Comóradh ar Choimisiún na Gaeltachta mar chuid de thionsnamh teanga bliana atá beartaithe ag Catherine Connolly

Tá Connolly le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne inniu agus ráite arís aici go mbeadh an Ghaeilge “ina cuid lárnach dá hUachtaránacht” dá dtoghfaí í

Comóradh ar Choimisiún na Gaeltachta mar chuid de thionsnamh teanga bliana atá beartaithe ag Catherine Connolly

Deir Catherine Connolly go mbeadh comóradh céad bliain ar Choimisiún na Gaeltachta an bhliain seo chugainn ar cheann de na tionscnaimh mhóra a dtabharfaidh sí fúthu má thoghtar í ina huachtarán.

Tá Connolly i gCiarraí inniu mar chuid dá feachtas agus tionscnamh atá dírithe ar an nGaeilge, ‘Teanga na hÉireann’, le seoladh aici nuair a thabharfaidh sí cuairt ar an nDaingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Dúirt Connolly arís go mbeadh an Ghaeilge “ina cuid lárnach dá hUachtaránacht”.

Má éiríonn léi an tÁras a bhaint amach, dúirt Connolly go mbeadh imeachtaí á reáchtáil ar feadh bliana, ó Mheitheamh 2026 go dtí Meitheamh 2027, ag comóradh céad bliain an choimisiúin a bhunaigh an Ghaeltacht i 1926.

Deir feachtas Connolly go dtabharfaidh an tionscnamh ómós do na pobail a chothaigh an Ghaeilge agus go ndéanfar ceiliúradh ar na glúnta nua atá tar éis í a thabhairt leo.

“Tá beocht sa nGaeilge arís – ní hamháin sna scoileanna agus i dtithe na Gaeltachta, ach i gcúrsaí ceoil, sna meáin agus i saol laethúil na tíre,” a dúirt Connolly agus tionchar TG4 agus Kneecap luaite aici.

“Mar Uachtarán, cinnteoidh mé go mbíonn fuinneamh nua agus an mhuinín seo sa teanga le fáil in Áras an Uachtaráin,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Comóradh ar Choimisiún na Gaeltachta mar chuid de thionsnamh teanga bliana atá beartaithe ag Catherine Connolly'