Cumainn Ghaeltachta cáilithe do chluichí ceannais peile i nDún na nGall agus sa Mhí

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí na gcumann Gaeltachta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo caite

Cumainn Ghaeltachta cáilithe do chluichí ceannais peile i nDún na nGall agus sa Mhí

Dún na nGall

Beidh Naomh Conaill ina rogha láidir na coitiantachta chun Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall a thabhairt leo i mbliana tar éis dóibh Cill Charthaigh a shárú sa chluiche mór i dTír Chonaill an deireadh seachtaine seo.

Farasbarr trí phointe a bhí ag fir na nGleanntach ar deireadh, 0-11 in aghaidh 0-8, i gcluiche a raibh críoch dhrámatúil leis. Ar comhscór a bhí na foirne ag leath ama, 0-4 an taobh, ach d’fhág trí phointe as a chéile ag Naomh Conaill bearna eatarthu leath bealaigh tríd an dara leath. Bhí deiseanna ag Cill Charthaigh comhscór a fháil ach rinne fear Naomh Conaill, Ciarán Thompson, blocáil iontach ar iarracht amháin agus cé go raibh an liathróid san eangach ag Paddy McBrearty ag fíordheireadh an chluiche, níor ceadaíodh an cúl. Chinn an réiteoir go raibh an tosach sa chearnóg bheag nuair a tháinig an liathróid ina threo.

Naomh Conaill agus Naomh Adhamhnán a bheidh i gcluiche ceannais an chontae, mar a bhí an uair dheireanach ar bhain Naomh Adhamhnán an cluiche ceannais amach in 2015. Fuair fir Leitir Ceanainn an ceann is fearr ar Naomh Micheál sa chéad chluiche leathcheannais a imríodh ag an deireadh seachtaine.

Bhí Naomh Micheál chun tosaigh agus cuid mhaith den chéad leath imeartha ach buaileadh drochbhuille orthu nuair a cuireadh an cosantóir Liam Paul Ferry den pháirc agus cárta dearg bronnta air. Bhí na foirne cothrom ag leath ama, 0-4 an taobh, agus ar feadh píosa maith den dara leath freisin ach d’fhág rúid chinniúnach Naomh Adhamhnán an cluiche acusan, 0-10 in aghaidh 0-5.

Sa Chraobh Idirmheánach, tá Cloich Cheann Fhaola ar ais sa chluiche ceannais tar éis dóibh Bun Cranncha a chloí, 2-11 in aghaidh 0-8. Paul Sweeney agus Aidan Doohan a fuair na cúil d’fhir na Gaeltachta. Na cúil a bhí cinniúnach sa chluiche leathcheannais eile idir An Clochán Liath agus Naomh Columba. D’aimsigh Dylan Sweeney sa chéad leath agus Oisín Bonner sa dara leath cúl an duine don Chlochán Liath agus ba iad an dá chúl sin a bhí idir na foirne ag an deireadh, 2-12 in aghaidh 0-12

An Mhí

Ba é Cian Ward laoch na himeartha agus an ceann is fearr faighte ag Bhulf Tón ar Ráth Tó chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Mí. Cúig phointe a d’aimsigh an t-iarimreoir contae sa chluiche 0-13 in aghaidh 1-8 agus bhí tionchar ar leith aige ar gach gné den imirt agus seaimpíní 2020 cloíte ag fir Bhaile Ghib.

Agus iad ag imirt le cóir na gaoithe sa chéad leath, bhí Bhulf Tón cúig phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-7 in aghaidh 0-2, agus cé go ndearna Ráth Tó teacht aniar, chuir cic éirice ó Éamon Wallace iad pointe chun cinn tar éis 52 nóiméad, fuair Bhulf Tón an chéad cheithre scór eile chun áit sa chluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair ó 2012. Is in aghaidh Dhún Búinne a bheidh Bhulf Tón sa chluiche ceannais faoi cheann coicíse.

Maigh Eo

Tá Béal an Mhuirthead cáilithe do bhabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo den chéad uair le beagnach dhá scór bliain tar éis dóibh bua gan choinne a fháil ar Bhréachmhaigh ag an deireadh seachtaine. Bhí fir na Gaeltachta ag brath go mór ar Ryan O’Donoghue go dtí seo sa chomórtas agus sheas an t-imreoir contae an fód arís chun Béal an Mhuirthead a thabhairt slán.

Bhí Bréachmhaigh, a chaill cluiche ceannais na bliana seo caite, chun tosaigh le pointe ag leath ama, 0-3 in aghaidh 0-2, ach thug cúl ó Fhionnán Ryan ag tús an dara leath an-spreagadh do Bhéal an Mhuirthead. Bhí Bréachmhaigh ar ais ar comhscór agus thart ar deich nóiméad fágtha ach chuir cúl den scoth ó Ryan O’Donoghue Béal an Mhuirthead chun cinn arís agus is ann a d’fhan siad go deireadh na himeartha agus an cluiche buaite acu 2-5 in aghaidh 0-8.

Imreoidh Béal an Mhuirthead in aghaidh Chathair na Mart i gcluiche leathcheannais faoi cheann coicíse.

Beidh Cill tSéadhna amuigh freisin faoi cheann coicíse agus bua ag teastáil uathu in aghaidh Bhalla chun áit a choinneáil sa Chraobh Shinsir Peile. Chaill Cill tSéadhna le cúig phointe in aghaidh na nDáibhéideach, 1-14 in aghaidh 1-9, sa chluiche leathcheannais dícháilithe ag an deireadh seachtaine.

Gaillimh

D’éirigh idir mhaith agus olc le foirne Chonamara i gCraobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Bhain Maigh Cuilinn áit amach sna babhtaí leathcheannais tar éis dóibh greadadh, 3-20 in aghaidh 2-11, a bhualadh ar an gCarn Mór. Fionn McDonagh, James Bradley agus Niall Mannion a fuair na cúil do Mhaigh Cuilinn sa chéad leath.

Cluiche ceannais dícháilithe in aghaidh Bhaile Átha an Rí atá i ndán don Spidéal sa chomórtas céanna tar éis d’fhir na Gaeltachta a gcluiche in aghaidh Chill Tormóir a chailliúint, 0-17 in aghaidh 1-9.

Fág freagra ar 'Cumainn Ghaeltachta cáilithe do chluichí ceannais peile i nDún na nGall agus sa Mhí'