Cuireadh fainic ar May agus Johnson stad de ghealltanais faoi Éirinn nach gcomhlíonfaí

Dúirt iar-ambasadóir de chuid na Breataine chun na Bruiséile inniu gur beag fáilte a bhí roimh a chomhairle nár cheart a bheith ag déanamh geallúintí faoi chás na hÉireann a bhí ag teacht salach ar a chéile

Cuireadh fainic ar May agus Johnson stad de ghealltanais faoi Éirinn nach gcomhlíonfaí

Tá ráite ag iar-ambasadóir de chuid na Breataine chun na Bruiséile gur chomhairligh sé do Theresa May agus do Boris Johnson gur chóir dóibh éirí as a bheith ag déanamh geallúintí faoi chás na hÉireann a bhí ag teacht salach ar a chéile.

Dúirt an t-iarambadasóir Sir Ivan Rogers, a d’éirigh as i mí Eanáir 2017, gur chuir sé an chomhairle chéanna ar May agus Johnson i dtaobh cheist na hÉireann agus an Bhreatimeachta, is é sin gan a bheith ag tabhairt geallúintí nach bhféadfaí iad go léir a chomhlíonadh.

Ag labhairt dó ag coiste Breatimeachta in Westminster, dúirt Rogers inné nach mbíodh dóthain béime á leagan ar a thromchúisí is a bhí cás na hÉireann nuair a bhí sé ina ambasadóir chun na Bruiséile.

“Ní raibh dóthain béime againn air. Bhí sé soiléir gurbh é croílár na faidhbe…

“I measc na rudaí a dúirt mé leis an bpríomh-aire  ba lú a raibh fáilte aici rompu bhí rud a dúirt mé i bhfómhar 2016:  ‘Tá trí gheallúintí tugtha agat le dea-chroí do dhreamanna éagsúla, ach i ndáiríre tá siad ag teacht salach ar a chéile. Dúirt tú leis na hÉireannaigh nach dtógfaí aon teorainn chrua go deo trasna oileán na hÉireann. Dúirt tú le pobal na nAontachtach Daonlathach nach mbeadh aon difríocht go deo ann ón gcuid eile den Bhreatain Mhór. Agus dúirt tú leis an eite dheis i do pháirtí féin go bhfuil tú ag imeacht as an aontas custaim. Bhuel, ní féidir leat na trí rud sin a dhéanamh. Caithfidh tú péire acu a roghnú.’ Agus bhí an comhrá ceannann céanna agam leis an té a bhí ina rúnaí gnóthaí eachtracha ag an am [Boris Johnson],” arsa Ivan Rodgers.

Fág freagra ar 'Cuireadh fainic ar May agus Johnson stad de ghealltanais faoi Éirinn nach gcomhlíonfaí'