Cuireadh go dtí seoladh chultúrlann Gaeilge nua do Nelson McCausland

Tá freagra tugtha ag lucht na cultúrlainne Gaeilge nua atá á tógáil in Ard Mhacha, ar an iar-aire cultúir a deir gur léiriú Aonach Mhacha ar an ‘éagóir’ atá á déanamh ar an gcultúr aontachtach

Cuireadh go dtí seoladh chultúrlann Gaeilge nua do Nelson McCausland

Tá cuireadh tugtha don iar-aire de chuid an DUP Nelson McCausland teacht go dtí seoladh oifigiúil Chultúrlann nua Gaeilge Ard Mhacha.

Scríobh McCausland, a bhfuil an cháil air go bhfuil dearcadh frith-Ghaeilge aige, colún ar an Belfast Telegraph an tseachtain seo caite inar cháin sé Aonach Mhacha, an chultúrlann £2 milliún nua atá á tógáil in Ard Mhacha.

Ina cholún, mhaígh McCausland gurb ionann Aonach Mhacha agus “the latest in a network of Irish language centres” ar meabhrú iad “that there has been a lack of cultural equality for far too long”.

Dúirt sé nár cheart don DUP glacadh le margadh ar bith maidir le Stormont a bhunú mura gcuirfí deireadh le “the preferential treatment for Gaelic culture”.

Mhaígh McCausland go raibh éagóir á déanamh ar an chultúr aontachtach fad is a bhí ‘€24 milliún’ caite ar fhoirgneamh don Ghaeilge.

Luaigh sé chomh maith “a new state-of-the-art building for Raidio Failte” a osclaíodh mí an Mhárta seo caite agus mhaígh sé gur léir “an-mheas” a bheith ar an Ghaeilge cheana agus nach dteastaíonn acht Gaeilge dá bharr.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Seán Ó Maoilsté, Stiúrthóir Aonach Mhacha, go raibh sé sásta leis an “dea-phoiblíocht” a tharraing alt McCausland ar an “obair mhór atá déanta in Ard Mhacha maidir le bunú an ionaid úir Ghaeilge”.

“Tá muid iontach sásta le Nelson as muid a chur chun cinn. Tá sé níos dóchasaí ná muid ó thaobh an dáta oscailte, áfach agus é luaite san alt aige go mbeidh an foirgneamh réidh faoi dheireadh an tsamhraidh. Beidh sé níos cóngaraí don bhliain úr faoin am go mbeidh críoch leis an fhoirgneamh,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur léir go raibh McCausland ag iarraidh “liathróid pholaitiúil a dhéanamh den teanga” agus gur éirigh le Gaeil Ard Mhacha “cúrsaí polaitíochta a sheachaint i gcónaí”.

“Rinne muid iarracht i gcónaí cúrsaí polaitíochta a sheachaint agus d’éirigh linn sin a dhéanamh. Tá muid ag iarraidh go mbeidh an áit nua ar fáil agus an teanga ar fáil d’achan duine ar mhaith leo sult a bhaint astu.

“Ní chuireann sé isteach nó amach orainn. Díolann Gaeilgeoirí cáin agus rátaí agus ní raibh cúis ar bith ann nach mbeadh airgead poiblí á chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge,” arsa Ó Maoilsté.

Dúirt stiúrthóir Aonach Mhacha gur léir nach raibh aon athrú poirt ag McCausland ó thaobh na Gaeilge de agus a thuairimí frithGhaeilge á nochtadh arís aige. 

“Bhí mé ag obair sa Roinn Oideachais na blianta ó shin agus ba í an chéad litir a d’oscail mé ná litir ó McCausland ag cur i gcoinne bhunú Gaelscoil, a bhí ina ‘absurd waste of taxpayers’ money’, dar leis.  Tá an port céanna á sheinm aige i gcónaí is cosúil,” a dúirt Seán Ó Maoilsté.

Thug Ó Maoilsté le fios go bhfuil sé i gceist ‘Aonach Mhacha’ a sheoladh le linn Sheachtain na Gaeilge 2020 agus go mbeidh cuireadh ag Nelson McCausland teacht go dtí an seoladh oifigiúil.

Tá cuireadh tugtha don Uachtarán Mícheál D.Ó hUiginn an t-ionad úr á sheoladh go hoifigiúil.

Fág freagra ar 'Cuireadh go dtí seoladh chultúrlann Gaeilge nua do Nelson McCausland'

  • Concubhar O Liathain

    Is cinnte gurb é sin an freagra béasach le tabhairt ar leithéidí Nelson agus a bhiogóideacht agus maith iad Aonach Mhacha as freagra a thabhairt. Is cinnte áfach nach mbeidh Nelson ar fáil le freastal ar an ocáid thabhachtach in Ard Mhacha mar b’fhearr leis go mbeadh sé maslaithe. Ní ar shon chultúr na hAontachta atá sé – agus cibé cén leagan den chultúr sin atá in aigne Nelson, ní leagan oscailte fáilteach é – ach in éadan cultúr na nGael. A leithéid siúd a chuirfidh deireadh leis an Aontas agus a thabharfaidh Éire arís do Cháit Ní Dhuibhir.