Tá litir seolta ag an ngrúpa feachtais Bánú chuig Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus cruinniú á lorg leis na fadhbanna atá ag tionóntaí in eastát tithíochta de chuid na Comhairle Contae a phlé.
Deir Bánú go bhfuil “easpa cothabhála” á déanamh ar thithe sóisialta de chuid na comhairle ar an gCeathrú Rua agus i Leitir Mealláin agus go bhfuil muintir na Gaeltachta á mbrú amach as ceantair atá láidir ó thaobh na Gaeilge de go ceantair atá níos laige.
Tuairiscíodh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhfuil teaghlaigh á mbogadh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe as Leitir Mealláin, i gcroílár na Gaeltachta, go Bearna, ar imeall na Gaeltachta.
Deirtear sa litir a cuireadh go dtí a Stiúrthóir Tithíochta na Comhairle, Damien Mitchell go bhfuil daoine á mbogadh as tithe mar go bhfuil “fuinneoga agus doirse lochtacha” iontu agus “báisteach ag teacht isteach i gcuid acu”. Deirtear gur deacair cuid eile de na tithe a théamh mar go mbíonn “an ghaoth ag séideadh isteach trí fhuinneoga nach bhfuil ag dúnadh i gceart a thuilleadh”.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Bhánú gur chuir an scéal go bhfuil an Chomhairle Contae ag aistriú daoine amach as tithe i Leitir Mealláin go Bearna “alltacht” air.
Dúirt Ó hÉallaithe go bhfuil Bánú ag iarraidh ar an gComhairle Contae tithe nua sóisialta a thógáil ach gur mór an náire é don Chomhairle nach bhfuil cothabháil á déanamh ar na tithe atá acu cheana féin.
Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Máiréad Farrell nach gcuireann an scéal “iontas ar bith uirthi”, nach “rud eisceachtúil” é agus gur “fadhb leanúnach” é a leithéid de scéal ar fud an chontae agus ar fud na tíre.
“Tá sé seo ag dul ar aghaidh timpeall an chontae ar fad, sa chathair, agus timpeall an stáit ar fad. Tá mé ag plé leis na cúrsaí seo le tamall sách fada,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin ar Adhmhaidin.
Dúirt Farrell gur “rud uafásach” é go bhfuil tithe fágtha i ndrochriocht ag an gComhairle Contae agus gur chóir rud éigin a dhéanamh faoi. Dúirt sí nach bhfuil an t-airgead á chur ar fáil do na húdaráis áitiúla le dul i ngleic leis an obair chothabhála a chaitear a dhéanamh agus nach bhfuil an fhoireann ag an gComhairle Contae i nGaillimh leis an obair a dhéanamh.
“Tá mé tar éis a rá le tamall fada gur chóir go mbeadh printíseacht ann i dtéarmaí cothabháil sna tithe sóisialta atá ann ar fud an chontae.
“Ba chóir go mbeadh siad ag fostú daoine i bhfostaíocht chuí agus fostaíocht mhaith agus ba chóir go mbeadh siad ag déanamh an obair dheisiúcháin seo. Is cuid den ghéarchéim thithíochta é seo ar fad,” a dúirt Farrell.
Dúirt an Teachta Dála do Shinn Féin gur tharraing sí an cheist aníos sa Dáil cheana féin ach go bhfuil sé i gceist aici an t-ábhar a lua arís i dTithe an Oireachtais.
“Beidh mé á ardú seo sa Dáil arís cinnte, mar tá sé uafásach, cuireann sé seo brú ar dhaoine i dtaobh cúrsaí meabhairshláinte agus sláinte de. Níl sé go maith a bheith i dteach atá lochtach nach bhfuil na fuinneoga ag dúnadh i gceart ann, ná a bhfuil an braon anuas ann,” a dúirt sí.
Dúirt an Comhairleoir Contae do Chonamara Theas, Michael Leainde go bhfuil beartas na comhairle daoine a aistriú ó Leitir Mealláin agus an Cheathrú Rua ag imirt drochthionchar teanga ar an nGaeltacht.
“Bhí clann amháin a raibh mé ag caint leo agus bhí siad féin le cur isteach [go Bearna], ach bhí siad ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge i gConamara. Má théann siad soir ansin, is Béarla uilig a bheidh ag na gasúir mar is Béarla uilig a bheidh thart orthu.
“Ba mhaith leo go mbeadh an Ghaeilge ag an gcéad ghlúin eile atá ag teacht ina ndiaidh,” a dúuirt sé.
Dúirt Leainde go bhfuil sé ag plé le tionóntaí i 16 theach i gConamara le sé mhí anuas ach nach bhfuil “aon sásamh” á fháil aige ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
“Tá na tithe i ndrochrath, tá an áit taobh amuigh coinnithe iontach ag na tionóntaí ach tá na tithe a bhfuil siad ina gcónaí ann go dona. Tá an bháisteach isteach ann trí na fuinneoga, tá fuacht aisteach isteach trí na doirse. Tá mé ag fáil tinn ag iarraidh caoi a chur ar na tithe don dream seo,” a dúirt sé.
Dúirt Leainde go bhfuil teaghlaigh “bailithe isteach go Bearna” cheana féin mar tá “tithe nua” tógtha ansin ach gur cheart go mbeadh na tithe sóisialta atá ag na tionóntaí atá fanta thiar i gCeantar an nOileán agus an Cheathrú Rua ar chaighdeán a d’fheilfeadh do na saolta seo, beag beann ar an uair a tógadh iad.
