Tá tús curtha le Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2015, atá ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tráthnóna. Foirne ó na ceantair Ghaeltachta, An Cheathrú Rua, Daingean Uí Chúis agus den chéad uair, Ráth Chairn Ghlas na Mí, mar aon le foirne ó Bhaile Átha Cliath, atá ag glacadh páirte ann.
Comórtas é seo atá á reáchtáil gach bliain ag Gael Linn do Ghaelcholáistí agus do iar-bhunscoileanna Gaeltachta, agus bhí os cionn 50 foireann ar fad páirteach ann arís i mbliana. Tháinig an t-ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Bronnfar buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnfar duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bheidh rannpháirteach
Is é an Feisire Eorpach, Seán Ó Ceallaigh, atá ina aoichainteoir agus cathaoirleach ag an ócáid.
Seo thíos an t-eolas go léir:
COMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA UÍ CHADHAIN GAEL LINN
CRAOBH NA hÉIREANN 2015
Dáta: Déardaoin, 29 Eanáir, 2015 PM: 4.30 P.M.
Ionad: An Téatar Poiblí, (Halla Scrúdaithe), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2
Aoichathaoirleach/Aoichainteoir: Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach
4.30 p.m. SÓISEAR
Rún: Tá a gcearta á bhfáil ag mná i gcúrsaí spóirt in Éirinn!
Foireann A: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe (i bhfabhar)
Foireann B: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath (i gcoinne)
Foireann C: Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Co. na Mí (i bhfabhar)
Foireann D: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Trá Lí, Co. Chiarraí (i gcoinne)
5.45 p.m. Breith na Moltóirí agus Bronnadh na nDuaiseanna
6.00 p.m. SINSEAR
Rún: Tá an tír seo á rialú ag an Aontas Eorpach!
Foireann A: Coláiste Íde, An Daingean, Trá Lí, Co. Chiarraí (i bhfabhar)
Foireann B: Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath (i gcoinne)
Foireann C: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe (i bhfabhar)
Foireann D: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath (i gcoinne)
7.15 p.m. Caint ón Aoichainteoir Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach
7.30 p.m. Breith na Moltóirí agus Bronnadh na nDuaiseanna