Corn an Dochtúra Mhic Uidhir ag Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair cloíte faoi dheireadh

Tar éis dóibh trí chluiche a imirt i gcoinne a chéile, ní raibh ach aon phointe amháin idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill i gcluiche a imríodh faoi shoilse aréir. Pictiúir: INPHO/Evan Logan

Is iad Naomh Conaill seaimpíní Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2019 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaoth Dobhair aréir sa dara hathimirt ar an gcluiche ceannais

 

Is beag a bhí idir na foirne arís an uair seo i mBealach Féich. Cúilín John O’Malley sa 59ú nóiméad a thug an bua d’fhir na nGleanntach, 0-8 in aghaidh 0-7

 

Bhí an bua seo an-speisialta do Naomh Conaill a chaill sa chluiche ceannais le dhá bhliain anuas

 

Cé go raibh an cluiche á imirt faoi shoilse i lár na seachtaine, cuireadh moill deich nóiméad ar thús an chluiche mar go raibh go leor daoine fós ar a mbealach isteach chuig Páirc Mhic Cumhaill

 

D’aimsigh Cian Mulligan an chéad scór sa chluiche do Ghaoth Dobhair ach thóg Naomh Conaill ceannas ar an gcoimhlint sa tréimhse ina dhiaidh sin

 

D’aimsigh Charles McGuinness agus Ciarán Thompson pointí sa chéad cheathrú uaire a d’fhág go raibh Naomh Conaill cúpla pointe chun tosaigh, 0-3 in aghaidh 0-1

 

Bhí Michael Carroll ag imirt ar fheabhas do Ghaoth Dobhair, áfach, agus d’aimsigh sé dhá phointe sa chéad leath. Cúilín amháin a bhí idir na foirne ag leath ama agus Naomh Conaill chun cinn ar éigean, 0-5 in aghaidh 0-4

 

Buaileadh buille mór ar Ghaoth Dobhair ag leath ama nuair a taispeánadh cárta dearg d’Eamon McGee i ndiaidh eachtra a tharla agus na foirne ag dul i dtreo na seomraí feistis. D’aimsigh Naomh Conaill an chéad dá chúilín sa dara leath agus bhí siad trí phointe chun tosaigh

 

Tháinig Gaoth Dobhair ar ais go láidir sa cheathrú uaire deireanach agus d’aimsigh Michael Carroll, Odhrán Mac Niallais agus Éamonn Ó Colm cúilíní a d’fhág na foirne ar comhscór agus an t-am beagnach caite, 0-7 an taobh.

 

Bhí dóthain ama ag John O’Malley leis an scór cinniúnach a fháil, áfach, chun seaimpíní Dhún na nGall agus Uladh 2018 a shárú faoi dheireadh

 

Bhronn cathaoirleach bhord an chontae Mick McGrath Corn an Dochtúra Mhic Uidhir ar chaptaen Naomh Conaill, Ciarán Thompson

 

Is é leathchúlaí cliatháin Naomh Conaill, Ethan O’Donnell, a roghnaíodh mar laoch na himeartha agus Craobh Shinsir Dhún na nGall tugtha leo ag fir na nGleanntach den cheathrú huair

 

Charlie McGuinness, nia le hiarbhainisteoir Dhún na nGall Jim, ag ceiliúradh i ndiaidh an chluiche

Fág freagra ar 'Corn an Dochtúra Mhic Uidhir ag Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair cloíte faoi dheireadh'