“Tá a fhios agam féin cúpla lánúin atá bailithe isteach go Bearna mar tá na tithe sin nua, agus bhí drochbhail ar na tithe a bhí acu. Sa lá atá inniu ann, in 2026, ba cheart go mbeadh siad ag caighdeán a bhfuil chuile dhuine in ann maireachtáil iontu,” a dúirt sé.
Mhaígh Máiréad Farrell go raibh polasaí na Comhairle Contae “ag cur daoine in aghaidh a chéile” mar gheall ar an éileamh atá ar an tithíocht shóisialta i mBearna cheana féin.
“Tá sé ag cur daoine in aghaidh a chéile. Más rud é go bhfuil daoine á mbogadh ó áit amháin go háit eile, go tithe atá ar fáil i gceantar eile, tá a fhios againn nach bhfuil a ndóthain tithe ar fáil agus go bhfuil daoine ar liosta feithimh [i mBearna]. Tá sé sin ag cur daoine i gcoinne a chéile.
“Tá an locht anseo ar an rialtas. Tá sé seo ag tarlú ar fud an stáit. Níl siad ag cur maoiniú ar fáil dó gus níl siad ag earcú foireann atá in ann déileáil leis seo. Ní hé go bhfuil daoine a dhéanann cothabháil ar thithe leisciúil agus nach bhfuil siad á déanamh,” a dúirt sí.
Ach dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Bhánú gur dóigh leis féin nach ceist airgid atá ann ach ceist bhainistíochta. Mhaígh sé nach raibh “aon chóras ceart bainistíochta” ag an rannóg tithíochta sa Chomhairle Contae le cothabháil a dhéanamh ar na tithe sóisialta atá acu.
“Ba cheart go mbeadh Comhairle Chontae na Gaillimhe, atá ag bailiú cíosa ó na daoine seo, ba cheart go mbeidís ag breathnú i ndiaidh na dtithe sin. Tá na tithe go hálainn, tá an t-eastát i Leitir Mealláin coinnithe go hálainn ag na daoine ach an fhadhb atá ann ná an tiarna talún atá acu – an Chomhairle Contae – tá siad tar éis iad a ligean síos go dona.
“Ní dóigh liom gur ceist airgid é, b’fhéidir go bhfuil ganntan foirne acu ach is féidir dul agus dream príobháideach a fháil. An rud a cheapann muide anseo i mBánú, ba cheart dream príobháideach a fháil a bhfuil scileanna acu san obair seo. Ba cheart liosta a dhéanamh den obair atá le déanamh, an costas a mheas agus nuair a bheidh sé sin déanta dul agus na fadhbanna a réiteach,” a dúirt sé.
Leag Ó hÉallaithe béim freisin ar an dochar atá á dhéanamh ag an scéala seo don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus dúirt go bhfuil cinneadh na comhairle daoine a bhogadh amach as a gceantar dúchais ag cur isteach ar an bpobal féin.
“Más é an réiteach atá acu daoine a bhogadh go Bearna, Uachtar Ard nó an Clochán, tá sé sin ag déanamh dochar don Ghaeilge mar theanga bheo phobail i gConamara. Níl na daoine seo ag iarraidh bogadh as an áit inar tógadh iad, áit a bhfuil a gcuid gasúr ar scoil.
“Tá na scoileanna i gcuid de na ceantair seo gann cheana féin. Tá sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh pobal Gaeltachta a choinneáil beo go mbeadh na daoine seo in ann fanacht ann,” a dúirt sé.
Luadh ábhair eile a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht sa litir a sheol Bánú chuig an gComhairle Contae freisin. Tá an grúpa ag éileamh le tamall tithe atá ar an margadh ag Tearmann Éanna Teo. a athchóiriú le húsáid chun tithíocht a sholáthar do dhaoine i gCeantar na nOileán agus i gceantar Chois Fharraige.
Tá iarrtha freisin ag Bánú ar an rannóg tithíochta sa Chomhairle “athbhreithniú a dhéanamh” ar an Straitéis Forbartha Tithíochta “le go mbeidh soláthar ceart déanta” chun freastal ar “riachtanais tithíochta an phobail mhóir Gaeltachta ó na Forbacha siar go Carna” agus Oileáin Árann.
Luaitear sa litir freisin an “easpa córas fuíolluisce” atá ina “constaic” ar chuid de na suíomhanna atá ag an gComhairle Contae i nGaeltacht na Gaillimhe. Éilítear tús a chur le próiseas faoina bhféadfaí mionchórais fuíolluisce a chur ar fáil le go bhféadfaí talamh “a fhorbairt ar mhaithe le tithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht”.
“Le Gaeilge na Gaeltachta a chaomhnú is a neartú i gConamara Theas agus in Oileáin Árann do na glúnta atá le teacht, tá géarghá don Chomhairle Contae dul i ngleic leis an bhfadhb thithíochta sa Ghaeltacht, ag obair i gcomhpháirtíocht le háisíneachtaí stáit eile,” a deirtear sa litir.
Pól Ó Braoin
Bíonn cineál faitís orm tuairimí a thabhairt níos mó sna boscaí moltaí seo Thuairisc mar gheall ar an gcinsireacht choscrach, ach caithfidh mé dul sa seans agus a rá go bhfeicim an easpa chomhbhá atá ag rialtas na tíre seo lenár nGaeilge agus lenár ngaeltachtaí agus níl anseo ach léiriú eile ar an scéal mar atá. Nî bheidh mé in ann bhóta a thabhairt dóibh an chéad uair eile más mian liom go mairfidh ár dteanga agus na pobail a bhfuil sí acu.