Comhairle an mholtóra Máire Treasa do Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe

Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill, an craoltóir aitheanta ó TG4, ina moltóir ar Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe inniu agus í ag cuardach feistis a léireoidh ‘samhlaíocht agus machnamh’

Comhairle an mholtóra Máire Treasa do Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill, an craoltóir aitheanta ó TG4, a bheidh ag déanamh moltóireachta ar Chomórtas na mBan Faiseanta ag Rásaí na Gaillimhe inniu.

Beidh Ní Dhubhghaill i láthair ag Óstán Meyrick, urraitheoir an chomórtais, óna 7 a chlog anocht áit a mbeidh na mná is galánta gléasta ag teacht le chéile don chomórtas tar éis an lá i mBaile an Bhriotaigh.

Is iad seodóirí seanbhunaithe na Gaillimhe, Fallers, a chuirfidh an duais, luach €2,000, ar fáil don bhean a thabharfaidh an chraobh léi. Tá seodra ó cheárta Newbridge, Michael Kors, Swarovski agus seodóirí eile nach iad san áireamh sa duais.

Beidh painéal saineolaithe faisin in éindí le Ní Dhubhghaill, leithéidí Mandy Maher, úinéir an Catwalk Model Agency agus an mainicín mór le rá Mary Lee, le cúnamh a thabhairt di an bhean is galánta gléasta a roghnú.

Dúirt Ní Dhubhghaill le Tuairisc.ie go mbeidh na moltóirí ag lorg feisteas “deas, slachtmhar” a chuirfidh pearsantacht na mná atá á chaitheamh in iúl, ach nach gá a bheith buartha faoi “ghnáthrialacha faisin”.

“An rud faoi Lá na mBan ná gur deis atá ann spraoi a bheith agat le d’fheisteas. Beidh muid ag lorg bean atá ag caitheamh feistis a bhreathnaíonn go deas, slachtmhar, ceann nach bhfuil a mhacasamhail ar éinne eile.

“Bíonn rialacha ann d’ócáidí foirmiúla eile, bainiseacha agus a leithéid, ach le Lá na mBan is féidir rialacha a chaitheamh i dtraipisí agus dul beagáinín craiceáilte. D’fhéadfá caipín áiféiseach a chaitheamh agus an feisteas uilig a bhunú air sin,” a dúirt sí.

Dúirt sí go mbeidh sí ag cuardach feistis a bheidh “samhlaíoch” agus ar cuireadh “go leor smaoinimh isteach ann”.

“Beidh mé ag cuardach rud éigin a ndearna an bhean go leor machnaimh faoi. Ní gá na nósanna faisin is deireanaí a leanacht agus ní hí an bhean a shiúil isteach i siopa agus a d’oscail an seicleabhar ach oiread. Ní gá go leor airgid a chaitheamh ach go leor ama a chaitheamh ag smaoineamh faoi,” a dúirt sí.

Mhol Ní Dhubhghaill do mhná a bhfuil súil acu an duais a bhuachan a bheith airdeallach ar na bróga a roghnóidh siad don chulaith freisin.

“Tá sé tábhachtach go mbreathnóidh tú compordach agus go mbreathnaíonn sé go bhfuil tú compordach agus ag baint sult as an lá! Bí cinnte go mbíonn na bróga caite agat roimh ré agus nach é seo an chéad lá amuigh acu – níl rud ar bith níos measa ná a bheith i bpian mar beidh sé sin le feiceáil,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Comhairle an mholtóra Máire Treasa do Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe'