Clár scoile TG4 tagtha ar an bhfód – más mall is mithid mar tá a leithéid de chlár dlite do leanaí na Gaeilge

Mar chraoltóir seirbhíse poiblí tá sé tábhachtach go ndéanfadh stáisiún Bhaile na hAbhann a leithéid, go mórmhór agus seans ann nach n-osclóidh na scoileanna go dtí mí Mheán Fhómhair

Breis agus cúig seachtaine ó iadh na scoileanna tá Cúla4 ar Scoil ar an bhfód (TG4, maidin inniu).  Sé an comhlacht léiriúcháin Fíbín atá imithe i mbun comhghuaillíochta leis an stáisiún béal dorais le clár scoile a chur ar fáil do leanaí bunscoile na Gaeltachta agus na ngaelscoileanna. Is éard atá curtha rompu acu ná clár leathuair an chloig a chraoladh ag a deich ar maidin ó Luan go hAoine.

Mar chraoltóir seirbhíse poiblí tá sé tábhachtach go ndéanfadh stáisiún Bhaile na hAbhann a leithéid, go mórmhór agus seans ann nach n-osclóidh na scoileanna go dtí mí Mheán Fhómhair. Cinnte beidh seacht gcúraimí an tsléibhe ar mheitheal an chláir is iad ag iarraidh gach rud a tharraingt le chéile ach tá a leithéid do chlár dlite do leanaí na Gaeilge. A bhuíochas leis do COGG agus Tuismitheoirí na Gaeltachtaí as a maidí a chur sa bhfeamainn.

Tá sé i gceist freastal, oiread agus is féidir, ar na haoisghrúpaí ar fad agus díriú ar chroí-ábhair cosúil leis an nGaeilge (gan amhras), Tíreolas agus Stair. Lena chois sin cuirfear béim ar na gcruthaitheacht, na healaíona béil agus cúrsaí sláinte is folláine. Gealltar dúinn go dtarraingeofar na canúintí isteach sa chúram chomh maith.

Is iad Fiachra Ó Dubhghaill agus Caitríona Ní Chualáin a bhí mar mhúinteoirí againn ar maidin agus ba iad a bhí go nádúrtha, suáilceach agus deas ar a gcúraimí. Bhí siad buailte fúthu i seomraí ranga i Scoil na bhForbacha i gConamara agus tá sé go hiontach do na leanaí fiú radharc a fháil ar sheomra ranga.

Téamaí seachtainiúla a bheidh againn dealraíonn sé agus “an chumarsáid” idir lámha againn an tseachtain seo. Grafaicí agus an clár bán idirghníomhach ag Fiachra is é ag cur síos ar na cláracha teilifíse éagsúla; Caitríona ag cabhrú linn leis an am a léamh agus léargas a fháil ar stair na teilifíse.

Tá sé riachtanach agus cuí go mbeadh míreanna ó dhaoine eile, agus na leanaí iad féin go deimhin, mar chuid lárnach den chlár. Bhí mír bheag againn ó Chiarán Kilkenny, ar múinteoir bunscoile é is dóigh liom, agus mír dheas chócaireachta ó Diarmaid Ó Mathúna. Ba cheart cur leo seo. D’fhéadfaí mír sheachtainiúil a thabhairt don láithreoir óg cumasach, Ruarc Ó Confhaola. Mhínigh Ruarc, nach bhfuil ach cúig bliana d’aois, dúinn an tábhacht a bhaineann lenár gcuid lámha a ní. Is cinnte go mbeidh na físeáin seo ós na leanaí ina seoda beaga. 

Clár taitneamhach, tábhachtach.

Más mall is mithid.

Fág freagra ar 'Clár scoile TG4 tagtha ar an bhfód – más mall is mithid mar tá a leithéid de chlár dlite do leanaí na Gaeilge'