Conas tacú leis an nGaeilge tríd an gcóras pleanála le scrúdú ag an Roinn Tithíochta

Dúirt an tAire Darragh O’Brien inniu go raibh grúpa oibre le bunú go luath chun an scéal a phlé agus é mar chuspóir ag an ngrúpa ardchaighdeán Gaeilge a choimeád sa Ghaeltacht

Conas tacú leis an nGaeilge tríd an gcóras pleanála le scrúdú ag an Roinn Tithíochta

Tá grúpa oibre le cur le chéile ag an Roinn Tithíochta chun cás na Gaeltachta sa chóras pleanála “a scrúdú go hiomlán”.

Sin a dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien agus é ag labhairt ag seimineár de chuid Chonradh na Gaeilge ar chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht inniu.

Dúirt an tAire O’Brien go bhfuil na féidearthachtaí maidir le conas is tacú leis an nGaeilge tríd an gcóras pleanála scrúdaithe ag oifigigh sa Roinn Tithíochta i gcomhar le Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil tuilleadh oibre beartaithe.

“Déanfar an obair seo a leathnú trí ghrúpa oibre a chuirfear le chéile sna seachtainí atá amach romhainn agus beidh sé mar chuspóir ag an ngrúpa ardchaighdeán na Gaeilge a choimeád sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire O’Brien.

“Beimid ag obair le hionadaithe pleanála agus le hoifigigh na Gaeilge ó na húdaráis áitiúla agus leis na ranna rialtais agus na húdaráis rialtais oiriúnacha chun an chuspóir seo a bhaint amach.”

Dúirt an tAire go bhfuil gá lena leithéid de chur chuige chun an Ghaeilge a chosaint i gceantair Ghaeltachta agus go gcuirfear béim ar “thorthaí dearfacha a bhaint amach don phróiseas pleanála, don teanga agus don phobal atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht”.

Dúirt O’Brien go bhfuil sé tábhachtach go dtacódh an córas pleanála le cosaint agus le cur chun cinn na Gaeilge.

Thug sé le fios go bhfuil athbhreithniú agus uasdátú ar siúl sa Roinn Tithíochta faoi láthair maidir leis na Treoirlínte ar Phleananna Forbartha, agus go bhfoilseofaí dréacht de na treoirlínte nuashonraithe sin mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí atá le tosú i gceann cúpla seachtain. Dúirt O’Brien go mbeadh fáilte aige roimh thuairimí maidir leis na dréacht-treoirlínte sin ó phobal na Gaeilge.

Bhí an tAire ag tabhairt an aithisc oscailte ag seimineár a reáchtáil Conradh na Gaeilge ar líne inniu. Eagraíodh an ócáid chun deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus d’eagraíochtaí Gaeltachta a dtuairimí a chur in iúl i leith pholasaí pleanála an Chonartha.

Rinne an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh cur i láthair freisin ar chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht. Maidir leis na fadhbanna atá ann i láthair na huaire, dúirt Mac Cárthaigh go bhfuil deacrachtaí móra ag daoine ón nGaeltacht cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais agus nach bhfuil forálacha teanga i bpleananna forbartha ná coinníollacha teanga á gcur i bhfeidhm. Dúirt sé go bhfuil uirbiú á dhéanamh ar cheantair Ghaeltachta atá i ngar do bhailte móra agus go bhfuil easpa tuisceana iomlán faoin scéal sna h-údaráis áitiúla agus sa Bhord Pleanála.

Pléadh an Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge roimh an Nollaig agus iad ag moladh go gcuirfí cur chuige nua i bhfeidhm maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Ar cheann de mholtaí an Chonartha, moltar gur cheart gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht. 

Moltar freisin go mbeadh gá le hinniúlacht ar leith sa Ghaeilge ag duine a bheadh ag tógáil nó ag ceannach tí i gceantair Ghaeltachta.

Tá conspóidí maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht tagtha chun cinn i Ráth Chairn, sa Rinn agus i gCorca Dhuibhne le bliain anuas, conspóidí a bhain le cead pleanála a bheith á thabhairt d’fhorbairtí móra tithíochta agus measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí a bheith á dhéanamh i mBéarla.

Fág freagra ar 'Conas tacú leis an nGaeilge tríd an gcóras pleanála le scrúdú ag an Roinn Tithíochta'