Cuairt tugtha ag 14.5 milliún ar foclóir.ie le deich mbliana anuas

7,000 iontráil a bhí san fhoclóir ar líne nuair a seoladh é i dtús na bliana 2013 agus 48,000 iontráil atá anois ann

Cuairt tugtha ag 14.5 milliún ar foclóir.ie le deich mbliana anuas

14.5 milliún duine a thug cuairt ar foclóir.ie sna deich mbliana ó seoladh an foclóir nua Béarla-Gaeilge.

7,000 iontráil a bhí san fhoclóir ar líne nuair a seoladh é i dtús na bliana 2013 agus 48,000 iontráil atá anois ann agus 145,000 aonad céille ag dul leo.

D’fhéach an 14.5 milliún duine a thug cuairt ar an suíomh ó 2013 i leith ar 193 milliún leathanach le linn 38.5 milliún seisiún.

An lá ba mhó tráchta a bhí riamh ag an bhfoclóir ná 26 Eanáir 2021, lá ar thug nach mór 34,000 duine cuairt ar an suíomh. Ar an meán, caitheann daoine beagán os cionn seacht nóiméad ar an suíomh in aghaidh an tseisiúin, rud a fhágann gur chaith úsáideoirí foclóir.ie 4.6 milliún uair an chloig ag cuardach ar an suíomh ó seoladh é.

In Éirinn a bhí 70% d’úsáideoirí an tsuímh le deich mbliana anuas, i Meiriceá a bhí 16% agus sa Bhreatain a bhí 6%.

Bhain breis is 40,000 duine san India úsáid as an bhfoclóir le deich mbliana anuas, 6,000 i gCatar a thug cuairt ar an suíomh. Rinne 700 in Iamáice, 500 sa Phalaistín agus 100 in Siarra Leon amhlaidh.

Dúirt Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, nach aon scéal nua ag lucht an fhoclóra féin líon na ndaoine a bhaineann úsáid as mar go gcoimeádann siad súil ghéar ar an trácht ar an suíomh.

“Bíodh sin mar atá, is údar mór sásaimh dúinn go bhfuil an oiread sin daoine ag dul i muinín an fhoclóra seo,” arsa Cormac Breathnach.

“Ligeadh gort na foclóireachta in Éirinn chun báine tar éis fhoilsiú An Foclóir Beag i 1992 ach tosaíodh á threabhadh arís nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999.

“Is mór an dul chun cinn atá déanta ó shin agus an toradh is mó ar an obair sin ná an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge. Táimid an-sásta anois gur léir go bhfuil pobal na teanga tar éis glacadh le foclóir.ie mar cheann dá bpríomhfhoinsí tagartha. Is ábhar misnigh dúinn go háirithe an úsáid a bhaintear as an bhfoclóir sna scoileanna agus sna hinstitiúidí tríú leibhéal.”

Nuair a sheol Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn foclóir.ie in 2013, ba iad na focail ‘nua-aimseartha’ a bhí sa treis ná app (aip), bondholder (sealbhóir bannaí), cloud computing (néalríomhaireacht), cyberbullying (cibearbhulaíocht), exit strategy (straitéis éalaithe), ghost estate (scáileastát), live streaming (beoshruthú), nanotechnology (nanaitheicneolaíocht), negative equity (cothromas diúltach), podcast (podchraoladh), retweet (atvuít), toxic debt (fiachas bearnaithe), tweet (tvuít).

Mar chuid den cheiliúradh 10 mbliana ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge i mbliana, tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge gearrchlár faisnéise a choimisiúnú le léargas a thabhairt ar an tionscadal ó 2013 i leith.

Fág freagra ar 'Cuairt tugtha ag 14.5 milliún ar foclóir.ie le deich mbliana anuas'