Cuid de rannpháirtithe na ‘Ravelóide’ fógartha

Tá Kíla, na Hothouse Flowers, Altan, Seo Linn agus The Riptide Movement i measc na mbannaí a chloisfear ag seinm ag an bhféile cheoil nua Ghaeilge

delorentos1
Na Delorentos, ceann de na grúpaí a chloisfear ag Ravelóid sa Mheitheamh

Tá na bannaí ceoil a chloisfear ag seinm ag an bhféile cheoil nua Ghaeilge ‘Ravelóid’ fógartha tráthnóna.

Is é an láithreoir raidió, Eoghan McDermott atá ag seoladh na féile nua i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath anocht.

Is sa Mheitheamh a bheidh an fhéile cheoil ar siúl, ag Caisleán Ard Giolláin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. I nGaeilge a chasfar na hamhráin ar fad a chloisfear ag Ravelóid, agus i measc na mbannaí ceoil a bheidh ag seinm ag an bhféile, tá Kíla, na Hothouse Flowers, Altan, Delorentos, Heathers, Seo Linn, The Riptide Movement, Na Firéin, Mundy agus Rís, gan ach cuid acu a lua.

Is ar an 10 agus an 11 Meitheamh a bheidh an fhéile ar siúl. Ag caint dó ar 2fm tráthnóna, dúirt duine le lucht eagraithe na féile, Tommy Ó Conghaile, go bhfuil fáilte roimh chách ann, bídís líofa i nGaeilge nó ná bíodh, agus go bhféadfaí Ravelóid a chur i gcomparáid le leithéidí Body & Soul.

Is i gCearnóg Theach an Tionóil a roinnfear an chéad chuid de chlár Raveloid leis an bpobal anocht agus tá i gceist ag lucht eagraithe na féile na ceoltóirí agus na healaíontóirí eile a bheidh páirteach ann a fhógairt as seo go tús na féile.

Beidh amhránaithe agus damhsóirí sean-nóis ina measc siúd a bheidh le cloisteáil agus le feiceáil ag an seoladh anocht.

Is féidir ticéid a cheannach le haghaidh na Féile agus tuilleadh eolais a fháil faoi ach dul chuig raveloid.ie