Cuma na maitheasa ar Luimneach, fiú gan a laoch agus a gceannaire Declan Hannon

Cuireadh an-tús le sraith náisiúnta iománaíochta 2026 an deireadh seachtaine seo caite

Cuma na maitheasa ar Luimneach, fiú gan a laoch agus a gceannaire Declan Hannon

Ní haon tús mall marbhánta a cuireadh le Sraith Náisiúnta Iomána 2026. Bhí foirne ag iarraidh léiriú luath a thabhairt dúinn ar a meon, bhí drámaíocht dhéanach againn agus bhí comharthaí rabhaidh cheana féin againn i gcásanna áirithe.

I bPáirc Uí Chaoimh, thosaigh Corcaigh an-láidir le bua mór ar Phort Láirge, foireann a bhí gann roinnt de na himreoirí is fearr atá acu. An oíche roimhe sin, fuair Tiobraid Árann an ceann is fearr ar Gaillimh déanach san imirt, in ainneoin go raibh Gaillimh an-mhaith.

I gCill Chainnigh, b’éigean don fhoireann bhaile seasamh go dian i gcoinne Uíbh Fhailí, a rinne an cluiche an-chrua dóibh. In Inis, bhraith an Clár brú láidir ó Bhaile Átha Cliath, agus ba é cúl déanach Tony Kelly a thug an bua dóibh.

I Loch Garman, bhí scliúchas i ndeireadh an chluiche nuair a fuair an cúl báire Mark Fanning cúl an-déanach ó bhuille saor. Idir an dá linn, rinne Ceatharlach teacht aniar láidir sa dara leath chun an bua a bhaint amach i gcoinne an Dúin.

Ar an iomlán, babhta cluichí oscailte bríomhara a bhí ann gan aon bhogshodar, gan aon leithscéalta. Tá an tsraith tosaithe i gceart, agus ceisteanna dáiríre á gcur cheana. Dar ndóigh bhí contae tábhachtach amháin nár imir aon chluiche an deireadh seachtaine seo caite.

Cuirfidh Luimneach tús lena bhfeachtas amárach i bPort Láirge. Tá cuma mhaith orthu go dtí seo. Bhuaigh siad sraith na Mumhan agus tá deis tugtha acu do neart imreoirí.

Tá cúpla imreoir tábhachtach fós ar liosta na n-imreoirí gortaithe, Barry Nash agus Barry Murphy ina measc, agus tá Kyle Hayes ag filleadh de réir a chéile tar éis gortú trom muiníl a d’fhulaing sé ag imirt le Cill Díoma anuraidh.

Ní raibh feachtas sraithe maith acu anuraidh agus beidh siad ag iarraidh tús níos fearr a chur le ceann na bliana seo. An samhradh seo caite chaill siad cluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí tar éis cluiche dochreidte a socraíodh le pocanna pionóis, agus ba mhór an t-iontas an bua a fuair Baile Átha Cliath orthu i mbabhta leathcheannais na craoibhe, fiú agus gan ach 14 fear ar an bpáirc ag foireann na hardchathrach ar feadh formhór an chluiche.

Tar éis cúig bliana ina raibh ceannas acu ar shaol na hiomána, chríochnaigh Luimneach anuraidh gan trófaí ar bith agus bhí ceisteanna á gcur faoina dtodhchaí. Mar sin féin, cuireann siad tús leis an mbliain seo mar rogha na coitiantachta don chraobh agus iad gan a laoch, ceannaire agus captaen Declan Hannon.

Bhí mé ag oíche ómóis do Declan in Ardscoil Rís i Luimneach an deireadh seachtaine seo caite. Bhí maithe agus móruaisle shaol na hiománaíochta i Luimneach ann agus bhí na coirn mhóra go léir a d’ardaigh Declan mar chaptaen ar taispeáint ann. Seo an fear a threoraigh foirne chuig cúig chraobh na hÉireann, sé chraobh na Mumhan, trí Shraith Náisiúnta Iomána, Corn Mhic Giobúin, agus Corn an Artaigh. Ar an scáileán mór sa halla ina raibh an ócáid ar siúl, bhí buaicphointí a shaoil imeartha á dtaispeáint agus cad é mar scannán éachtach a bhí ann. Aon uair a labhraítear ar chaptaein bhuacacha, bíonn a ainm ag barr an liosta.

Ba léir arís is arís eile ó na píosaí físe ó Chorn an Artaigh, Corn Mhic Giobúin, craobh na Mumhan agus craobh na hÉireann, cé chomh lárnach a bhí sé agus an tionchar a bhí aige ar an bpáirc.

Ba phribhléid agamsa a bheith i láthair ag an ócáid, áit ar bhuaileas le chuid maith seanchairde.

Agus ar deireadh thiar thall, beidh an iománaíocht níos boichte dá uireasa, agus beidh bearna mhór le líonadh in iománaíocht Luimnigh. Agus mé ag scríobh faoi Declan agus Corn an Artaigh agus ar ndóigh, tá cluiche ceannais an chomórtais sin ar siúl in Inis um thráthnóna, Coláiste Fhlannáin Naofa in aghaidh an Aonaigh. De ghnáth bíonn gach a bhfuil iontach faoin gcomórtas seo le feiscint sa chluiche seo. Ní bheidh aon rud in easnamh anseo.

Beidh babhta a dó den tsraith ar siúl an deireadh seachtaine seo freisin. Bheinn ag súil go mbeidh ardchoimhlint idir Corcaigh agus an Ghaillimh i mBóthar na Trá anocht. Agus feicfimid conas a bheidh ag na ‘buachaillí nua’ ó Chill Dara agus iad i bPáirc Parnell anocht.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Luimneach, fiú gan a laoch agus a gceannaire Declan Hannon'