Conspóid mhór faoi phost an Choimisinéara Teangacha i gCeanada agus an té a ainmníodh dó tar éis tarraingt siar

Bhí páirtithe an fhreasúra i gCeanada ag iarraidh stop a chur le ceapachán Madeleine Meilleur toisc nach ndeachaigh Príomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau, i gcomhairle leo sular roghnaigh sé don phost í

Conspóid mhór faoi phost an Choimisinéara Teangacha i gCeanada agus an té a ainmníodh dó tar éis tarraingt siar

Tá Madeleine Meilleur, a bhí luaite le post Choimisinéir na dTeangacha i gCeanada, tar éis a hiarratas ar an bpost a tharraingt siar, agus í ag maíomh go gcuirfeadh an chonspóid a bhain lena ceapachán isteach ar a cumas an obair a dhéanamh mar is ceart.

Scríobh Meilleur litir chuig an Aire Oidhreachta Mélanie Joly inar thug sí le fios go raibh sí ag tarraingt siar ón bpost nua mar gheall ar na “ceisteanna crua” a bhí á gcur faoin bpróiseas ceapacháin.

“I have concluded my capacity to fully assume this function and act in the name of Canadians has been greatly compromised,” a scríobh Meilleur.

Dúirt sí go raibh “cosaint mhór” tugtha aici ar feadh a saoil oibre do chearta teanga na bpobal mionlaigh agus gur onóir di gur ainmníodh don phost í.

Ghlac an tAire Joly le litir Meilleur ar an bpointe boise ach chosain sí an ceapachán agus mhaígh sí go ndearnadh an cinneadh mar gheall ar na buanna atá ag Meilleur seachas a cúlra polaitíochta, mar atá á mhaíomh ag lucht an fhreasúra i Rialtas Cheanada. Níor thug an tAire Joly le fios cé acu ar iarr nó nár iarr sí ar Meilleur a hiarratas a tharraingt siar.

Tá, mar sin, deireadh curtha anois leis an gconspóid a bhain Meilleur a bheith luaite mar chomharba ar an iarChoimisinéir Teangacha, Graham Fraser.

Bhí páirtithe an fhreasúra i gCeanada ag iarraidh stop a chur lena ceapachán toisc nach ndeachaigh Príomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau, i gcomhairle leo sular roghnaigh sé Meilleur don phost.

D’iarr na Caomhaigh agus na Daonlathaigh Nua ar Cheann Comhairle Pharlaimint Cheanada athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhí ar bun ag na Liobrálaigh, páirtí Trudeau, maidir le comharba Fraser a roghnú.

Is ball de na Liobrálaigh í Meilleur agus bhí sí ina ball tofa den pháirtí ar feadh 13 bliain i dtoghcheantar Ottawa-Vanier in Ontario. Is cainteoir Fraincise í a chaith a saol ag troid ar son chearta na bhFrainciseoirí i gCeanada. Bhí sí ina hAire Gnóthaí Frainciseoirí agus ina hArd-Aighne i rialtas an réigiúin chomh maith.

Dúirt sí ag cruinniú Coiste Parlaiminte an tseachtain seo gur labhair sí le Trudeau faoi phost a fháil i Rialtas na Cónaidhme i ndiaidh di an pholaitíocht a fhágáil ina diaidh. Thug sí le fios go raibh spéis aici sa Seanad ach go ndúradh léi nach nglactar le hiarpholaiteoirí i Seanad Cheanada.

Chas sí le ceann foirne agus comhairleoirí Trudeau freisin agus dúirt sí leo siúd chomh maith gur theastaigh post sa Chónaidhm uaithi. Tá airgead tugtha aici don pháirtí agus d’fheachtas ceannaireachta Trudeau féin freisin.

Dúirt sí leis na meáin i gCeanada nach raibh aon súil aici leis an raic a tharraing a hainmniúchán agus go gcreideann sí gur aici atá na cáilíochtaí is fearr don phost.

Mhaígh sí nár thug a cúlra polaitíochta aon bhuntáiste di thar iarrthóirí eile ar an bpost, a bhfuil $308,000 (€203,000) sa bhliain luaite leis.

D’fhógair eagraíochtaí teanga, idir Bhéarla agus Fhraincis, i gCeanada le cúpla lá anuas go raibh sé i gceist acu sin athbhreithniú a lorg faoin gceapachán agus gearán a dhéanamh faoin bpróiseas ceapacháin.

Dúirt an Quebec Community Groups Network go raibh iontas orthu a fháil amach gur “beag eolais” a bhí ag Meilleur ar an bpobal mionlaigh de chainteoirí Béarla in Quebec, pobal a thagann faoi scáth an Choimisinéara Teangacha.

“In ainneoin na seirbhíse a thug sí do mhionphobail Frainciseoirí in Ontario agus ar fud Cheanada. Ba léir nach raibh eolas ná tuiscint aici ar an mionphobal Béarla anseo in Quebec agus nach raibh sí tiomanta dó,” a dúirt Uachtarán QCGN, James Shea.

Fág freagra ar 'Conspóid mhór faoi phost an Choimisinéara Teangacha i gCeanada agus an té a ainmníodh dó tar éis tarraingt siar'