Cluichí leathcheannais an-difriúil roimh pheileadóirí Chill na Martra agus an Spidéil

Príomhghrád Idirmheánach Peile Chorcaí Cill na Martra v Ceann Toirc – Mala, 3.00i.n. Beidh peileadóirí Chill na Martra ag iarraidh díoltas a bhaint amach tráthnóna nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Cheann Toirc i gcluiche leathcheannais sa phríomhghrád idirmheánach tráthnóna. D’imir na foirne céanna i gcoinne a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais anuraidh agus fuair […]

Cluichí leathcheannais an-difriúil roimh pheileadóirí Chill na Martra agus an Spidéil

Príomhghrád Idirmheánach Peile Chorcaí
Cill na Martra v Ceann Toirc – Mala, 3.00i.n.

Beidh peileadóirí Chill na Martra ag iarraidh díoltas a bhaint amach tráthnóna nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Cheann Toirc i gcluiche leathcheannais sa phríomhghrád idirmheánach tráthnóna. D’imir na foirne céanna i gcoinne a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais anuraidh agus fuair an fhoireann as Dúiche Ealla an ceann is fearr ar fhir na Gaeltachta, 3-8 in aghaidh 0-13.

Na cúil a spreag Ceann Toirc agus a chinntigh bua dóibh an lá sin ach is iad Cill na Martra rogha láidir na coitiantachta inniu agus cuma na maitheasa orthu go dtí seo sa chraobh.

Tháinig siad slán ó chluiche crua i gcoinne Naomh Abán sa chéad bhabhta ach thug Cill na Martra greadadh do chumann Uinsinn Naofa (4-14 v 0-9) agus do Chnoc na Graí (7-11 v 0-13) sa dá chluiche a bhí acu ó shin.

Dan Ó Duinnín (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá scrios déanta ag tosaithe Chill na Martra go dtí seo – tá 2-7 scóráilte ag Shane Ó Duinnín, 1-10 ag Micheál Ó Deasúna, 2-6 ag Damien Ó hÚrdail, 2-5 ag Dan Ó Duinnín agus 2-4 ag Ciarán Ó Duinnín. Tá cosantóirí maithe acu freisin agus cúil faighte dóibh ag an imreoir contae, Tadhg Ó Corcora, agus ag an seanfhondúir Nollaig Ó Laoire.

Ní mór cuimhneamh go bhfuil sé ceithre seachtaine ó imríodh an cluiche deireanach sin in aghaidh Chnoc na Graí, bearna nach gcabhróidh le Cill na Martra, seans.

Is a mhalairt atá ag cur as dá gcéilí comhraic. Bhí cluichí go leor ag imreoirí Cheann Toirc sa tréimhse chéanna. Chuaigh iománaithe an chumainn chomh fada leis an gcluiche leathcheannais sa Chraobh Shinsir an deireadh seachtaine seo caite agus is é cluiche an lae inniu an deichiú ceann a imreoidh cuid de na himreoirí taobh istigh de 11 seachtain.

Ní bheadh ceachtar foireann iontach sásta leis an réiteach a rinne siad don chluiche seo ach ó tharla gur áit i gcluiche ceannais an chontae an duais, ba cheart go mbeadh sárchoimhlint ann.

Pádraig Eoin Ó Curraoin (An Spidéal). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
An Spidéal v Muine Mheá-An Mhainistir – Staid an Phiarsaigh, 3.30i.n.

Tá cluiche cinniúnach ag imreoirí an Spidéil inniu chomh maith agus deis acu a n-áit i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe a choinneáil bliain eile má éiríonn leo Muine Mheá-An Mhainistir a shárú.

Cuireadh moill ar an gcluiche seo sna babhtaí dícháilithe nuair a bhain conspóid leis an gcluiche idir an Spidéal agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach. I dtreo dheireadh na himeartha sa chluiche sin, thug an réiteoir an scór mícheart d’imreoirí an Spidéil agus dúirt go raibh siad pointe chun deiridh. Chinn siad iarracht a thabhairt ar chúl seachas cúilín a scóráil, cúilín a thabharfadh slán iad, mar a tharla sé.

Ghlac coiste chontae na Gaillimhe leis go raibh botún déanta ag an réiteoir agus gur comhscór a bhí sa chluiche ach diúltaíodh d’achomharc an Spidéil a bhí ag iarraidh go n-imreofaí an cluiche arís nó nach dtabharfaí ísliú céime d’aon fhoireann sa Chraobh Shinsir i mbliana.

D’fhág an t-aighneas uile go bhfuil cluiche an lae inniu le himirt acu.

Bhí an Spidéal ar fheabhas sa chéad leath den chluiche úd in aghaidh Bhóthar na Trá-Chnoc na Cathrach agus ba údar mór díomá dóibh gur lig siad do rudaí titim as a chéile sa dara leath.

Má imríonn siad chomh maith céanna inniu agus a rinne siad sa chéad 30 nóiméad den chluiche sin, ba cheart go mbuailfeadh siad Muine Mheá-An Mhainistir gan mórán stró.

Ní mór a rá nach bhfacthas mórán i mbliana fós den imirt iontach a chonaiceamar ón Spidéal le cúpla bliain.

Tá scoth na n-imreoirí acu fud fad na páirce ach caithfidh siad an mianach atá iontu a léiriú i Staid an Phiarsaigh.

Má theipeann orthu é sin a dhéanamh, beidh cath fíochmhar rompu i gcoinne na gcomharsan, Micheál Breathnach, sa chluiche ceannais dícháilithe.

Fág freagra ar 'Cluichí leathcheannais an-difriúil roimh pheileadóirí Chill na Martra agus an Spidéil'