Comhairleoirí Aontachtacha ag diúltú páirt a ghlacadh i ‘petty political ideological crusade’ na Gaeilge

Deir na comhairleoirí Aontachtacha sin go bhfuil siad i mbun baghcat i gcoinne an Ghrúpa Oibre um Chur i bhFeidhm Straitéis na Gaeilge toisc nach bhfuil cluas á tabhairt dóibh maidir le rudaí atá ag déanamh imní dóibh

Comhairleoirí Aontachtacha ag diúltú páirt a ghlacadh i ‘petty political ideological crusade’ na Gaeilge

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá diúltaithe ag comhairleoirí Aontachtacha i gContae an Dúin baill a ainmniú do ghrúpa oibre a bheidh ag plé leis an nGaeilge toisc go n-airíonn siad go bhfuil “drochmheas á léiriú ag comhairleoirí náisiúnacha agus poblachtacha” ar a gcuid tuairimí.

Tá 27 comhairleoir ó pháirtithe náisiúnacha ar Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin agus naonúr comhairleoirí aontachtacha. Deir na comhairleoirí Aontachtacha sin go bhfuil siad i mbun baghcat  i gcoinne an Ghrúpa Oibre um Chur i bhFeidhm Straitéis na Gaeilge toisc nach bhfuil cluas á tabhairt dóibh maidir le rudaí atá ag déanamh imní dóibh féin.

Dúirt an Comhairleoir Garth Craig ón DUP gur mhol na comhairleoirí Aontachtacha nach gcrochfaí comharthaí Gaeilge i gceantair Aontachtacha ach gur tugadh neamhaird ar an moladh sin agus go ndearnadh scrios ar na comharthaí Gaeilge nuair a crochadh iad.

Dúirt comhairleoir eile David Taylor, ón UUP, nach raibh i straitéis Ghaeilge na comhairle ach “a petty political ideological crusade”. Cháin an comhairleoir Henry Reilly, a dúirt le deireanas gur “chum De Valera an Ghaeilge”, na comhairleoirí náisiúnacha a thacaíonn leis an nGaeilge ach a chuir in aghaidh comharthaí ‘Welcome to Northern Ireland’ agus coróin na Breataine a bheith ar t-léinte na ngardaí tarrthála atá fostaithe ag an gcomhairle.

Mhol an Comhairleoir Barra Ó Muirí, ó Shinn Féin, go mba cheart do na hAontachtaithe aithris a dhéanamh ar Linda Ervine, an tAontachtach aitheanta i mBéal Feirste a chuireann an Ghaeilge chun cinn.

“Is linne uilig an Ghaeilge, níl aon rud scanrúil faoi theanga ar bith in ainneoin a bhfuil le rá ag an UUP agus an DUP,” a dúirt sé.

Dúirt urlabhraí de chuid an SDLP gur “údar díomá” é cur chuige an DUP ach nach gcuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith “ó tharla go gcuireann an páirtí in aghaidh na Gaeilge i ngach réimse den saol”.

Fág freagra ar 'Comhairleoirí Aontachtacha ag diúltú páirt a ghlacadh i ‘petty political ideological crusade’ na Gaeilge'