‘Covid Cara’ – grúpa tacaíochta d’oibrithe riachtanacha na paindéime bunaithe ag bean Ghaeltachta

Tá grúpa deonach bunaithe ag an aisteoir agus an scríbhneoir aitheanta Linda Bhreathnach chun seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’oibrithe sláinte agus d’oibrithe riachtanacha eile

‘Covid Cara’ – grúpa tacaíochta d’oibrithe riachtanacha na paindéime bunaithe ag bean Ghaeltachta

Tá grúpa tacaíochta d’oibrithe riachtanacha na paindéime bunaithe ag an aisteoir agus an scríbhneoir aitheanta Linda Bhreathnach as Ros Muc i nGaeltacht Conamara.

Chuaigh Bhreathnach, a bhain céim mháistreachta amach sa tsíceolaíocht i mbliana, i mbun comhairle le lucht bunaidh an ghrúpa ‘New York Covidcare’ agus í ag iarraidh a macasamhail de sheirbhís a chur ar fáil in Éirinn.

‘Covid Cara’ an t-ainm atá ar an ghrúpa deonach a bhfuil mar aidhm aige seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’oibrithe sláinte agus d’oibrithe riachtanacha eile le linn na paindéime.

Bealach atá sa ghrúpa le síceolaithe, comhairleoirí, fisiteiripeoirí, saineolaithe cothúcháin agus teiripeoirí eile a chur ar fáil do dhaoine atá ag obair ar an ‘líne thosaigh’ a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, a dúirt Linda Bhreathnach.

Is seirbhísí saor in aisce iad ar fad agus is oibrithe deonacha iad na daoine atá páirteach sa ghrúpa.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Linda Bhreathnach, go raibh scór oibrí deonach ag obair ar an ​tionscnamh agus réimse leathan seirbhísí tacaíochta ar fáil.

“Tá teiripí éagsúla ar fáil agus meascán maith daoine réidh lena gcuid seirbhísí a chur ar fáil. Níl le déanamh anois againn ach an scéal á scaipeadh na hospidéil agus áiteanna eile le daoine a chur ar an eolas faoi,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Covid Cara’ – grúpa tacaíochta d’oibrithe riachtanacha na paindéime bunaithe ag bean Ghaeltachta'