Cuir na mothúcháin ar leataobh, ní beart ciallmhar iad na smachtbhannaí

Is sólás iad na smachtbhannaí dóibh siúd a dteastaíonn uathu a ndéistin mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin a chur in iúl

Cuir na mothúcháin ar leataobh, ní beart ciallmhar iad na smachtbhannaí

Faighimis faoi réir. Tá pléascadh sa mboilsciú ar na bacáin, 8.7% de réir an ESRI, agus is tuar coimeádach é sin. I Sasana tá an boilsciú ag an ráta is airde le tríocha bliain. Agus luaitear cogadh na hÚcráine agus na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na Rúise ar na cúiseanna is mó leis seo.

Ar an taobh eile, is sólás iad na smachtbhannaí dóibh siúd a dteastaíonn uathu a ndéistin mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin a chur in iúl. Teastaíonn uathu rud éigin a dhéanamh a chuirfeadh brú ar an Rúis éirí as.

Mar a dúirt Criostóir Ó Faoláin sna tráchtanna ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite: ‘Ar cheart glacadh le barbarthacht na Rúise agus an cogadh mídhleathach atá tosaithe acu? Ar cheart go mbeadh aon chostas le n-íoc ag an Rúis as ionradh a dhéanamh ar thír eile?’

Ach is í an cheist bhunúsach ná cén tionchar atá ag na smachtbhannaí? An ndéanfiadh siad níos mó dochair dúinne, agus don Eoraip, ná mar a dhéanann siad don Rúis? An gcabhróidh siad le hathrú polasaí a bhrú ar an Rúis?

Mar a tharlaíonn tá a fhios againn go raibh an Rúis á cur in oiriúint do smachtbhannaí le blianta beaga anuas, ag aistriú a fócas trádála ón Iarthar go dtí an tOirthear.

Níl an t-aistriú sin curtha i gcrích go fóill, ach tá cuid mhaith den obair déanta.

Tá conarthaí nua ag an Rúis le tíortha ar nós na Pacastáine, na hIndia agus na Síne le hola, gás is cruithneacht a dhíol leo, conarthaí le  cibé bearna a thiocfaidh as smachtbhannaí na hEorpa is Mheiriceá Thuaidh a líonadh.

Agus in ainneoin na cainte mórtasaí gur pariah é Putin, is go bhfuil an domhan aontaithe in aghaidh na Rúise, is léir nach amhlaidh atá. Ní hionann an domhan mór agus Meiriceá Thuaidh is an Eoraip – agus is iadsan amháin atá ag cur smachtbhannaí i bhfeidhm.

Ach, mura bhfuil ach tionchar imeallach ag na smachtbhannaí ar an Rúis, tá tionchar mór acu ar an Eoraip.

Sin é an fáth go bhfuil an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír agus tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh amhrasach faoi smachtbhannaí ar ola nó gás, mar tá a gcuid monarchana is geilleagair ag brath ar an mbreosla Rúiseach. Dhéanfaí dochar mór dóibh dá mbainfí an breosla sin díobh.

Go deimhin tá an comhlacht Francach Renault i ndiaidh tús a chur in athuair lena gcuid táirgthe sa Rúis, agus tacaíocht ó rialtas na Fraince acu agus ag miondíoltóirí le gnó a dhéanamh leis an Rúis. Caint ar smachtbhannaí, an gnó mar is gnáth i ndáiríre.

Drochthionchar mar sin a bheidh ag na smachtbhannaí ar an Eoraip, ach ní bheidh na Stáit Aontaithe thíos leo chomh mór sin. Nó an é sin aidhm Mheiriceá, an caidreamh idir an Rúis agus an Ghearmáin a bhriseadh, stop a chur le Nordstream 2 agus an Eoraip a choinneáil ag brath ar Mheiriceá?

I ndáiríre tá cruth an domhain ag athrú. Tá comhghuaillíocht nua le feiceáil os comhair ár gcuid súl idir an Rúis agus an tSín. Agus, mar a mhíníonn an t-iriseoir Wolfgang Munchau ar Eurointelligence: 

“Séard a cheanglaíonn an Rúis agus an tSín le chéile ná an mhian choiteann atá acu go dtiocfadh siad amach ó thachtadh an dollair. Is ardán iontach iad na smachtbhannaí le rogha d’infreastruchtúr airgeadúil a thógáil, agus córais íocaíochta leis,” a deir Munchau.

“D’fhéadfadh,” a deir sé, “gurb é toradh na smachtbhannaí ná dídhomhandú airgeadúil a spreagadh.”

Ní thaitníonn na fíricí seo le daoine a dteastaíonn uathu pionós a chur ar an Rúis, ach nach bhfuil na fíricí céanna cruinn? Nach fíor go ndéanann na smachtbhannaí níos mó dochair dúinne ná don ‘namhaid’?

Nach chun ár leasa é mar sin gach iarracht a dhéanamh stop a chur leis an gcogadh chomh luath agus is féidir? Agus nach léir leis nach féidir stop a chur leis mura nglactar leis go mbeidh stádas neodrach ag an Úcráin, mar atá ag an bhFionlainn, ag an Ostair is eile?

Deir an Tánaiste (agus an fíorthaoiseach?), Leo Varadkar, go mbeidh 40,000 teifeach ón Úcráin anseo roimh deireadh an Aibreáin, agus maíonn an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue, go bhféadfadh 200,000 Úcránach teacht go dtí an tír seo.

Tá ísliú mór ag teacht ar ár gcaighdeán maireachtála, agus táim amhrasach an féidir linn glacadh leis an oiread sin daoine, beag beann ar an gcomhbhá ceart atá againn leo siúd atá ag iarraidh éalú ón gcogadh.

Agus ní dóigh liom, sa bhfadtéarma, go mbeidh an chuid sin dár muintir atá fágtha gan dídean róshásta má fheiceann siad teifigh ón gcoigríoch ag dul tharstu sa scuaine.

Fág freagra ar 'Cuir na mothúcháin ar leataobh, ní beart ciallmhar iad na smachtbhannaí'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Agus in ainneoin na cainte mórtasaí gur pariah é Putin, is go bhfuil an domhan aontaithe in aghaidh na Rúise, is léir nach amhlaidh atá.”

    Mar eolas do Eoin: Ar an 2 Márta vótáil 141 as 193 tír atá sna Náisiúin Aontaithe in aghaidh na Rúise, mar geall ar ionradh Putin ar an Ucráin. Vótáil 5 tír ar son na Rúise: North Korea, Syria, Eritrea, Belarus agus an Rúis.

  • Concubhar

    Ní beart ciallmhar iad na smacht bhannaí ach is beart morálta iad. An beart ciallmhar é ag Putin sléacht agus slad a dhéanamh ar an Úcráin; ar Mariupol is eile? Ní hea ná ní beart morálta ach chomh beag é. Is amhlaidh go bhfuil an argóint fánach atá ar bun ag Eoin ag iarraidh tochailt faoi freasúra an phobail don ionradh a rinne Putin ar an Úcráin. Níl ag éirí leis mar tuigeann muintir na hÉireann an cheart.

  • Seán Ó Floinn

    Is iontach an rud é go bhfuil saineolaí eacnamaíochta againn ar Tuairisc.ie agus go bhfuil sé in ann tionchar na smachtbhannaí ar an Rúis a thuar.