Comhairle stuama Sali

Bíobla nua dá lucht leanta atá i leabhar faisin nua Sali Hughes, eagarthóir áilleachta an nuachtáin The Guardian

Sali Hughes
Sali Hughes

Tá bíobla nua aimsithe agam!

Nuair a scaip an scéal go raibh Sali Hughes – iriseoir, colúnaí agus eagarthóir áilleachta an nuachtáin The Guardian – ag scríobh leabhair ina mbeadh an t-eolas ar fad a bhí bailithe aici in imeacht na mblianta faoi shaol agus faoi ghnó na háilleachta, bhí go leor ar spéis leo cúrsai faisin ag tnúth go mór leis.

Tá lucht leanúna an-mhór aici, go háirithe de bharr cholún an tSathairn sa Guardian agus a cuid oibre ar an suíomh gréasáin www.salihughesbeauty.com a bhunaigh sí roinnt blianta ó shin.

Tá beagnach 60,000 leantóir aici ar twitter.

Scríbhneoir í a bhfuil stíl shimplí, dhíreach aici – ní chuireann sí fiacail ann ach ní bhraithfeá go raibh sí ag tabhairt léachta duit. Agus sin díreach mar atá aici sa leabhar nua ‘Pretty Honest’ a bhfuil ‘The straight-talking beauty companion’ mar fhotheideal air.

Ach tá i bhfad níos mó ná cúrsaí áilleachta i gceist sa leabhar seo a foilsiodh roinnt bheag seachtainí ó shin.

Tá comhairle stuama ann ar na céadta ceist a chabhródh le bean ar bith, bíodh sí óg nó fásta faoi gach gné den saol ó chúrsaí stíle agus faisin go cearta na mban.

Tá leideanna cabhracha ann maidir le réiteach d’ócáidí ar leith, an bealach le tú féin a ullmhú sula dtógtar pictiúir díot, an chaoi le déileáil le foireann mhímhúinte agus tú ag siopadoireacht d’earraí smidte agus cuid mhór nithe eile.

Tá an saothar seo an-difriúl le cuid mhór leabhar eile sa réimse seo sa mhéid is nach pictiúir shnasta atá i gceist ann ach téacs dea-scríofa agus tuisceanach. Go deimhin, níl mórán le 30 pictiúr ar fad i leabhar ina bhfuil 330 leathanach.

An fáth a dtéann daoine ar ais arís agus arís eile chuig Sali Hughes ná go bhfeictear dóibh go mbíonn sí i gcónaí fírinneach; ní chuireann sí tada faoi cheilt ariamh.

Is féidir léi a bheith beagán searbh in amanna ach ní dhéanann sí margaíocht do bhrandaí móra a bhfuil ceangal nó conradh aici leo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil fiúntas agus tairbhe sna léirmheasanna a dhéanann sí ar tháirgí nó ar sheirbhísí nua agus níl leas phearsanta aici féin iontu.

An tsamhail is fearr don saothar nua seo agus do Sali Hughes féin ná gur cosúil í leis an gcara maith sin a d’inseodh an fhírinne lom duit i gcónaí – tá an gúna sin grána ort, teastaíonn bearradh gruaige uait, ní fheileann an dath sin duit!

Creideann sí go láidir sa bhfeimineachas agus caitheann sí cuid den réamhrá ag míniú nach ionann spéis a bheith ag bean i gcúrsaí stíle agus faisean agus a bheith dall ar imeachtaí an tsaoil mhóir. Mar deir sí: “Anyone who dismisses beauty and make-up as mere frippery, an irrelevance pursued by the vain, frankly knows nothing about women.”

Baineann sí úsaid as nath cainte cliste mar thús ar gach caibidil; ceann le pearsa aitheanta ar nós Coco Chanel, Cindy Crawford, agus go fiú Kurt Cobain.

Seo an cinéal leabhair is ceart a chur ar do liosta siopadóireachta go háirithe agus aimsir na Nollag ag teacht go gairid.

– ‘Pretty Honest’ le Sali Hughes, foilsithe ag Fourth Estate, praghas €26.99

Fág freagra ar 'Comhairle stuama Sali'

  • Teresa Cassin

    Tá sé suimiúil gur fimineach í agus go labhraíonn sí faoi gach gné den saol ó chúrsaí stíle go cearta na mban. Is maith an rud é go bhfuil leideanna sa leabhar maidir leis an mbealach le tú féin a ullmhú sula dtógtar pictiúir díot mar tá éileamh ar an bhféinghraf sa lá atá inniu ann.