Cuntas cuíosach ó Clooney ar shaol iar-apacailipteach

Saothar taitneamhach gan a bheith iontach a chuireann George Clooney agus a chomhghleacaithe os ár gcomhair in ‘The Midnight Sky’

Cuntas cuíosach ó Clooney ar shaol iar-apacailipteach

The Midnight Sky
Stiúrthóir: George Clooney
Cliar: George Clooney, Felicity Jones, David Oyelowo, Tiffany Boone, Demián Bichir, Kyle Chandler, Caoilinn Springall

Sa saothar ficsean eolaíochta seo, atá bunaithe ar an leabhar Good Morning, Midnight le Mark L. Smith, déanann George Clooney cuntas ar shaol iar-apacailipteach ar an domhan seo againne a fhí le spásthaisteal. Sa bhliain 2049 tá an domhan sna croití deireanacha de bharr eachtra anaithnid. Ar an drochuair níl de mhíniú againn ar na tubaiste seo ó thús deireadh an scannáin ach go ach go bhfuil radaíocht mharfach ag leathadh ar fud na cruinne ar luas lasrach. Tá an t-eolaí cumasach, aitheanta, cancrach Augustine (Clooney) é féin ar an dé deiridh agus cinneann sé fanacht leis féin i réadlann sa Chiorcal Artach fad is atá a chomhghleacaithe ag teitheadh ó dheas. Lá de na laethanta tagann sé ar chailín óg a dearmadadh, Iris (Springall).

In ainneoin a dhoichill, éiríonn siad ceanúil ar a chéile. Gríosaítear as an marbhántacht é agus tugann an bheirt acu faoi réadlann le córas cumarsáide níos cumhachtaí le gur féidir foláireamh a sheoladh chuig spásárthach atá ag filleadh ar domhan.

An misean a bhí ag Sully (Jones), Gordon (Oyelowo), Maya (Boone), Sanchez (Bichir) agus Mitchell (Chandler) na taisteal chuig K-23, ceann de ghealacha Iúpatair, le fáil amach an bhféadfadh an cine daonna cur fúthu ann.

 

Táid ag filleadh ar an bhfód dúchais dhá bhliain níos déanaí le “níos mó freagraí ná ceisteanna” agus port dearfach á sheinm acu. Tagann amhras is imní orthu nuair nach féidir leo aon teagmháil a dhéanamh le lucht na cruinne.

Tá roinnt mhaith míreanna eachtraíochta ar fud an scannáin. Tá ar Augustine agus Iris dul i ngleic leis an bhfuacht, an sneachta, an ghaoth fheanntach agus an leac oighir ag briseadh fúthu agus iad ag dul ar fothain. Tá réalachas thar na bearta ag baint leis na radharcanna seo a deineadh a scannánú san Íoslainn.

Tá na spásairí iad féin i ngalar na gcás. Iad ag déanamh ar an baile ina spásárthach cuidsúlach agus iad faoi ionsaí ag dreigcheatha. I mír iontach amháin bíonn orthu tabhairt faoi shiúlóid spáis le dul i mbun deisiúcháin agus tagann na dreigí sa chosán orthu arís. Téann an radharc áirithe seo go mór i bhfeidhm ar an tsúil agus tá réalachas iontach ag baint leis, más ceadmhach dom a leithéid a lua le scannán ficsean eolaíochta. Gan amhras cuireann seo ar fad leithéidí Gravity (2013) agus The Martian (2015), saothair atá i bhfad níos taitneamhaí i gcuimhne dom.

Is de réir a chéile a nochtar cúlraí na gcarachtar agus castaí an scéil linn. Léiríonn iardhearcthaí faoi Augustine gur scaoil sé thairis deiseanna gaoil a chothú le daoine eile. Déanann Clooney an t-aistear seo a láimhseáil go cáiréiseach agus cé raibh an cleas agus casadh maidir leis an gcailín óg ábhairín seanchaite tháinig sé aniar aduaidh orm. Dá bharr imímid ó na scéal mór agus radharcanna mórthaibhseacha go téamaí níos daonna, níos pearsanta. Tugann an chliar ar fad an taispeántas ábalta uathu. Taispeántas meáite, tochtmhar atá againn ó Clooney agus éiríonn le Springall mórán a chur in iúl gan mórán a rá.

Taibhsíodh dom ar uairibh go raibh cúrsaí malltrialach go maith go mórmhór nuair a bhí an eachtraí lonnaithe san Artach.  Lena chois sin is dóigh liom gur chuaigh loighic an scéil sa bhfraoch i dtreo an deiridh agus go raibh críoch phatuar againn. I ndeireadh na dála is saothar taitneamhach gan a bheith iontach atá againn anseo.

Fág freagra ar 'Cuntas cuíosach ó Clooney ar shaol iar-apacailipteach'