Cúig rud le faire amach dóibh agus Liverpool ag tabhairt aghaidh ar Manchester United inniu

Agus Liverpool ag tabhairt aghaidh ar Manchester United i gcluiche tábhachtach sa Phríomhroinn tráthnóna, caitheann Tuairisc.ie súil ar chúig rud le faire amach dóibh sa chluiche

Anfield. INPHO/Lorraine O'Sullivan
Anfield. INPHO/Lorraine O’Sullivan

Inniu, tabharfaidh Liverpool agus Manchester United aghaidh ar a chéile i gceann de na coimhlintí Sasanacha is mó a bhfuil stair ag baint leis. Faraor don dá fhoireann, níl ceachtar acu ag déanamh chomh maith faoi láthair agus a bheadh siad ag súil leis.

Mar sin féin, thabharfadh bua sa chluiche áirithe seo spreagadh ar leith don bhuaiteoir agus iad ag iarraidh dul chun tosaigh ar na foirne atá rompu sa tsraith.

INPHO/Lorraine O'Sullivan
INPHO/Lorraine O’Sullivan

An ar mhaithe na siamsaíocht a bheidh Van Gaal?

De réir tuairiscí i gcuid de na nuachtáin i Sasana, seans go mbeidh toradh an chluiche in Anfield inniu cinniúnach do Louis Van Gaal agus é ag iarraidh go mbeadh sé fós ina bhainisteoir ar United faoin am a dtagann an samhradh. Má chliseann go hiomlán ar United in aghaidh Liverpool, tuairiscítear go bhfuil an baol ann go dtabharfaí bata agus bóthar don Ísiltíreach.

Chonaic muid sa chluiche ar an Máirt go raibh stíl níos oscailte á cleachtadh ag Van Gaal agus níos mó deiseanna á gcruthú ag a bhfoireann dá bharr. Is í an fhadhb ná gur lig siad trí chúl isteach chomh maith. Is í an cheist atá le freagairt ag Van Gaal ná an bhfuil sé ag iarraidh cloí leis an stíl nua seo agus a phost i mbaol, nó an bhfillfidh sé ar an stíl chosanta chun go mbeadh seans níos fearr ann dea-thoradh a bhaint amach.

Simon Mignolet. Flickr/ShakeFrog
Simon Mignolet. Flickr/ShakeFrog

An gcuirfidh Klopp a mhuinín i Mignolet arís?

Thuas seal thíos seal a bhí Simon Mignolet ó tháinig sé go Liverpool. Sa chéad chluiche a d’imir sé don chlub sa Phríomhroinn i 2013, shábháil an Bheilgeach cic éirice sa nóiméad deireanach chun an bua a chinntiú do Liverpool in aghaidh Stoke. Chomh maith leis sin níor scaoil Mignolet oiread is cúl isteach in imeacht 16 chluiche sa tsraith anuraidh, éacht nach raibh déanta ag aon chúl báire eile. 

Faraor do Mignolet, tá go leor den dea-obair sin curtha ó mhaith ag na botúin atá déanta aige sa chúl. Fiú i gcluiche na seachtaine seo, ní raibh an cúl báire gan locht i gcás aon cheann de na trí chúl a scóráil Arsenal sa chéad leath. Faoi láthair, áfach, breathnaíonn sé nach bhfuil an dara rogha ag Jurgen Klopp ach coinneáil leis an mBeilgeach. Tá Adam Bogdan, an cúl báire eile atá ag Liverpool, níos measa fós agus cé iarr siad abhaile Danny Ward, a bhí ar iasacht ag Aberdeen, is beag seans go n-imreoidh sé a chéad chluiche do Liverpool in aghaidh United.

Roberto Firmino ag scóráil in aghaidh Arsenal. Twitter/@LFC
Roberto Firmino ag scóráil in aghaidh Arsenal. Twitter/@LFC

An gcoinneoidh Roberto Firmino leis ag scóráil in aghaidh na bhfoirne móra?

Cé gur íoc Liverpool beagnach £30 milliún ar Roberto Firmino an samhradh seo caite, níl dóthain feicthe againn den tosach chun breith cheart a thabhairt ar an mBrasaíleach. Níl an 90 nóiméad féin imeartha ach trí huaire aige sa Phríomhroinn i mbliana agus go minic ba in aghaidh na bhfoirne beaga a tugadh deis dó. Ní mór an gaisce atá déanta go nuige seo aige sna cluichí sin. 

Is aisteach linn an méid sin mar in aghaidh na bhfoirne móra, tá sárthaispeantais tugtha uaidh ag Firmino. Tá trí chúl scóráilte aige sa tsraith go dtí seo péire in aghaidh Arsenal agus ceann in aghaidh Manchester City. Chomh maith leis sin, bhí lámh aige i gcúil a scóráladh in aghaidh Leicester, Chelsea agus City, foirne atá chun tosaigh ar Liverpool sa tsraith. Is léir go raibh rath ar Firmino sna cluichí móra go dtí seo, cluichí b’fhéidir ina mbíonn níos mó spáis aige. Díol suime atá ann a fheiceáil an mbeidh an tionchar céanna ar an imirt aige in aghaidh United inniu.

Iarbhainisteoir United, Alex Ferguson. Alex Livesey/Getty Images)
Iarbhainisteoir United, Alex Ferguson. Alex Livesey/Getty Images)

Ceannas ag United fós ar an gcoimhlint seo

Níl aon amhras ach go bhfuil Manchester Utd tite siar le roinnt blianta anuas, go háirithe ó d’fhág Alex Ferguson i 2013. É sin ráite, níor éirigh le Liverpool leas a bhaint fós as meath United.

Ó d’éirigh Ferguson as, is ag United atá an lámh in uachtar i gcónaí agus trí cinn de na cúig chluiche sraithe idir na foirne buaite acu. Má théann tú siar cúpla bliain, is boichte fós an scéal do lucht tacaíochta Liverpool. As na naoi gcluiche is déanaí sa tsraith, tá sé cinn acu buaite ag United agus gan ach péire buaite ag Liverpool. Cé gur údar sásaimh é ag lucht tacaíochta Liverpool go bhfuil United ag streachailt faoi láthair, fós is iadsan féin is minice a bhíonn in ísle brí tar éis chathanna seo na gcomharsan.

Wayne Rooney. INPHO/Getty Images
Wayne Rooney. INPHO/Getty Images

Rooney ag iarraidh an beart a dhéanamh in aghaidh a shean-naimhde

Agus ceithre chúl scóráilte le trí chluiche anuas aige, tá Wayne Rooney anois ag tabhairt uaidh na taispeántais is fearr atá tugtha aige go dtí seo i mbliana. Ba é an cineál imreora Rooney i gcónaí a bhíonn thuas seal thíos seal ó thaobh na scórála de, ach faoi láthair tá biaiste scórála á dhéanamh aige i gcoinne na bhfoirne is mó a bhfuil gráin aige orthu.

Mar sin féin, ní i gcoinne Liverpool is mó a bhí rath ar Rooney. Sa 22 cluiche atá imeartha aige in aghaidh Liverpool, níl ach cúig chúl scóráilte aige, ráta scórála níos ísle ná mar atá aige i gcás beagnach gach aon fhoireann eile sa Phríomhroinn.