar an raidió.

Cé go raibh spásanna marcáilte ar na sráideanna mar a raibh na léirsithe ar siúl, bhí na póilíní den bharúil nach mbeadh sé indéanta daoine a choinneáil dhá mhéadar óna chéile. Ar an mbonn sin iompaíodh daoine ar shiúl nó gearradh fíneálacha orthu.

Tá comhad seolta ag an tSeirbhís Ionchúisimh.

Cháin Sinn Féin, an SDLP agus Pobal Seachas Brabús cur chuige an PSNI agus iad go léir den bharúil nár cheart an dlí a chur ar éinne agus gur bhotún iad na fíneálacha.

Bhí imní ar roinnt mhaith den phobal agus de na polaiteoirí faoi léirsithe in am an choróinvíris agus iad an-eaglach go mbrostófaí scaipeadh na haicíde Covid-19 arís.

Tá bunús réasúnach leis an bhfaitíos ach chothódh plódú na dtránna agus na bpáirceanna poiblí gan aon scaradh sóisialta an eagla céanna, ní áirím na céadta i scuainí ag siopaí.

D’aontaigh na póilíní le teachtaireacht na léirseoirí, a dúradar.

Murach an phaindéim bheidís ag seasamh gualainn ar ghualainn leo, arsa an Príomh-Chonstábla Cúnta.

Bhí marú George Floyd do-chosanta agus gan údar, ar sé.

Ba léir gur bharúil ionraic é sin ach níor leor é chun amhras faoi dhoiléire agus neamhréir chur chuige an PSNI a shárú.

Níor lá maith a bhí ann ag seirbhís atá ag iarraidh muinín inti a chothú i measc gach aicme.

Fág freagra ar 'Cur chuige ciotach ag an PSNI i leith na léirsithe Black Lives Matter'