‘Comórtas peile atá ann, ach tá an ceol agus cultúr againn freisin’ – Ráth Chairn ag fáil réidh d’fhéasta peile

Beidh cúpla lá mór ann i Ráth Chairn deireadh seachtaine na Cincíse agus Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil i nGaeltacht na Mí den chéad uair ó 1993

‘Comórtas peile atá ann, ach tá an ceol agus cultúr againn freisin’ – Ráth Chairn ag fáil réidh d’fhéasta peile

Is ar Ghaeltacht ghlas na Mí a bheidh na sluaite ag triall deireadh seachtaine na Cincíse agus Comórtas Peile na Gaeltachta le reáchtáil i Ráth Chairn den chéad uair le breis is 30 bliain. Tá athrú mór tagtha ar an gcomórtas ó shin agus 29 foireann ó 22 cumann ar fud na tíre ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo.

Leapacha a fháil do na cuairteoirí uile ceann de na dúshláin is mó ag aon dream a bhíonn ag reáchtáil an Chomórtais Peile na laethanta seo, ach ba mhó an dúshlán  i Ráth Chairn, áit nach bhfuil óstán nó a leithéid chun cuid den éileamh a shásamh. Iarradh ar an bpobal áitiúil agus ar mhuintir an cheantair máguaird teacht i gcabhair ar lucht eagraithe an chomórtais agus rinneadar sin. Tá muinín anois ag muintir na háite go mbeidh leaba ann do gach imreoir, leantóir agus cuairteoir a thiocfas.

“Níl s’agam an bhfuil leaba le spáráil i Ráth Chairn, i mBaile Ghib, san Uaimh, ná i mBaile Átha Troim. Áit ar bith a bhfuil seomra, beidh duine éigin istigh ann,” a deir Aonghus Ó Flatharta, rúnaí an choiste eagraithe i Ráth Chairn.

“Níor thosaigh muid ag cuartú lóistín go dtí théis na Nollag agus b’fhéidir go raibh sé sin fágtha beagáinín deireanach againn ach taobh istigh d’achar an-ghearr, bhí thart ar 400 leaba faighte againn. Sé seachtaine ó shin, bhí os cionn 1,400 leaba faighte againn agus tá tuilleadh lena gcois siúd againn anois,” ar sé.

“Léiríonn sé an tacaíocht atá ann don Chomórtas, ní hamháin ó mhuintir na Gaeltachta anseo ach ó na clubanna eile timpeall an cheantair. Tuigeann siad an tábhacht atá leis agus tá sé speisialta dóibhsean chomh maith go bhfuil na sluaite seo ag teacht.

“An chuid is mó acu, b’fhéidir nach raibh baint ná páirt ná lámh ná cois acu leis an rud a tharla i ’93 nuair a bhí an Comórtas anseo go deireadh.”

Deir Ó Flatharta go mbeidh sé deacair an Comórtas Peile sin 32 bliain ó shin a chur i gcomparáid leis an ócáid a bheidh ann faoi cheann coicíse mar gheall ar an bhfás atá tagtha ar an gcomórtas ach tá muintir Ráth Chairn ag iarraidh a lorg féin a fhágáil ar an deireadh seachtaine agus ceiliúradh a dhéanamh freisin ar stair agus saibhreas teanga agus cultúir an cheantair.

“Bheadh muid ag súil go bhféadfadh muid an Comórtas Peile is fearr riamh a chur ar súil,” a deir sé. “Ní hamháin ó thaobh na peile de agus go mbeadh áit ann do chuile dhuine, ach tá muid ag cur an-bhéim ar an ‘éiteas’ a bhain leis an gComórtas Peile nuair a thosaigh sé den chéad uair riamh in 1969.

“Tá muid ag cur an-bhéim ar imeachtaí cultúrtha, imeachtaí sóisialta – ceol, damhsa Gaelach, ceardlanna do ghasúir. Tá s’agam go dtugann muid Comórtas Peile air ach tá muid ag iarraidh a thaispeáint freisin go bhfuil ceol againn, go bhfuil cultúr againn, go bhfuil amhráin agus go leor rudaí eile nach iad againn freisin. Sin ceann de na croí-spriocanna a bhí againn ón tús.”

Tá stair na háite á ceiliúradh i gcaitheamh an bliana agus 90 bliain ann ó bunaíodh an ceantar Gaeltachta seo. Tá críoch á cur le múrphictiúr mór dar teideal ‘Teacht Aniar’ ina léirítear an t-aistear a tógadh ó Chonamara go contae na Mí in 1935 agus laochra Ráth Chairn ó shin i leith.

Is tráthúil mar sin go mbeidh ocht gcinn d’fhoirne as Conamara agus ó Ghaeltacht na Gaillimhe ag teacht aniar chun páirt a ghlacadh sa gComórtas.

Tá an nasc le Conamara fós go smior i muintir na háite, a deir Ó Flatharta, mar a léiríodh ag Tráth na gCeist agus ceant a eagraíodh i Ráth Chairn le gairid.

“Bhí geansaí na Gaillimhe a bhí sínithe ag na himreoirí faighte againn ó Paul Conroy agus ceann eile faighte ó chontae na Mí a bhí sínithe ag na himreoirí sin chomh maith. Nach é geansaí na Gaillimhe a fuair an bid is airde ar an oíche!

“Má tá rud ar bith a thaispeánann an nasc agus an tábhacht a bhaineann le Gaillimh thuas anseo, b’fhéidir gurb é sin é.”

Cé go bhfuil na leapacha aimsithe, níl deireadh leis an obair go fóill agus athchóiriú á dhéanamh ar an bpáirc i Ráth Chairn agus ar an gceann eile atá ag Clann na nGael in Áth Buí.

“Níl chuile rud déanta ach beidh sé déanta roimh an am,” arsa Ó Flatharta. “Ar nós chuile Chomórtas Peile, is dóigh go mbeidh duine éigin amuigh ag péinteáil an oíche roimhe nó ar an lá ach sin é an chaoi a mbíonn sé.

“Tá obair mhór déanta agus tá gach uile dhuine sa bpobal tar éis tarraingt le chéile chun é seo a dhéanamh. Tá pobal chomh beag ann ach pobal beag gníomhach atá anseo. Níl duine ar bith nach bhfuil jab éigin faighte aige nó nach bhfuil tar éis lámh chúnta a thabhairt cheana féin.”

Níl uathu anois ach aimsir bhreá, comhluadar maith agus go ngabhfaidh gach duine abhaile slán.

“Is cuma céard a tharlaíonn, sílim go bhfuil éacht bainte amach ag an bpobal beag anseo. Dá mba rud é go mbeadh muid in ann an t-éacht a baineadh amach in ‘93, nuair a bhuaigh an Ghaeltacht [as Ráth Chairn] é, a dhéanamh arís, bheadh linn agus tá rud éigin ag rá liom go bhfuil seans againn, Sin an méid atá mé chun a rá,” a deir Ó Flatharta agus é ag gáire.

“Pé rud a tharlaíonn, beidh sé ina chraic. Beidh am breá, Gaelach ag chuile dhuine a bheidh ann.”

Fág freagra ar '‘Comórtas peile atá ann, ach tá an ceol agus cultúr againn freisin’ – Ráth Chairn ag fáil réidh d’fhéasta peile'