‘Coir fuatha’ eachtra inar péinteáladh ‘UVF’ ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair, a deir an PSNI

Tá an PSNI i mbun fiosruithe maidir leis na heachtraí i gClóidigh, an cás is deireanaí den loitiméireacht leanúnach atá á déanamh le roinnt blianta anuas ar an nGaeilge ar chomharthaí sa Tuaisceart

‘Coir fuatha’ eachtra inar péinteáladh ‘UVF’ ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair, a deir an PSNI

Tá ráite ag póilín i nDoire gur “coir fuatha” a bhí in eachtra loitiméireachta inar cuireadh péint dhubh agus ‘UVF’ ar chomharthaí dátheangacha sa chontae.

Tá an PSNI i mbun fiosruithe maidir leis na heachtraí i gClóidigh, an cás is deireanaí den loitiméireacht leanúnach atá á déanamh le roinnt blianta anuas ar an nGaeilge ar chomharthaí sa Tuaisceart.

Dúirt na póilíní gur mheas siad go ndearnadh an damáiste don chomharthaíocht uair éigin le dhá mhí anuas agus gur “coireanna fuatha” a bhí i gceist. Iarradh ar aon duine a raibh eolas acu faoin loitiméireacht teagmháil a dhéanamh leo.

Cara Hunter, iarrthóir de chuid an SDLP i dtoghchán an Tionóil, a tharraing aird ar an loitiméireacht ar na comharthaí ar Bhóthar Ballyhanedin an tseachtain seo.

Dúirt Hunter gur mór “an náire” an graifítí agus nach mbeadh aon ghlacadh ag muintir na háite le daoine a bheith ag “marcáil críche” mar seo.

Tá ráite cheana ag póilíní an Tuaiscirt gur “coir fuatha” a bhíonn i gceist le heachtraí ina ndéantar dochar do chomhartha bóthair dátheangach.

Dúradh an méid sin, mar shampla, nuair a scriosadh an Ghaeilge de chomhartha bóthair i gceantar Bhóthar an Chéide sa Bhaile Úr i nDeisceart Ard Mhacha ag deireadh na bliana seo caite.

Tá loitiméireacht gan stad á déanamh ar chomharthaí dátheangacha le tamall de bhlianta anuas.

Baineadh úsáid as péint agus uirlisí cumhachta chun comharthaí dátheangacha a scriosadh i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le linn na Nollag seo caite. Rinneadh damáiste do chomhartha amháin sa mBaile Úr in Ard Mhacha trí huaire taobh istigh de dhá mhí.

Loiteadh cuid de na comharthaí le péint agus stroighin chun an leagan Gaeilge de logainm a chlúdach agus gearradh anuas comharthaí eile le líomhadóirí diosca.

Léiríonn na figiúirí go bhfuil líon na n-eachtraí loitiméireachta ag dul i méid gach bliain. Cúig eachtra a tuairiscíodh ar fud Thuaisceart Éireann in 2015 ach bhí níos mó ná 100 i gceist in 2021.

Rinneadh loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha beagnach 300 uair i gceantair éagsúla ar fud an Tuaiscirt le cúig bliana anuas agus tá £40,000 caite ag comhairlí áitiúla ar an obair dheisiúcháin a bhain leis na heachtraí.

Chaith Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin níos mó ná £11,000 idir 2015 agus 2021 ar bheagnach 60 cás ina raibh loitiméireacht déanta ar chomharthaí dátheangacha.

230 cás a bhí i gceist i Lár Uladh ó 2017 agus tá os cionn £24,000 caite ag an gComhairle ansin ar chomharthaí loite a dheisiú.

Fág freagra ar '‘Coir fuatha’ eachtra inar péinteáladh ‘UVF’ ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair, a deir an PSNI'