‘Cúis mhór díomá’ é nach bhfuil oiread is scoil Ghaeilge amháin ar liosta scoileanna nua na Roinne Oideachais

‘Neamhaird’ déanta ag an Roinn Oideachais ar an éileamh i measc an phobail ar an oideachas lán-Ghaeilge, a mhaíonn Gaelscoileanna Teo.

13/10/2015. Budget 2016. Pictured is Fine Gael Minister for Education and Skills Jan O'Sullivan TD at a Press Briefing in relation to todays budget in Government Buildings. Photo:/RollingNews.ie
Grianghraf: RollingNews.ie

Is “cúis mhór díomá” do Gaelscoileanna Teo. gur scoileanna Béarla a bheidh sa naoi n-iarbhunscoil agus sa cheithre bhunscoil nua atá le tógáil ag an Roinn Oideachais idir seo agus 2018.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais liosta inné de na scoileanna a thógfar sa tréimhse idir 2016 agus 2021. Le cois na scoileanna a thógfar, tá a thuilleadh scoileanna a gcaithfear caoi a chur orthu agus fógraíodh go bhfuil 27 bunscoil lán-Ghaeilge agus 16 meánscoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna a gcuirfear caoi orthu mar chuid de mhórthionscnamh tógála agus athchóirithe na Roinne Oideachais.

Tá go leor de na scoileanna sin ag feidhmiú i bhfoirgnimh atá á gcur ar fáil ar bhonn sealadach.

Cé go gcuireann Gaelscoileanna Teo. fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais, Jan O’Sullivan maidir le infheistíocht chaipitiúil a dhéanamh i scoileanna na tíre, tá díomá orthu go bhfuil neamhaird déanta ar scoileanna Gaeilge, go háirithe meánscoileanna.

“Déanann an cinneadh seo faillí san éileamh atá ann d’iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge. Tá aighneachtaí cheana féin faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le cúig cheantar ina bhfuil tuismitheoirí i mbun dianfheachtais le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a éileamh dá gcuid páistí, aighneachtaí nach bhfuil aon aitheantas tugtha ag an Aire dóibh sa ráiteas seo,” a dúirt urlabhraí thar ceann na heagraíochta.

Deir an eagraíocht freisin go bhfuil feachtais láidre ar bun le tamall ag tuismitheoirí i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus i Sligeach, agus go bhfágfar daltaí gan rogha a bheith acu dul le tumoideachas trí Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal.

Deir an eagraíocht go leanfaidh siad orthu “le stocaireacht ar son tuismitheoirí agus daltaí gur mian leo tumoideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh.”

Cé go bhfuil sé aitheanta ag an Aire O’Sullivan go bhfuil dóthain éilimh ar mheánscoil lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, áit ar bunaíodh aonad lán-Ghaeilge i 2014, níl sé i gceist an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt don éileamh seo go dtí 2019. Deir Gaelscoileanna Teo, áfach go bhfuil sé léirithe ag pobal an cheantair seo go bhfuil dóthain éilimh ann le meánscoil neamhspleách a oscailt láithreach bonn.

Dá bharr sin, tá iarrtha ag Gaelscoileanna Teo. ar an Aire soláthar cuí a dhéanamh do dhaltaí Chill Dara Thuaidh ó Mheán Fómhair 2016 agus meánscoil lán-Ghaeilge neamhspleách a cheadú i Maigh Nuad láithreach.

Fág freagra ar '‘Cúis mhór díomá’ é nach bhfuil oiread is scoil Ghaeilge amháin ar liosta scoileanna nua na Roinne Oideachais'