Cúig ábhar cainte faoi sceideal an fhómhair ar TG4…

Conarthaí ollsoláthair, ‘an polasaí débheannach’, Finky, Hector, Dev agus Bádóirí… Caitheann ár léirmheastóir teilifíse súil ar na nithe suntasacha i Sceideal Fómhair TG4

Cúig ábhar cainte faoi sceideal an fhómhair ar TG4…

Bláth faoi dheireadh ar na conarthaí ollsoláthair?

Ceapadh Alan Esselmont ina cheannaire ar TG4 in 2016 agus níor thóg sé i bhfad air dul i mbun gnímh lena fhís den stáisiún a fhíorú. I dtosach na bliana dár gcionn fógraíodh athrú mór ar an gcóras coimisiúnaithe agus cinneadh déanta dul i muinín conarthaí ilbhliana/ollsoláthair. Do Thadhg an mhargaidh in earnáil na teilifíse, is éard a bhí i gceist leis seo ná níos lú comhlachtaí léiriúcháin ag soláthar níos mó clár thar thréimhse níos faide.

Do Thadhg an mhargaidh ar an gcúits, is éard  a bhí i gceist ná go rabhamar báite in athchraoltaí fad is bhí an córas nua in arraingeacha na breithe.

Ní gá ach leathshúil a chaitheamh ar an sceideal nua, rannóg an gclár faisnéise agus pobail, ach go háirithe, le feiscint go bhfuil an córas nua ar a bhonnaibh anois. Ní hamháin go bhfuil leithéidí Finné, Tabú, Bailte, Turas Bóthair agus Bádóirí ar ais do shéasúr eile ach tá saothair againn faoi scéal an uchtaithe in Éirinn, Uchtú, faoin saol ar Thoraigh, Toraigh – Creag Bheag i Lár na Farraige, faoin tréimhse a chaith Dev i Meiriceá, De Valera i Meiriceá, faoin nGaeltacht, Gaeltacht 2020, agus a lán ábhar eile nach iad. Beifear ag súil anois go gcuirfidh na saothair nua seo borradh faoin lucht féachana ar tháinig laghdú 6% anuraidh air.

Cláir don ‘chroíphobal’

Fógraíonn polasaí “débheannach” an stáisiúin go neamhbhalbh tiarnúil go mbíonn cláir á ndéanamh don chroíphobal (cainteoirí líofa Gaeilge) agus don phobal náisiúnta (gach duine eile). Agus an pacáiste eolais faoin sceideal nua á scagadh thugas suntas ar leith do rannóg amháin dar teideal ‘Scéalta Pobail’. Bhí an rannóg seo lán le saothair a shamhlófá a bheadh dírithe ar chainteoirí líofa: Turas Bóthair, Seoda Bhailiúchán na Scol, Bailte, Bádóirí, Gaeil Bhoston, cláir an Oireachtais agus Gaeltacht 2020. Déanfaidh an tsraith dheireanach acu sin iniúchadh ar “na nithe is mó atá ag déanamh tinnis do phobal na Gaeltachta sa lá atá inniu ann”. Más mall is mithid, ach an amhlaidh gur pobal niche a ndéantar cláir niche dóibh pobal na Gaeilge anois i súile TG4?

Céard faoin nGaeilge sna cláir eile?

Cacadh ar an huibheacha ó thaobh na teanga anuraidh sa tsraith Laochra Gael mar a raibh cainteoirí líofa Gaeilge ag labhairt as Béarla agus na rannpháirtithe ar fad nach mór ag labhairt as Béarla. Is fada lucht teanga ag cáiseamh go bhfuil damba an Bhéarla briste agus go bhfuil an tseanriail neamhscríofa úd, go gcaithfeadh 70% (ar a laghad) d’aon chlár nua a choimisiúnófaí a bheith i nGaeilge, caite i dtraipisí. Leis an raidhse clár faisnéise atá chugainn beidh sé suimiúil a fheiscint an bhfuil aon ní foghlamtha ag lucht déanta clár ón bhfothragadh anuraidh. Ar éisteadh? Ar athraíodh? 

Cine4 ar an bhfód

Tá cad é bús le tamall faoi na saothair dhrámaíochta a thiocfadh as an gcomhghuaillíocht idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá na bric seo á dtabhairt ar an bport faoi dheireadh.

Saothar aigneolaíoch é Finky atá bunaithe ar an gcarachtar Micí Phincí Ó Foghlú. Scannán “spleodrach lán samhlaíochta é” dar leis an léirmheas a bhí ar an suíomh seo nuair a taispeánadh an fadscannán ag Fleá Scannán na Gaillimhe i rith an tsamhraidh. Tá an saothar Arracht ón gcomhlacht Macalla suite i rith an Ghorta Mhóir. Dúirt Alan Esslemont i rith an tsamhraidh go bhfuil sé mar sprioc aige go mbuafadh saothar de chuid Cine4 duais Oscar lá breá éigin. Tá an mhian chéanna agam féin. Is mór an trua, áfach, go mbeidh na saothair seo sna pictiúrlanna sara mbeidh siad le feiscint ar TG4. Ní féidir é a bheith ina ghruth is ina mheadhg againn.

Is iad na scannáin seo an t-aon rud a bheidh ar siúl ag TG4 in iomaire na drámaíochta feasta. Cuimhnigh gur tugadh cúl ar fad leis an tsraith drámaíochta teilifíse, mórsheánra ealaíne chultúr na linne, seans, chun díriú ar fhadscannáin Cine 4. B’fhearr dóibh a bheith go maith.

An Spórt agus an ceol mar mháithreacha leis an sceideal i gcónaí

Tá raidhse clár in iomairí an spóirt is an cheoil chugainn as seo go ceann bliana.

Leanfar leis an gclúdach cuimsitheach ar imeachtaí spóirt: an Pro 14, Peil na mBan, Craobhchomórtas na gClubanna, na Sraitheanna Allianz agus a lán eile nach iad. Taibhsítear dom go bhfuil RTÉ ag bolathaíl timpeall ar spórt TG4 le tamall. D’fhógraíodar le déanaí go bhfuil fúthu guailleáil isteach i gCraobhchomórtais na gClubanna. Beidh an chéad rogha ag TG4 i gcónaí ach an bhfuil piarda mór Dhomhnach Broc tosnaithe ag cantáil a choda ar stáisiún Bhaile na hAbhann? Tá súil agam go mbeidh CLG dílis don tindeáil atá déanta ag TG4 orthu le bliana fada.

Fág freagra ar 'Cúig ábhar cainte faoi sceideal an fhómhair ar TG4…'