Corcaigh ag teacht chucu féin ach Dún na nGall chun cinn orthu

Dhá fhoireann iad Corcaigh agus Dún na nGall atá ag dul ar gcúl le cúpla bliain anuas ach tá Dún na nGall ábhairín níos fearr i gcónaí

Corcaigh ag teacht chucu féin ach Dún na nGall chun cinn orthu

Dún na nGall v Corcaigh, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Tá Corcaigh tagtha chucu féin tar éis do Thiobraid Árann teacht aniar aduaidh orthu níos luaithe sa chraobh, ach ní bheidh aon údar gaisce i mbliana acu mura n-éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Dhún na nGall tráthnóna.

Is maith a chruthaigh Peadar Healy agus a chuid imreoirí agus teacht slán ón mbabhta deireanach in aghaidh an Longfoirt, foireann a raibh an ghaoth ina seolta acu tar éis dóibh Muineachán a bhualadh. Léiríonn an fháilte a cuireadh roimh an mbua sin, áfach, cé chomh holc is atá cúrsaí i gCorcaigh faoi láthair. Tá ceithre bliana caite ó bhuaigh Corcaigh ar fhoireann eile ó Roinn 1 sa chraobh agus tá taispeántas maith i bPáirc an Chrócaigh ag teastáil go géar uathu.

Is iad Dún na nGall a chuir tús leis an tréimhse gan rath sin do Chorcaigh nuair a bhuaigh siad orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann in 2012. Dar ndóigh, ba iad na Conallaigh a bhuaigh Craobh na hÉireann, cé gur deacair a shamhlú go ndéanfaidh siad an gaisce céanna sin i mbliana.

Dhá fhoireann iad seo atá ag dul ar gcúl le cúpla bliain anuas agus cé nach gceapfá go n-éireodh le ceachtar acu dul mórán níos faide sa chraobh ina dhiaidh seo, ní bheidh mórán eatarthu inniu. Mar a chonaiceamar sa chluiche idir Dún na nGall agus Gaillimh sa bhabhta céanna anuraidh, seo é an cineál cluiche ina n-éiríonn le Michael Murphy a chomhghleacaithe a spreagadh chun an beart a dhéanamh. Seans maith go ndéanfaidh sé an rud céanna tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Bainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford. INPHO/Andrew Paton
Bainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford. INPHO/Andrew Paton

Maigh Eo v An Iarmhí, Páirc an Chrócaigh, 6i.n.

Cé go raibh an bóthar ann níos casta ná mar a bheidís ag súil, tá Maigh Eo ar ais i bPáirc an Chrócaigh. Tríd an gcúldoras a chuaigh foireann Stephen Rochford nuair a theip orthu i gCraobh Chonnacht in aghaidh na Gaillimhe. Ach i ndiaidh a mbuanna ar Fhear Manach agus ar Chill Dara, tá Maigh Eo fós san iomaíocht agus an crú ag teacht ar an tairne sa chraobh.

Níor imir siad in aghaidh na hIarmhí ach uair amháin roimhe seo i gCraobh na hÉireann agus ba iad na Laighnigh a thug an lá leo sa choimhlint sin i mBabhta 4 in 2001. Is beag duine a bheadh ag súil leis an toradh céanna inniu.

Tá an Iarmhí ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh ón ngreadadh a tugadh dóibh i gcluiche ceannais Laighean nuair a bhí farasbarr 15 pointe ag Baile Átha Cliath, lá a raibh Ray Connellan, duine de na himreoirí is tábhachtaí ag an Iarmhí, gortaithe.

Dea-scéal atá faighte ag Maigh Eo maidir le gortuithe agus é ráite go mbeidh Tom Parsons, Chris Barrett agus Conor Loftus uile ar fáil arís do Rochford, cé go bhfuil amhras fós ann faoin lánchúlaí, Kevin Keane.

Fiú mura mbeidh Keane ar fáil, ní droch-ionadaí é Donal Vaughan, más é fear Bhaile an Róba a thagann isteach. Ba cheart go mbeadh Maigh Eo breá ábalta don cheann seo.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Corcaigh ag teacht chucu féin ach Dún na nGall chun cinn orthu'