Cuirimse an chúis ar fad ar Stephen Cluxton

B’fhéidir nach ag na cúl báirí a bheidh pribhléid na gciceanna saora i dTrá Lí anocht ach tá an cluiche athraithe ó bhonn

Cuirimse an chúis ar fad ar Stephen Cluxton

Cuirimse an chúis ar fad ar Stephen Cluxton.

Ní hamháin go mbris sé ár gcroí leis an gcic saor cinniúnach sin i gcluiche ceannais na bliana 2011 ach bhris sé múnla na caide féin an lá céanna agus chuir claochló ó bhonn ar an gcic saor mar a tuigeadh dúinn go nuige sin é.

Toisc go bhfuil cúl báirí an lae inniu chomh haitheanta sin leis an gcic saor agus toisc gur geall le gnás faoin dtráth seo é bheith ag faire ar an gcúl báire ag sodar leis aníos, b’fhéidir gur ait linn inniu go ndeineadh oiread iontais de Cluxton a bheith ag tabhairt faoi chic na cinniúna breis is deich mbliana ó shin.

Cé go rabhamar cráite ag an am, ba mheasa ná san a bhíomar trí ráithe ina dhiaidh sin nuair a thosnaigh cúl báire Chiarraí féin Brendan Kealy ag tógaint na gciceanna saor i gcluiche leathcheannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí thíos i bPáirc Uí Chaoimh. Chuir Kealy trí cinn d’iarrachtaí amú an lá céanna agus cé go mb’fhearr liom go mbeidís seolta thairis an trasnáin aige, bhí sásamh aigne éigin ann dúinn sa mhéid is go dtuigeadh dúinn nach fada a bheadh ár mbáideoir i bun na gciceanna saora agus go dtaibhsíodh dúinn go mb’fhéidir gur béas é seo ná beadh buan.

Ní raibh muintir Chiarraí támáilte agus iad ag nochtadh a dtuairimí maidir leis an moilleadóireacht, dar leo, a bhí ar bun ag Cluxton agus é ag dul fé dhéin an chic sin in 2011 ach, b’sheo lenár gcuid féin an bhliain dar gcionn agus an ealaíon chéanna ar bun acu. Sinne, muintir Chiarraí,  an contae as a dtáinig Mikey Sheehy agus Maurice Fitzgerald, laochra agus lóchrann ár n-óige agus sinn ag cur fios ar chúl báire chun teacht chughainn aníos agus cúpla cic saor cinniúnach a thógaint in aghaidh an seana-namhaid ar a bpaiste féin i bPáirc Uí Chaoimh. Níor luigh san i gceart in aon chor linn. Bhíomar náirithe.

Buíochas le Dia, tháinig Bryan Sheehan chuige féin agus bhí blianta iontacha ina dhiaidh sin againn ag faire ar mháistir eile i mbun na ceirde. B’álainn an radharc as féin cic saor de chuid Bryan Sheehan agus tháinig ciall chun na Dubs féin ach a gcuireadh Dean Rock i mbun na gciceanna saora sna blianta, ó 2015 go dtí 2020, ina rabhadar ag glanadh a raibh rompu.

Ach fós féin, seo linn ag tús na bliana 2022 agus tá aicíd na gcúl báirí agus na gciceanna saor go rábach inár measc. Bhí ciorrú Geimhridh ag baint leis an anailís a deineadh ar an gcoimhlint spéisiúil agus ar an iomarbhá ceirde a bhí i gcluiche ceannais Uladh idir an dá chúl báire, Niall Morgan Thír Eoghain agus Rory Beggan Mhuineacháin.

Thug Beggan an sorcas céim eile chun cinn sa chéad bhabhta den tsraith náisiúnta Dé Domhnaigh seo caite nuair a ghlac sé le pas coise tríocha slat amach ó chúl Thír Eoghain, shocraigh é féin agus lascáil thairis an trasnán ó shlat is fiche amach. Dánaíocht agus dásacht a d’fhágadh aon ní a dhein Cluxton in áit na leathphingine agus a d’fhágfadh lucht an traidisiúin a chuaigh romhainn ag iompó béal fúthu sna teampaill.

Dála na haon ní eile sa tsaol, áfach, níl aon chúlú anois agus pé acu is áin linn é nó a mhalairt, níl aon tseans go raghfar thar n-ais go dtí uair go bhfanfadh an cúl báire ina staic ar a phaiste féin. Tá an fhianaise ann agus insíonn sí a scéal féin.

Dob é Raymond Galligan, cúl báire an Chabháin, an príomhaimsitheoir a bhí an deireadh seachtaine seo caite acu in aghaidh Liatroma i gcluiche i Roinn 4 le cúig cinn de phointí. Go deimhin féin, bhí seachtar báideoirí sna ranna go léir an tseachtain seo caite a d’aimsigh pointí ó chiceanna saora nó ó chiceanna 45 méadar. Don té a tógadh, a fáisceadh agus a múnlaíodh ag adhradh agus ag déanamh aithris ar Mhatt Connor, Mikey Sheehy, Maurice Fitzgerald, Larry Tompkins agus Brian Stafford, is deacair dom géilleadh ná fuil aoinne ar an seacht gcinn d’fhoirne sin níos fearr ná a mbáideoir chun cic saor a thógaint.

Le Seán O’Shea agus Dean Rock ag fiach is ag blathaíl timpeall ar Pháirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí anocht, ní dócha gur bhaol do Shane Murphy ná Evan Comerford go gcuirfear dualgas nó pribhléid na gciceanna saora orthu.

Beidh an dá fhoireann, Ciarraí agus Áth Cliath, luite amach orthu féin ag iarraidh neafaiseacht agus neamhshuim na seachtaine seo caite a chúiteamh leo féin agus lena lucht leanúna. Tá sé mós luath ag aon cheann den dá dhream a bheith ag breith chuchu féin maidir lena dtaispeántais ach tá comharthaí ann, leis na hathruithe atá déanta ón dá thaobh, go bhfuil ábhar beag níos mó ná an gnáth siar is aniar, sall is anall a leanann cúrsaí caide sa luathearrach.

Beidh Jack O’Connor agus pobal Chiarraí ag súil go gcífidh siad rud éigin i nDiarmuid O’Connor anocht a thabharfadh éachtaint dóibh go bhfuil bláthú éigin i ndán dó. Tá cuma i bhfad níos sláintiúla, leis, ar an líne leath tosaigh a bhí ábhar leachta in aghaidh Chill Dara Dé Domhnaigh, agus más aon slat tomhais an rud atá déanta cheana aige, creideann Jack O’Connor go láidir in imreoirí a lonnú san ionad ar an ngort is ansa leo féin. N’fheadar an mbogfaidh Seán O’Shea ón ndaichead slat as seo go deireadh na bliana?

Maidir le hÁth Cliath, bheidís briste, brúite, bailithe tar éis a dtreascartha i aghaidh Ard Mhacha. N’fheadar an gcreideann aoinne go bhfuilid ag sleamhnú chomh tapaidh is a taibhsíodh do scata seachtain ó shin. Ba cheart go mbeidh speach éigin iontu. Má tá, chífir anocht é.

Fág freagra ar 'Cuirimse an chúis ar fad ar Stephen Cluxton'