Tá cuntas ar shaol agus ar shaothar ceathrar mórGhael eile curtha leis an nBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.
Ar an gceathrar a bhfuil cuntas orthu foilsithe ar ainm.ie, tá Séamas Céitinn (1925-2020), teagascóir, scoláire agus drámadóir as Béal Feirste.
As oileáin Árann an triúr eile a bhfuil cuntais fúthu curtha le ainm.ie. B’as Inis Meáin, d’Úna Ní Chualáin (1871-1829), oide scoile agus bailitheoir béaloidis ceannródaíoch. Deirtear gurb í Úna an chéad bhean a chruinnigh aisti féin ó mhuintir Oileáin Árann bailiúchán suntasach d’ábhar béaloidis i nGaeilge.
Tá cuntas ar bheirt sheanchaithe mór le rá as Árainn curtha leis an mbunachar chomh maith, Seán Ó Díoráin (1873-1939), nó Seáinín Tom Sheáin, agus Colm Ó hIarnáin (1871-1924).
Tá breis is 1,800 beathaisnéis ar fáil ar ainm.ie atá faoi chúram Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, Cló Iar-Chonnacht agus Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis ar a bhfuil an bunachar bunaithe.
Is iad Alma Ní Bhroin, Tomás Ó hÍde agus Seán Mac Labhraí a sholáthair na ceithre chuntas is déanaí ar ainm.ie.
Fág freagra ar 'Cuntas beathaisnéise ceathrar Gael eile curtha le ainm.ie'