‘Coláiste Loch Lao’ — an dara meánscoil lán-Ghaeilge le bunú i mBéal Feirste

Plean á réiteach i mBéal Feirste don dara hiarbhunscoil lán-Gaeilge sa chathair

‘Coláiste Loch Lao’ — an dara meánscoil lán-Ghaeilge le bunú i mBéal Feirste

Tá sé i gceist ag ‘Meitheal na hIarbhunscolaíochta do Thuaisceart Bhéal Feirste’ iarbhunscoil lánGhaeilge nua, ‘Coláiste Loch Lao’, a bhunú sa chathair mar gheall ar an éileamh mór atá ar an nGaeloideachas ag an dara leibhéal.

Reáchtáladh cruinniú aréir i nGaelscoil Éanna ar Bhóthar Bhaile na hArda i nGleann Ghormlaithe leis an togra a phlé.

Maíonn an Mheitheal go bhfuil fás tagtha ar an éileamh ar an nGaeloideachas ag an dara leibhéal sa chathair, diaidh ar diaidh, le cúig bliana anuas agus go bhfuiltear ag súil go leanfaidh an fás sin ar aghaidh as seo go ceann cúig bliana eile.

“Tá Coláiste Feirste, an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste, beagnach lán anois; beifear in ann freastal ar 600 dalta leis an síneadh nua agus na háiseanna spóirt. Mar sin féin, beidh 670 duine sa scoil i mbliana. Níl i ndán don éileamh sin ach fás agus is léir go bhfuil gá le tuilleadh scoileanna san earnáil,” a dúradh i bhfógra a cuireadh amach faoin scoil nua.

Tá súil ag an ngrúpa go mbeidh iarbhunscoil lán-Ghaeilge ag feidhmiú faoi thús na scoilbhliana 2019-2020, ar a luaithe. Beidh an scoil nua mar shruth de chuid Choláiste Feirste ar dtús go dtí go mbeidh sí in ann seasamh ar a dhá cos féin. Cinnteoidh an socrú sin, a mhaíonn an Mheitheal, go bhfuil múinteoirí láncháilithe ar fáil ón gcéad lá riamh agus go mbeidh na hacmhainní agus na háiseanna cuí ag an scoil nua.

Beidh cruinnithe eile ag tarlú sna seachtainí amach romhainn leis an éileamh a bheadh ar a leithéid de mheánscoil a mheas agus táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí a bhfuil spéis acu a bpáistí a chur ag scoil lán-Ghaeilge freastal ar na cruinnithe sin nó teagmháil a dhéanamh leis an Meitheal.

Bunaíodh Coláiste Feirste 26 bliain ó shin le freastal ar an éileamh ar oideachas iarbhunscoile i nGaeilge sa chathair. Ba í an t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart ar feadh i bhfad go dtí gur bunaíodh Coláiste Dhoire dhá bhliain ó shin.

Fág freagra ar '‘Coláiste Loch Lao’ — an dara meánscoil lán-Ghaeilge le bunú i mBéal Feirste'

  • Mánus

    Is íontach an dul chun cinn atá déanta ag an Meitheal Iarbhunscolaíochta i mBéal Feirste. Tá siad le moladh as an fhís atá acu agus an obair chrua atá á dhéanamh acu leis an fhís sin a chur i gcrích.