Daingean Uí Chúis 0-23 Naomh Bríd 1-19
Ní dhéanann siad rudaí furasta dóibh féin sa Daingean. Craobh na Mumhan buaite leis an gcic deireanach. Cluiche ceannais na hÉireann buaite i ndiaidh am breise. Anois, tá an ceann is mó buaite acu agus is sna soicindí deireanacha d’am breise a rinne siad an beart i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.
Bhí tréimhsí ann sa gcluiche seo ina raibh an chuma ar an scéal go raibh sé buaite agus ansin caillte ag an Daingean ach thug siad an svae leo le haon phointe amháin ar deireadh agus Corn Andy Merrigan buaite ag cumann Gaeltachta den chéad uair riamh.
Ceathrar de mhuintir Uí Ghéibheannaigh a thosaigh an cluiche ceannais i gcoinne Naomh Bríd i bPáirc an Chrócaigh agus rinne gach duine acu a gcuid, ach ba é an cúigiú duine acu, an t-ionadaí agus seanfhondúir Mikey Geaney, a bhuaigh an cluiche ceannais don Daingean.
Agus fir Chorca Dhuibhne pointe chun deiridh san 80ú nóiméad, rinne Mikey díshealbhú iontach thiar sa chosaint chun an liathróid a bhuachan ar ais. Tugadh an liathróid suas an pháirc agus chuir Tom O’Sullivan na foirne ar comhscór lena chúigiú pointe den tráthnóna.
Bhí cúpla nóiméad fanta go fóill agus an liathróid i seilbh Naomh Bríd d’fhormhór díobh ach píosa cosanta den scoth eile a chruthaigh an seans deireanach d’fhir Chorca Dhuibhne. D’éirigh le Tom Leo O’Sullivan lámh a chur le pas a bhí curtha isteach i dtreo Ben O’Carroll agus deis amháin eile a thabhairt don Daingean. Tugadh an liathróid suas taobh na láimhe deise, cuireadh trasna na páirce í chuig Mikey agus, tar éis dó pasanna a bhabhtáil le Tom O’Sullivan, chuir sé iarracht thar an trasnán lena chiotóg chun an cluiche a bhaint faoi dheireadh don Daingean.
Ar shéideadh na feadóige, rith fir ionaid an Daingin isteach chun ceiliúradh a dhéanamh ach ní hí an fheadóg dheiridh a bhí inti agus bhí ar an réiteoir iad a ruaigeadh ón bpáirc chun tús a chur léi arís. Ní raibh siad i bhfad ag filleadh áfach le tús ceart a chur leis gcóisireacht.
Ní fhéadfá gan trua a bheith agat do Naomh Bríd agus cluiche ceannais na hÉireann caillte acu sna nóiméid dheireanacha den dara huair in imeacht dhá bhliain ach bhí an bua tuillte ag an Daingean ar éigean.
Ba é Mikey Geaney a fuair an scór cinniúnach ach ba é a chol ceathrair Dylan a roghnaíodh mar laoch na himeartha agus 0-6 aimsithe aige. Ba in am a ghátar a tháinig formhór na scóranna sin, idir chic dhá phointe a d’aimsigh sé sa 42ú nóiméad nuair a bhí an Daingean trí phointe chun deiridh agus an dá phointe eile a d’aimsigh sé in am breise nuair a bhí teacht aniar eile le déanamh ag an Daingean.
Bhí Tom O’Sullivan, ar bhásaigh a sheanmháthair i rith na seachtaine, ar dhuine de na himreoirí is fearr ar an bpáirc sa gcéad 30 nóiméad agus trí phointe aimsithe aige sa gcéad leath. Cé nach raibh sé chomh feiceálach céanna sa dara leath, tháinig sé chun cinn arís sa dara chuid d’am breise agus é ag croílár na rudaí maithe go léir a rinne a fhoireann.
Bhí Mark O’Connor féin ina laoch. Bhí sé i chuile chuid den pháirc fuair sé scór dhá phointe agus rinne sé blocáil den scoth i mbéal chúl an Daingin ag deireadh an 60 nóiméad. Ach ní hiad na boic mhóra amháin a sheas an fód don Daingean. Trí phointe a d’aimsigh Tadhg Browne ón líne leatosaithe. Dhá phointe a fuair Conor Flannery agus bhí an obair chosanta a rinne sé agus leithéidí Brian O’Connor agus Tom Leo O’Sullivan ríthábhachtach.
Ar an taobh eile, bhí sé an-dian ar Conor Hand, Shane Cunnane agus ar Ruaidhrí Fallon go háirithe gur fágadh gan tada Naomh Bríd. 1-6 a scóráil Fallon agus ba é an leathchúlaí a d’aimsigh an cúl chun Naomh Bríd a chur 1-10 in aghaidh 0-10 chun cinn ocht nóiméad isteach sa dara leath agus is é a shábháil curaidh Chonnacht san am cúitimh ag deireadh an 60 nóiméad le scór dhá phointe dochreidte a chuir Naomh Bríd ar comhscór. D’aimsigh Fallon trí phointe eile ag tús am breise chun buntáiste mór a thabhairt do Naomh Bríd ach, mar a bhí i gcónaí i mbliana, bhí freagra ag an Daingean.
