Cúig bhronntanas Nollag eile do na Gaeil i do shaol…

Tá feachtas, Nod na Nollag, á reáchtáil ar na meáin shóisialta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le moltaí agus comhairle a chur ar fáil do theaghlaigh maidir le bronntanais Nollag agus gnéithe eile d’fhéile na Nollag.  Is é seo an dara cuid i sraith dhá alt ina mbreathnaíonn Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí na heagraíochta, ar na bronntanais agus na nodanna Gaelacha atá ar fáil i mbliana don Nollaig.

Cúig bhronntanas Nollag eile do na Gaeil i do shaol…

Táirgí Gaeltachta

Is bealach iontach é seo le tacú le pobal na Gaeltachta nó le comhlachtaí Gaelacha táirgí a dhéantar sa Ghaeltacht a cheannach. Tá an iliomad comhlacht Gaeltachta ann agus ardchaighdeán earraí á dtáirgeadh acu. Tacaigh le fostaíocht sa Ghaeltacht trí chupáin is féidir a úsáid arís is arís eile a cheannach ó Cupán Cré i dTír Chonaill. Nach breá an bronntanas ciseán earraí agus meascán táirgí Gaeltachta istigh ann. Tá rogha den scoth ann – Cáis Ghabhair Árann agus crúsca sú Folláin, a dhéantar i mBaile Bhuirne agus Cáis Buabhaill Mhaigh Chromtha i gCorcaigh- istigh ann. Tá babhlaí deasa ar fáil ó Chriostal na Rinne agus lampaí gleoite ó Louis Mulcahy i nDún Chaoin. Cuardaigh an lógó ‘Gaeltacht na hÉireann’ de chuid Údarás na Gaeltachta ar tháirgí, léiríonn sé sin gur sa Ghaeltacht a rinneadh é. Tá rogha leathan de dhrioglanna agus lucht déanta pórtair sa Ghaeltacht anois nó cad faoi bhuidéal de Phoitín Mhicil?


Maisiúcháin Nollag

Feictear dúinn go bhfuil borradh mór tagtha ar an réimse maisiúcháin Nollag i nGaeilge atá ar fáil i mbliana. Chaithfeadh go bhfuil cumhacht san euro Gaelach! Tá réimse breá ag Dunnes Stores, bíonn corr-rud deas ag Mr Price, tá solas álainn ag Topline agus réimse faoi leith ag udar.ie. Nár dheas é rogha de na maisiúcháin seo a thabhairt mar bhronntanas do theaghlach ar d’aithne? Bíonn an oiread costais ar theaghlaigh um Nollaig go mbíonn na maisiúcháin ar bhun an liosta go minic. Sea is mó Gaeilge a fheiceann páistí thart orthu, sea is mó a threisíonn a muinín agus a meas ar an teanga agus feicfidh siad gur gnáthchuid den saol í a dteanga féin.


Páipéar agus málaí Nollag

Seo bronntanas don bhfíorGhael a bhfuil gach aon ní faoin spéir aige/aici cheana féin (nó go deimhin don duine atá ag iarraidh ligean air féin gur fíorGhael é). Páipéar Nollag lena gcuid bronntanas féin a chlúdach agus mála len iad a chur síos ann. Hó, Hó Hó, beidh siad faoi do chomaoin go deo! Tá páipéar agus málaí ar fáil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta agus tá mála deas ar fáil ó Dunnes Stores chomh maith.


Cluichí ríomhaireachta & Aip Cúla 4

Is mó tuismitheoir a bhíonn ag iarraidh na dóitíní a choimeád slán ó na scáileáin ach mo léan, bíonn na scáileáin agus na fearais leictreonacha go hard ar liosta na mianta croí um Nollaig. Má tá Fear na Féasóige ag tabhairt táibléad nó ipad isteach sa tigh an Nollaig seo is fiú a chinntiú go mbeidh aip Cúla4 air. Togha agus Rogha na gcartún Gaelach agus na gcluichí atá ar fáil agus beidh Santaí in ann é a íoslódáil gan stró. Bíonn leithéidí an PS4, Nintendo Switch & Xbox i gceist chomh maith ar ndóigh agus tá ábhar Gaeilge ar fáil do roinnt de na fearais seo. Tá muid féin i mbun litir a scríobh chuig Santaí féachaint an bhféadfadh sé saineolaí sna cluichí ríomhaireachta a mholadh do lucht eagarthóireachta Tuairisc.ie a scríobhadh alt le cur síos a dhéanamh ar an ábhar Gaeilge atá ar fáil do na fearais seo agus treoracha praiticiúla (treoracha an-phraiticiúil…) a thabhairt do thuismitheoirí faoin tslí is fearr le teacht ar an ábhar céanna.


Scannáin Ghaeilge

Ní gá costas mór a chur ort féin ag ceannach féiríní um Nollaig. Ní gá gur féirín i mbosca ná i mála a bheadh i gceist ach an oiread. Beidh go leor scannáin dheasa ar TG4 i gcaitheamh na Nollag, Shrek agus Happy Feet go háirithe. Ceannaigh mála mór popcorn, suigh síos os comhair na tine leis na dóitíní agus bain sásamh as comhluadar a chéile. Déan taifead ar na scannáin agus beidh siad agat amach sa bhliain chomh maith. Is fada linn féin go gcloisfidh muid cén chanúint a bheidh ag Shrek! ‘Caidé mar atá tú a Fhiona a thaiscí’, ‘Conas atánn tú a Fhiona a chroí deoil’ nó ‘Cé chaoi bhfuil tú a Fhiona a leainín?’. Beidh sé ina chraic!

Cúig bhronntanas Nollag do na Gaeil i do shaol…

Fág freagra ar 'Cúig bhronntanas Nollag eile do na Gaeil i do shaol…'

  • Buachaill

    Níor cuireadh san áireamh anseo é ach tá fo-éadaí gaelacha Nollag le fáil ar http://www.buachaill.com

    Is fo-éadaí gaelacha iad agus táid le fáil i gceithre mhéid – beag, meánach, mór, agus ollmhór.

  • Tomás de Buitléir

    Maidir le táirgí Gaeltachta, is fiú go mór tacú leo ach nach mór an trua nach bhfuil ach focal nó dhó Ghaeilge ar na suíomhanna gréasáin uilig?