Comhdháil ar ról na n-ealaíon i gcaomhnú na teanga ar siúl amárach

Tiocfaidh scata ealaíontóirí le chéile chun cíoradh a dhéanamh ar an gceangal idir na healaíona agus caomhnú na teanga ag comhdháil a bheidh ar siúl in Óstán Chois Fharraige

Comhdhail biogs Final Draft-55

Cuirfear tús amárach le comhdháil ar ról na n-ealaíon sa Phleanáil Teanga.

In Óstán Chois Fharraige (Connamara Coast) sna Forbacha i gContae na Gaillimhe a bheidh an Chomhdháil agus pléifidh idir ealaíontóirí agus saineolaithe teanga an ról atá ag na healaíona i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na teanga.

Caithfear súil ar chásanna mionteangacha éagsúla agus beidh cainteoirí as Albain, an Bhreatain Bheag, an Ísiltír agus Tír na mBascach i láthair chun labhairt ar na cleachtais atá i bhfeidhm ina dtíortha siadsan. Pléifear na cleachtais sin i gcomhthéacs na Gaeilge agus cíorfar na bealaí is fearr le cúrsaí ealaíne agus pleanáil teanga a shnaidhmeadh le chéile.

I measc na gcainteoirí Éireannacha a chloisfear ann, beidh Cathal Goan, Iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ agus Iar-Cheannasaí TG4; an Dochtúir Lilis Ó Laoire, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus amhránaí oilte ar an sean-nós; agus Darach Ó Tuairisc, aisteoir gairmiúil agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta drámaíochta, Fíbín.

Polasaí teanga an Rialtais a bheidh faoi chaibidil ag Cathal Goan.

Ag labhairt ar a thaithí féin ar an amhránaíocht a chur chun cinn agus an tábhacht a bhaineann leis sin a bheidh Lilis Ó Laoire. Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dr. Ó Laoire go bhfuil “dearcaí faoi leith ag teangacha faoi leith” agus go bhfuil dlúthbhaint idir an amhránaíocht agus “múnlú an chultúir agus múnlú pearsantachtaí” daoine. Cuid den oiliúint a chuirtear ar dhaoine sa traidisiún dúchais ná cabhrú leo “ceol agus filíocht a thuiscint” i dtreo is gur féidir leo “amhrán a rá agus é a rá i gceart”, a dúirt fear Ghort a’ Choirce.

“Rud eile a bheas mé a phlé ná na ciallannaí atá leis an fhocal ‘ealaín’ sa Ghaeilge, agus beidh mé ag amharc go sonrach ar ealaín an leighis”, a dúirt sé le Tuairisc.ie, ag míniú dúinn nach ionann brí don fhocal ‘ealaín’ sa dá theanga againn agus nach bhféachfaí ar réimse an leighis mar ‘ealaín’ i saol an Bhéarla sa lá inniu faoi mar a dhéantaí in Éirinn nuair a bhíodh an Ghaeilge in uachtar sa tír.

Is mar aisteoir stáitse agus teilifíse a chuir Darach Ó Tuairisg tús lena aistear ealaíne seisean. Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge air ón am a thug sé ar sheit Ros na Rún agus páirt ‘Liam’ á glacadh aige. Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí an chomhlachta drámaíochta, Fíbín, agus oiliúint phroifisiúnta curtha air i réimsí éagsúla de shaol na n-ealaíon agus na meán.

Mhínigh sé do Tuairisc.ie gur “ag caint ar obair Fíbín le dhá bhliain déag anuas” a bheidh sé. “Beidh mé ag caint faoi na deacrachtaí agus na dúshláin atá amach romhainn”, a dúirt sé. “Bhí deich gcomhlacht proifisiúnta ag plé le drámaíocht na Gaeilge nuair a tháinig Fíbín ar an bhfód. Go bhfios dom, is muid fhéin an t-aon dream atá fágtha atá á dhéanamh go proifisiúnta anois”, arsa Ó Tuairisg, agus é ag tagairt do pholasaí dátheangach grúpaí eile. Tarraingeoidh sé freisin ar an “easpa tacaíochta ón Rialtas” ina chuid cainte.

Is í Anna Ní Ghallchóir, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, a chuirfidh clabhsúr ar an gcomhdháil agus ina diaidh sin, seolfaidh an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, tuairisc ar chomhoibriú cultúrtha i measc pobal ina labhraítear teanga mionlaigh.

Déanfaidh baill den Ghaelacadamh taispeántas ealaíonta a chur i láthair tar éis na Comhdhála agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar na himeachtaí thuas, beidh oíche mhór cheoil i Seanscoil Sailearna in Indreabhán.

Craolfar sruth beo ón gComdháil ar ealain.ie.

Fág freagra ar 'Comhdháil ar ról na n-ealaíon i gcaomhnú na teanga ar siúl amárach'