Cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge curtha ar ceal de dheasca easpa polaiteoirí

Tháinig toscaireacht ón Roinn Talmhaíochta i láthair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna inné ach d’fhág siad arís gan ceist ar bith a bheith curtha ná freagra ar bith a bheith tugtha

Cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge curtha ar ceal de dheasca easpa polaiteoirí

Chathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Catherine Connolly

Cuireadh cruinniú na seachtaine seo de Choiste Oireachtais na Gaeilge ar ceal tráthnóna inné toisc nach raibh dóthain ball Oireachtais i láthair.

Ní ceadmhach cruinniú de choiste Oireachtais a reáchtáil mura bhfuil córam i láthair, is é sin an Cathaoirleach, Teachta Dála amháin agus Seanadóir amháin.

Tuigtear go raibh díomá ar Chathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh Catherine Connolly faoin méid a tharla inné agus go bhfuil sé i gceist aici scríobh chuig na páirtithe go léir i dTeach Laighean chun a ndualgais i leith an choiste a mheabhrú dóibh.

An Cathaoirleach agus beirt Teachtaí Dála eile a bhí i láthair inné don chruinniú den choiste Gaeilge, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Ó Muineacháin, ach ó tharla nach raibh aon Seanadóir i láthair ní fhéadfaí dul ar aghaidh leis an gcruinniú.

De réir rialacha Thithe an Oireachtais bhí ar Chathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an cruinniú a chur ar ceal nuair nár baineadh córam amach tar éis 15 nóiméad.

Is annamh a chuirtear cruinnithe coiste ar ceal mar gheall go bhfuil an córam chomh híseal agus is minic go mbíonn fáil in am an ghátair ar dhuine den 60 Seanadóir sa Seanad fiú mura mbíonn ann ach teacht i láthair ag tús cruinnithe chun gur féidir leanúint ar aghaidh leis.

De réir shuíomh an Oireachtais, seachtar Teachtaí Dála, an Cathaoirleach san áireamh, agus ceathrar Seanadóirí – Rónán Mullen (NS), Joe O’Reilly (FG), Brian Ó Domhnaill (FF) agus Niall Ó Donnghaile (SF) – atá ina mbaill den choiste.

Bíonn cead ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí eile seachas na baill freastal ar chruinnithe coiste más mian leo.

Toscaireacht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhí in ainm is a bheith á ceistiú ag na polaiteoirí ag cruinniú an lae inné agus cé go raibh an toscaireacht i láthair i Seomra Coiste 4 i dTeach Laighean bhí orthu fágáil arís gan ceist ar bith  a bheith curtha ná freagra ar bith a bheith tugtha.

Soláthar na Roinne Talmhaíochta maidir le seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha a bhí le bheith mar ábhar cainte ag an gcruinniú a bhí in ainm is tosú ag 4pm.

Fág freagra ar 'Cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge curtha ar ceal de dheasca easpa polaiteoirí'

  • Pól Ó Braoin

    Tá scéal eicint le n-inseacht maidir le tábhacht chúrsaí Gaeilge i dtithe an oireachtais sa méid seo, cheapfainn. Cén chaoi a mbeifear in ann aon cheo a shocrú nuair nach dtiocfaidh siad chomh fada leis an gcruinniú?