Cónaitheacht Ghaeilge bronnta ar bheirt údar ag Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath

Tá sé fógartha gurb iad Réaltán Ní Leannáin agus Meadhbh Ní Eadhra ar bronnadh cónaitheachtaí orthu

Cónaitheacht Ghaeilge bronnta ar bheirt údar ag Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath

Tá Cónaitheacht Ghaeilge bronnta ag Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath (DUCOL) ar bheirt scríbhneoirí Gaeilge.

Ta sé fógartha gurb iad Réaltán Ní Leannáin agus Meadhbh Ní Eadhra ar bronnadh cónaitheachtaí orthu. Is í seo an chéad uair do DUCOL cónaitheacht Ghaeilge a bhronnadh.

Deir DUCOL go bhfuil súil acu go gcuideoidh na cónaitheachtaí leis an mbeirt údar a bhuaigh duaiseanna a gcuid ama a chaitheamh ar shaothar atá tosaithe acu cheana féin a fhorbairt.

Le linn na cónaitheachta seo, deirtear gurb í aidhm Réaltán Ní Leannáin a bheith ag obair ar scéalta osnádúrtha a bhaineann le carachtar atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus atá ar intinn aici cheana féin. I gcodarsnacht leis sin, tá a ceantar dúchais, Conamara, roghnaithe ag Meadhbh Ní Eadhra. Ansin atá a húrscéal nua suite, úrscéal ina ndírítear ar dhéagóirí agus ar an tionchar a bhíonn ag na meáin shóisialta agus an ceol ar a saol.

Scríbhneoir aitheanta í Réaltán Ní Leannáin a raibh leabhair aici ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana An Post in 2019 (Cití na gCártaí) agus in 2021 (Inní). Tá dráma raidió agus ábhar eile curtha i gcrích aici do Raidió na Life.

Is údar óg í Meadhbh Ní Eadhra ón Spidéal i gConamara. D’fhoilsigh sí a céad leabhar nuair a bhí sí 15 bliain d’aois agus tá trí úrscéal do dhaoine óga scríofa aici, Rua, Fáinne Fí FíFí agus Faye. Foilsíodh gearrscéalta dá cuid I nuachtáin agus irisí ar nós Tuairisc, Comhar, Feasta, agus The Lonely Crowd.

Fág freagra ar 'Cónaitheacht Ghaeilge bronnta ar bheirt údar ag Cathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath'