Comhaontú déanta faoi úinéireacht theach Shéamuis ‘Mháire’ Uí Ghrianna

Dúradh sa chúirt i mBéal Átha Seanaidh inniu go raibh an teach seo fite fuaite le stair agus le traidisiún liteartha Rann na Feirste agus nár mhaith an rud é a dhíol le héinne nach de shliocht Uí Ghrianna é

 

Screen Shot 2015-06-09 at 20.09.56
Séámas ‘Máire’ Ó Grianna

Thángthas ar chomhaontú inniu teach a thóg an scríbhneoir cáiliúl Séamus ‘Máire’ Ó Grianna i 1938, a aistriú go dtí Seamus McGlinchey, arbh é ‘Máire’ a shin-seanathair.

Sa chúirt chuarda i mBéal Átha Seanaidh inniu, dúirt Desmond Murphy, abhcóide sinsearach thar ceann Feilim Greene, mac leis an scríbhneoir, go raibh an cás seo fite fuaite le stair agus traidisiún liteartha Rann na Feirste, mar a raibh ardmheas ar Shéamus agus a dheartháir Seosamh de bharr fheabhas a gcuid scríbhneoireachta.

Dúirt sé nach raibh aon rud acu in aghaidh theideal na talún a bheith á aistriú chuig Seamus McGlinchey, iarua Shéamuis ‘Maire’ Uí Ghrianna, ach dúirt sé nár mhaith leis go ndíolfaí an talamh le héinne nach de shliocht Uí Ghrianna é.

Dúirt an t-abhcóide gur fadhb é seo agus nár theastaigh aon easaontas uathu.

Dúirt Séamus Ó Tuathail, abhcóide Isibeal Uí Dhochartaigh and Seamus McGlinchey, go bhfuil ardmheas acu ar mhuintir Mhic Grianna agus go mba thrua go raibh an fhadhb seo ann.

Bhí míchruinneas sa chomhad sa mhéid is go raibh an duine a chláraigh an teach i 1955 caillte le deich mbliana.

Dúirt an t-abhcóide nár theastaigh óna chliaint aon bhrabús a bhaint as na mairbh agus go raibh an-mheas go deo acu ar oidhreacht mhuintir Mhic Grianna.

Ba lena chliant an teach agus an gabháltas talún ceithre acra le seachtó bliain anuas, a dúirt sé.

Bhí an t-iarratas lasmuigh de scóip na cúirte, a dúirt an Breitheamh, nárbh fhéidir leis ach breith a thabhairt ar an méid a bhí os comhair na cúirte, ach thug sé le fios go mbeadh sé sásta dá bhféadfadh an dá pháirtí teacht ar chomhaontú.

Tar éis 20 nóiméad, tháinig an dá pháirtí ar ais chun na cúirte agus comhaontú eatarthu.

Dearbhaíodh gurb é Seamus McGlinchey úinéir cláraithe na talún. Tugadh le fios nach raibh cead aige an talamh a dhíol gan í a thairiscint do chlann mhac Fhleilim Mhic Grianna ar dtús. Níor tugadh aon orduithe maidir le costais.

Dúirt an Breitheamh Rory McCabe go raibh sé sásta a bheannacht a thabhairt don chomhaontú.

Fág freagra ar 'Comhaontú déanta faoi úinéireacht theach Shéamuis ‘Mháire’ Uí Ghrianna'