Clár faisnéise faoi shaol mhuintir Thoraí le craoladh anocht ar TG4

Tá duine de na daoine ab aitheanta le Toraigh, an Rí Patsy Dan Mac Ruairí, a bhásaigh in 2018, i measc na ndaoine atá le feiceáil sa chlár agus é i mbun machnaimh faoina shaol ar an oileán

Clár faisnéise faoi shaol mhuintir Thoraí le craoladh anocht ar TG4

Tugtar léargas i gclár faisnéise nua faoi Thoraigh a chraolfar ar TG4 anocht, ar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag muintir Thoraí chun saol an oileáin Ghaeltachta a chaomhnú.

Is comhléiriú é an clár Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige idir TG4 agus BBC Gaeilge.

Deir lucht déanta an chláir gur saol “neamhchinnte” atá i ndán don phobal beag dhá céad duine, toisc gan ach beagán fostaíochta a bheith ar fáil do na hoileánaigh agus cosc a bheith ar iascaireacht bradán, rud atá ag cur as go mór do mhuintir an oileáin.

Léirítear sa chlár faisnéise, a léirigh Dearcán Media, TITA productions agus Lugh Films, faoi mar a chuaigh an feachtas ar son seirbhís farantóireachta, a bhí go mór i mbéal an phobail anuraidh, i bhfeidhm ar mhuintir an oileáin.

Tá duine de na daoine ab aitheanta le Toraigh, an Rí Patsy Dan Mac Ruairí, a bhásaigh i mí Dheireadh Fómhair 2018, i measc na ndaoine a bheidh le feiceáil sa chlár agus é i mbun machnaimh faoina shaol ar an oileán.

Craolfar Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige ar TG4 anocht ag 9:30pm

Fág freagra ar 'Clár faisnéise faoi shaol mhuintir Thoraí le craoladh anocht ar TG4'