Corcaigh ag dul chuig Cathair na dTreabh agus iad lán de mhuinín

Beidh a thuilleadh eolais againn faoi cá seasann na foirne sa tsraith i ndiaidh an dara babhta cluichí

Corcaigh ag dul chuig Cathair na dTreabh agus iad lán de mhuinín

Eoin Downey. Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Bhí ár gcéad fhéachaint againn seachtain ó shin ar na foirne iomána agus iad ag prapáil don chraobhchomórtas a thosnóidh ag deireadh an Aibreáin. Níl aon dabht ach gurb í an sprioc, painéal láidir a bheith ullamh ag an tráth sin den bhliain.

Bhí an chéad chluiche ag Cill Chainnigh faoi Derek Lyng agus fuair siad a ndóthain ó Aontroim a chuir ar a son féin go hiontach. Ach a bhuíochas do chúl ó laoch na himeartha, Billy Drennan, na Cait a thug abhaile na pointí.

Is deacair aon léamh a dhéanamh ar an dtaispeántas. Bhí an bua tábhachtach don bhainisteoir nua ach tá ‘briseadh’ ag teastáil ó Darren Gleeson agus a chuid imreoirí freisin.

Is féidir an rud céanna a rá faoi Thiobraid Árann mar bhí an bua seo ró-éasca ach tá ráflaí sa chontae go bhfuil an-aontas agus an-spiorad sa champa. Dar ndóigh beidh níos mó eolais againn amárach nuair a bheidh deireadh déanta acu i bPáirc Uí Nualláin.

Bhí cith spréach le feiceáil i bpáirc Loch Garman roimh an gcluiche (tine bheag a bhí sa seastán) ach ní féidir an rud céanna rá faoi chúrsaí ar an bpáirc imeartha.

Bhí Loch Garman níos fearr sa chéad leath ach bhí easpa cruinnis ag cur as dóibh. An Ghaillimh ab fhearr sa dara leath agus ag an deireadh bhí bua slachtmhar go leor acu agus ar ndóigh chrochadar leo Corn an Bhreathnaigh mar bhónas.

Beidh Corcaigh ag dul chuig Cathair na dTreabh amárach agus iad lán de mhuinín. Beidh taispeántas maith ag teastáil ón dá champa.

Rachaidh Loch Garman as baile chun tabhairt faoin Iarmhí agus beidh orthu an radar a chur ag obair níos fearr.

Bhí beagnach fiche míle duine i bPáirc Uí Chaoimh oíche Dé Satharn seo caite agus atmaisféar iontach ann roimh an gcluiche mór. Tuigeann imreoirí, leantóirí agus lucht bainistíochta gurb é Luimneach an tslat tomhais agus ar an Satharn bhí an chéad leath thart nuair a tharraing Corcaigh iad féin isteach sa chluiche. Bídís buíoch don dá chúl agus an t-ardráta oibre a d’fhág gur thugadar leo an dá phointe.

Bhí an bua sin agus a dtaispeántas sa dara leath ag teastáil ó Chorcaigh.

Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Cuirfidh sé le muinín na foirne agus iad ar an mbóthar go dtí an Ghaillimh. Maidir le Luimneach ní dóigh go mbeidh siad róbhuartha faoin toradh ach caithfidh go raibh John Kiely sásta go bhfuil Cian Lynch ar ais.

Déarfainn go raibh Brian Lohan thar a bheith sásta lena chuid imreoirí mar gur éirigh le foireann an Chláir 4-27 a chur ar chlár na scór i gcoinne na hIarmhí. Údar sástachta níos mó fós dó an líne lántosach a scóráil 3-15 den iomlán. Cuireann Mark Rodgers agus Aidan McCarthy go mór leis an fhoireann. Gheobhaidh sé i bhfad níos mó eolais anocht agus iad ag taisteal trasna na teorann chuig Páirc na nGael.

Bhí sé soiléir sa dara leath i gCorcaigh an tseachtain seo caite nach bhfuil ualach mór traenála déanta fós ag Luimneach. Ach mar atá scríofa agam thuas, is é Luimneach an tslat tomhais agus beidh an Clár ag déanamh a seacht ndícheall iad a choimeád dealbh ó thaobh pointí sraithe de. Bheinn ag súil le slua mór anseo agus ardchoimhlint.

Thosnaigh dara ré Davy FitzGerald i bPort Láirge agus an chuma ar an scéal i dtús an chluiche go rabhadar chun slad a dhéanamh ar leads Átha Cliath. Ach ní mar sin a tharla agus chríochnaíodar le triúr déag agus ar comhscór. Rachaidh siad go Port Laoise um thráthnóna agus tiocfaidh Aontroim chuig Páirc Parnell amárach.

Focal scoir: Bhí léargas maith againn ar iomáint na linne an deireadh seachtaine seo caite. Chonaiceamar Eoghan O’Donnell agus Eoin Downey, lánchúlaithe Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus na fir chúinne, Séadna Morey chontae an Chláir agus Cathal Barrett Thiobraid Árann agus iad ar chlár na scór.

Ní fheadar cad a cheap leithéidí Pat Hartigan, Martin Doherty, Willie Murphy nó Brian Lohan féinig faoin iontas sin.

Bhíodar féin ina ríthe ar an gcearnóg bheag tráth dá raibh agus iad sásta fanacht san achar beag talún san!

Fág freagra ar 'Corcaigh ag dul chuig Cathair na dTreabh agus iad lán de mhuinín'