Ba iontach an tús a chur na Ciarraígh leis an gcluiche agus iad 0-5 in aghaidh 0-1 chun tosaigh théis 10 nóiméad ach tháinig Naomh Bríd ar ais go láidir le pointí ó leithéidí Fallon, Shane Cunnane agus Ben O’Carroll bhí fir Ros Comáin 0-7 in aghaidh 0-5 chun cinn agus 22 nóiméad ar an gclog. D’aimsigh Tadhg Browne agus Tom O’Sullivan scóranna tapa chun an Daingean a chur ar an mbóthar ceart arís ach d’aimsigh Bobby Nugent péire eile do Naomh Bríd ag deireadh an chéad leath chun iad a fhágáil 0-9 in aghaidh 0-7 chun tosaigh ag an mbriseadh agus frustrachas ar an Daingean gur chuireadar an tús maith amú.
Ba léir fiú roimh thús an chluiche nach raibh Paul Geaney go hiomlán istigh leis féin. Tar éis dó bualadh leis an réiteoir chun an bonn a chaitheamh in airde, rith Geaney agus an fisió díreach i dtreo na seomraí feistis chun cóireáil bhreise a fháil ach d’imir sé an cluiche uile agus ba é a d’aimsigh an chéad scór den dara leath le pointe breá.
Bhí an Daingean ar ais ar comhscór sa 36ú nóiméad nuair a d’aimsigh Mark O’Connor iarracht ó lasmuigh den stua 40m ach níor mhair an chothromaíocht i bhfad. Bhuail iarracht ar scór dhá phointe ó Conor Hand an trasnán ach ba é Ruaidhrí Fallon ab airde a léim nuair a thit sí arís i mbéal an chúil agus chuir sé an liathróid go cúl na heangaí lena dhorn.
D’fhéadfadh gur dhúisigh an scór sin fir an Daingin áfach mar bhí siad ar ais chun tosaigh laistigh de dheich nóiméad agus scóranna faighte ag Dylan Geaney (0-3) agus Paul Geaney (0-1) chun iad a chur 0-14 in aghaidh 1-10 chun cinn agus ceathrú uaire fágtha.
D’fhág dhá phointe as a chéile ó Tadhg Browne go raibh an Daingean 0-16 in aghaidh 1-11 chun tosaigh agus níos lú ná deich nóiméad fágtha agus ba spreagadh eile dóibh an bhlocáil den scoth a rinne Mark O’Connor ar iarracht ar chúl Brian Stack. Bronnadh cic ’45 go mícheart ar Naomh Bríd san eachtra sin, áfach, cic a shlánaigh Shane Cunnane. Chuir Paul Geaney dhá phointe idir na foirne arís in am cúitimh ach tugadh deis amháin eile do Ruaidhrí Fallon faoi Ardán Uí Ógáin agus chuir sé cic álainn thar an trasnán agus bhí na foirne ar chomhtharrac arís.
Bhí an baol ann ag an bpointe sin go raibh a ndeis caillte ag an Daingean ach ar ais leo uair amháin eile chun an dara craobh uile Éireann a thabhairt siar go Corca Dhuibhne in imeacht seachtaine.
Daingean UÍ Chúis: G Curran; Brian O’Connor, T L O’Sullivan, P O’Connor; T O’Sullivan (0-5), C Flannery (0-2, 1dp), A O’Connor; M O’Connor (0-2, 1dp), Billy O’Connor; N Geaney, M Flaherty, T Browne (0-3); C Geaney (0-1, cs) P Geaney (0-3, 1cs), D Geaney (0-6, 1dp). Fir Ionaid: N Ryan in áit Billy O’Connor (50 nóim), M Geaney (0-1) in áit Flaherty (58 nóim), Seán Óg Moran in áit Browne (70 nóim), M Flaherty in áit A O’Connor (78 nóim).
Naomh Bríd: C Carroll; P Frost, S Trundle, R Dolan; R Fallon (1-6, 2dp), B Stack (0-1), P McGrath; S Cunnane (0-5, 1dp, 1 ’45), E Nolan; C Sugrue, C Hand (0-3), B Nugent (0-2, 1cs); B O’Carroll (0-1), M Daly, B Derwin.
Fir Ionaid: R Stack in áit Nugent (48 nóim), C O’Carroll (0-1) for B O’Carroll (55 nóim), S Kilbride in áit Daly (58 nóim), O Derwin in áit Sugrue (70 nóim), B O’Carroll in áit B Derwin (70 nóim), O Sheehy in áit McGrath (76 nóim),
Réiteoir: Martin McNally (Muineachán).
Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann ag dul siar ó dheas go dtí an Daingean i ndiaidh lá i bPáirc an Chrócaigh nach ndéanfar dearmad go deo air'