‘Cuireadh tástáil go leor cheana orainn agus thángamar slán’ – iarrtha ar an bpobal cur le chéile

Tá ceannairí na tíre ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann cur le chéile ar mhaithe le chéile agus srianta nua á gcur i bhfeidhm chun dul i ngleic le Covid-19

‘Cuireadh tástáil go leor cheana orainn agus thángamar slán’ – iarrtha ar an bpobal cur le chéile

Tá iarrtha ag ceannairí na tíre agus ceannairí poiblí eile ar mhuintir na hÉireann cur le chéile ar mhaithe lena chéile agus srianta nua á gcur i bhfeidhm chun moill a chur ar scaipeadh an ghalair Covid-19.

“Ní neart go cur le chéile” a dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar maidin i ndiaidh an fhógra go mbeadh scoileanna na tíre á ndúnadh agus srianta eile á gcur i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfaí beatha daoine a shábháil ach aire a thabhairt dá chéile.

“Tá a fhios agam go bhfuil creathadh mór bainte aige seo as daoine agus beidh athruithe móra le déanamh againn in ár saol.

“Tuigim go bhfuilim ag iarraidh ar dhaoine íobairtí ollmhóra a dhéanamh. Ar mhaithe lena chéile atáimid á dhéanamh. Ach cur le chéile is féidir an víreas a chur dá bhuille agus moill a chur air. Ach cur le chéile, mar aon náisiún amháin, is féidir linn beatha go leor daoine a shábháil.

“Cuirfidh sé seo as don gheilleagar. Tiocfaidh sé uaidh. Déanfar cúiteamh ar an am a chaillfear ar scoil nó sa choláiste.  De réir a chéile, beidh an saol ar ais mar a bhí.

“Thar aon rud eile, caithfimid ar fad aire a thabhairt dá chéile. Is iontach an náisiún í Éire. Agus is iontach an dream sinn. Ní hé seo an chéad uair againn cruatan agus streachailt a bheith le sárú againn. Cuireadh tástáil go leor cheana orainn agus thángamar slán a bhuíochas dár spiorad agus dár misneach. Beidh linn.”

Dúirt an Taoiseach go raibh sé tábhachtach cuimhneamh nach gcuireann an galar seo as rómhór d’fhormhór daoine, go háirithe daoine atá óg agus daoine atá ina sláinte.

“Is eol dúinn gur baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois agus daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu. Tá dualgas orainn mar phobal muid féin a chosaint agus thar aon rud eile daoine eile a chosaint – ár dtuismitheoirí, ár seantuismitheoirí, ár muintir, ár gcairde, ár gcomhghleacaithe oibre agus ár gcomharsana.

“Ní raibh a leithéid seo de phaindéim sa tír le cuimhne na ndaoine. Ní rabhamar sa chás seo cheana riamh. Gheallamar go ndéanfaimis an beart ceart ag an tráth ceart.

Mar threoir ghinearálta, lasmuigh den obair, ba chóir do gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir.”

Mheabhraigh an Taoiseach do dhaoine cloí le comhairle na saineolaithe maidir le cúrsaí sláinte.

“Féadfaidh tusa do chionsa a dhéanamh ach do lámha a ní, a bheith ag casacht agus ag sraothartach isteach i d’uillinn agus cúnamh leighis a lorg má bhíonn comharthaí sóirt an ghalair ort. Is tábhachtaí na treoracha anois ná riamh,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney go rabhthas ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann fanacht amach óna chéile.

“Tá laethanta agus seachtainí deacra romhainn agus ní éireoidh leis an Rialtas as féin é seo a dhéanamh.

“An beart is fearr gur féidir linn a dhéanamh ná moill a chur le scaipeadh na haicíde. Is mór againn na daoine is goilliúnaí sa phobal…

“Ait go leor, chun go mbeadh comhoibriú eadrainn táimid ag iarraidh ar dhaoine fanacht amach óna chéile. Cuirfidh na beartais as don chaidreamh a bhíonn againn gach lá agus ar cuid bhunúsach dínn é.”

D’iarr Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann ar an bpobal cúram faoi leith a dhéanamh d’oibrithe sláinte agus na srianta nua i bhfeidhm.

Dúirt Comhdháil na gCeardchumann gur den riachtanas go gcloífeadh oibrithe agus fostóirí leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

Dúirt an ICTU chomh maith nach féidir le hoibrithe túslíne, amhail oibrithe sláinte, a gcuid oibre a dhéanamh ón mbaile agus go mbeidh socruithe le déanamh maidir le cúram leanaí. 

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan go bhfuilimid fós sna chéad chéimeanna de Covid-19 agus nach bhfuil ach baol íseal ann an galar a fháil.

Tá na beartais nua á dtabhairt isteach chun scaipeadh an ghalair a laghdú, a dúirt sé. Dúirt an Dr Holohan nach raibh aon ghá a bheith ag carnadh earraí tí ná bia faoi láthair.

Dúirt ceannaire an INTO John Boyle gurb é an cinneadh ceart na scoileanna a dhúnadh.

“Tá a fhios agam go n-éireoidh lenár mbaill dul i ngleic leis an dúshlán seo, mar a rinne siad i gcónaí le bród as a ngairm,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh go raibh sé tábhachtach go leanfaí leis an bhfoghlaim fad atá na scoileanna dúnta.

Tá sé tábhachtach a rá gur tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

De ghnáth ní foláir do dhuine 15 nóiméad a chaitheamh i ngiorracht 1-2 méadar de dhuine a bhfuil an galar air chun go mbeadh sé i gcontúirt an galar a thógáil.

Fág freagra ar '‘Cuireadh tástáil go leor cheana orainn agus thángamar slán’ – iarrtha ar an bpobal cur le chéile'