Clár Chomóradh 1916 Chonradh na Gaeilge le seoladh ag garmhac Eoin Mhic Néill

Mar chuid den Chlár, a sheolfaidh Michael McDowell anocht, tá 15,000 leathanach den Chlaidheamh Soluis á ndigitiú ag an gConradh

File Photo THE FORMER JUSTICE Minister Michael McDowell has weighed in on the issue of whether the Provisional IRA still exists as an organisation. Writing in The Irish Times newspaper this morning, McDowell states that a decision was made to let the IRA

Seolfar Clár Chomóradh 1916 Chonradh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide anocht. Is iad an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh agus Michael McDowell, iar-aire dlí agus cirt agus garmhac duine de bhunaitheoirí an Chonartha, Eoin Mac Néill, a sheolfaidh an Clár ag 6in anocht.

Mar chuid den Chlár, tá 15,000 leathanach den Chlaidheamh Soluis á ndigitiú ag an gConradh, fad is atá atheagar á chur ar ábhar cartlainne an Chonartha agus cuid den bhailiúchán á cur ar fáil ar líne den chéad uair.

Reáchtálfar ‘Féile na Físe’ sna scoileanna ar Lá an Fhorógra an bhliain seo chugainn (15 Márta 2016) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, agus beidh ceardlanna idirghníomhacha ar siúl mar chuid de ‘Sheó Bóthair’ Chonradh na Gaeilge sna scoileanna. Beidh taispeántas soghluaiste speisialta bunaithe ar cháipéisí stairiúla atá i seilbh an Chonartha ar bun ar fud na tíre i gcaitheamh na bliana 2016.

Is cuid é Clár an Chonartha den tsraith ‘An Teanga Bheo’. Beidh seimineár dátheangach ar siúl díreach i ndiaidh an tseolta anocht mar chuid den tsraith ‘Plé ’16’, atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge.

Ag seimineár na hóiche anocht pléifear an cheist, ‘Cad is brí le ‘Saor agus Gaelach’ i 2016?’.

Beidh córas aistriúchán comhuaineach ar fáil don seimineár poiblí a thosóidh ag 7 anocht.

Fág freagra ar 'Clár Chomóradh 1916 Chonradh na Gaeilge le seoladh ag garmhac Eoin Mhic Néill'