LEABHAIR
Clinic Leabhar Pháistí Éireann i POTA cafe
Beidh Clinic Leabhar ag Leabhar Pháistí Éireann i Pota Café i mBaile na hAbhann ar an Satharn, 8 Márta ó 11:30 r.n. go dtí 3:30 i.n mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá fáilte curtha roimh léitheoirí óga bualadh isteach go dtí an clinic agus moltaí leabhar a fháil ó na ‘Dochtúirí Leabhar’.
Is do léitheoirí óga atá an ócáid seo,
bíodh siad sa tóir ar shraith nua nó iad bréan de na leabhair atá ar a leabhragán féin sa mbaile. Tugann na dochtúirí leabhar ag Leabhar Pháistí Éireann treoir ar leabhair do pháistí agus do theaghlaigh. Tar éis comhrá beag sciobtha, bíonn na dochtúirí in ann a machnamh a dhéanamh bunaithe ar an gcomhairle a fhaigheann siad ón léitheoir óg faoi na cineálacha leabhar a thaitníonn leo.
Ina dhiaidh sin bíonn na dochtúirí leabhar in ann moltaí a dhéanamh agus ‘oideas léitheoireachta’ a thabhairt don léitheoir óg agus iad ag dul abhaile. Fágann gach páiste Clinic na Leabhar lena n-oideas léitheoireachta féin agus cóip de Threoir Léitheoireachta Leabhair Pháistí Éireann. Maireann gach coinne thart ar 15 nóiméad agus ar a mhéid, ní bheidh an ‘dochtúir’ in ann ach 16 páiste a fheiceáil, mar sin tá na coinní teoranta agus beidh tús áite ag na daoine is túisce a chuireann isteach orthu.
Seoladh Gaeil agus Géibheann i bPríosún Chill Mhaighneáin
Beidh seoladh leabhair agus plé ar na leabhair Gaeil agus Géibheann: Cimí poblachtánacha agus an Ghaeilge agus Captive Columns le Eoghan Mac Cormaic i bPríosún Chill Mhaighneann ar an Déardaoin, 13 Márta ag 6:30 i.n. Cuirfidh Mary Lou McDonald, T.D. agus Uachtarán Shinn Féin, tús leis an ócáid atá á reáchtáil mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge agus beidh an t-údar Eoghan Mac Cormaic ag caint ar na leabhair féin. Is iomaí sin cor agus casadh a bhaineann le haistear na Gaeilge trí na príosúin inar coinníodh poblachtánaigh i rith na mblianta. Insíonn Eoghan Mac Cormaic a scéal sa leabhar seo.
Tarraingíonn sé ar a thaithí féin chomh maith le réimse leathan foinsí nár foilsíodh riamh: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad. Sa leabhar Captive Columns tugann Mac Cormaic aghaidh ar litríocht an phreasa phoblachtánaigh, a d’fhoilsigh os cionn trí scór teideal príosúnacha, go leor acu lámhscríofa.
Níl aon táille ar an ócáid ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré don ócáid seo. Seol rphost chuig eoghanmaccormaic@gmail.com
CEOL
Immram in An Taibhdhearc
Is sraith dánta atá in Immram le Nuala Ní Dhomhnaill a foilsíodh den chéad uair ina cnuasach Feis (1991). Sa bhliain 2019, rinne Paddy Bushe agus Féile Filíochta Ghrianstad Amergin Neil Ó Lochlainn a choimisiúnú chun ceol a dhéanamh de na dánta, agus dá bharr sin, cuireadh an tsraith cheoil i láthair den chéad uair ag an bhféile sa Choireán sa bhliain 2021.
Tá an ceol measctha le tionchair ó cheol traidisiúnta na hÉireann agus traidisiún amhránaíochta an tsean-nóis, chomh maith leis an snagcheol/ceol saorchumtha agus ceol clasaiceach comhaimseartha chun stíl nuálach, iar-sheánraithe a dhéanamh de cheol aireagail comhaimseartha na hÉireann.
Beidh sé ar siúl sa Taibhdhearc ar an Satharn, 8 Márta. Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.
FÉILTE
Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ar fud an domhain
Cuireadh tús an tseachtain seo le Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta ag ceiliúradh na teanga. Tá na céadta imeachtaí ar bun ar fud na tíre agus go leor ar siúl i dtíortha thar lear chomh maith. Tá liosta na n-imeachtaí ar fad ar fáil ar an suíomh idirlín Peig.ie áit gur féidir cuardach a dhéanamh de réir mhapa na hÉireann le feiceáil céard atá ar siúl i gceantair áirithe. Tuilleadh eolais agus liosta na n-imeachtaí ar fáil anseo.
Seachtain na Gaeilge in Amharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail
Tá sraith imeachtaí ar bun ar feadh seachtaine in Amharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail agus iad ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Beidh an Ciorcal Comhrá ag ceiliúradh bliain ar an bhfód maidin inniu (Dé hAoine, 7 Márta ag 11r.n.) agus ceol, caint, craic, filíocht, amhráin agus damhsa le Gabriel Mac Muiris agus Áine Ní Chuaig.
Tá an ciorcal ag dul ó neart go neart ó cuireadh tús leis an t-am seo anuraidh agus beidh An Saol Ó Dheas á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón amharclann mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge le Energia ag a 12 meán lae. Ina dteannta freisin don ócáid speisialta seo beidh Breanndán Ó Beaglaoich agus an ‘Kerry Cowboy’ Séaghan Ó Súilleabháin. Níl aon táille ar an doras agus tá fáilte roimh chách.
Taispeánfar an scannán Gaeilge Fidil Ghorm san amharclann ar an Mháirt 11 agus an Chéadaoin 12 Márta. Seo scéal faoi chailín óg, Molly atá 10 mbliana d’aois, a théann ar aistear lán dóchais agus í ag foghlaim chun an fhidil a sheinm.
Scríofa ag Patricia Forde agus faoi stiúir Anne McCabe. Sa chliar tá Ruadhán Ó Flatharta, Marcus Lamb, Sarah Jane Scott, Siobhán O’Kelly, Barry McGovern agus Edith Lawlor. Seo scannán nua de chuid Cine4. Beidh seónna maidine ann ag 11 r.n. ar €5 agus seó sa tráthnóna Dé Máirt ag a 8 i.n. ar €10. Tá sé riachtanach ticéad a chur in áirithe roimh ré. Cuirfear ceardlann drámaíochta ar siúl le Dic Breathnach ar an Domhnach 16 Márta mar chuid de na himeachtaí freisin.
Ticéid agus tuilleadh eolais le fáil anseo.
Fág freagra ar 'Clinic Leabhar i bPOTA, ‘Gaeil agus Géibheann’ i bPríosún Chill Mhaighneann, ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge'