Clár breá ach sampla eile d’éidreoir TG4 ó thaobh na Gaeilge

Insíodh go maith scéal na mná a lámhach Mussolini i bhfadscannán nua ó TG4 ach d’inis an clár céanna scéal eile ó thaobh chás na teanga ar an stáisiún

Clár breá ach sampla eile d’éidreoir TG4 ó thaobh na Gaeilge

I mí Aibreáin na bliana 1926 dhein bean mheánaosta de bhunadh uasaicme na hÉireann iarracht an deachtóir Benito Mussolioni a lámhach sa Róimh. Ní nach ionadh lean cad é fothragadh is foréigean an eachtra. Níor gortaíodh Mussolini go dona agus mar ba dhual dó bhí sé lán de bhuaileam sciath faoin ngortú ‘fánach’ a bhain de.

Déanann an fadscannán faisnéise seo, atá uair an chloig go leith ar fhad, cíoradh ar shaol na mná úd, Violet Gibson a rugadh in Éirinn in 1876 (Violet Gibson, TG4, Dé Céadaoin). 

Seanscéal is meirg air anois é scéal an Bhéarla ar TG4 agus sampla eile é an clár seo de chur chuige an stáisiúin i leith na Gaeilge. Bhí reacaireacht as Gaeilge againn (ó Tara Breathnach) agus go leor míreanna athchruthaithe as Béarla agus Iodáilis. Naonúr cloigne cainte a bhí sa chlár agus do labhair seisear acu sin as Béarla. Lena chois sin ba iad aíonna an Bhéarla, go háirithe an t-údar Frances Stonor Saunders, is mó a stiúraigh an clár. 

Go deimhin ba bheag nach raibh níos mó Iodáilise le cloisint ós na cloigne cainte ná Gaeilge. Ar na saolta seo is minic a thaibhsítear dom gur le doicheall agus le teann béalghrá a dhéantar míreanna Gaeilge a chaitheamh isteach i gcláracha ar TG4. Déarfaidh siad, is dócha, gur clár e seo don ‘lucht féachana náisiúnta’. 

Is cuma. 

Is clár é seo ba cheart a chraoladh ar chainéal Béarla cosúil le RTÉ, seachas ar TG4.

Bíodh sin mar atá thug an clár faoina scéal go pointeáilte, tomhaiste cé ná dóigh liom go raibh gá le huair an chloig go leith leis an scéal sin a reic. Bhí míreanna athchruthaithe fada ar fud an tsaothair. Sí an t-aisteoir cumasach Olwen Fouéré a bhí i ról Violet agus sí siúd a dhein formhór na míreanna a iompar. Dhein sí a cúram go paiteanta mar is dual di. Faoi mar a luadh thuas sí Frances Stonor Saunders (a scríobh leabhar faoi Violet) a dhein cuid mhaith den chaint agus labhair sí go heolgaiseach, deisbhéalach. 

Deineadh trácht ar óige Violet in Éirinn. Ba de bhunadh uasaicme Angla-Éireannach í. Bhí a hathair ina fheisire parlaiminte, Ard-Seansailéir na hÉireann agus ina Bharún ina dhiaidh sin. Bhí saol sócúil, sóúil aici, aon searbhónta dhéag agus máistreás ag baile aici mar aon le deis aici taisteal ar fud na hEorpa ina hóige. Mheabhraigh an clár dúinn gurbh é meon na sochaí an uair úd mná a ullmhú don bpósadh. Tugadh cuntas ar a fadhbanna sláinte, cúrsaí meabhairshláinte, ar a haistear reiligiúin is polaitíochta mar aon lena cuid oibre mar ghníomhaí síochána. 

I rith an ama tugadh cuntas ar theacht i gcumhacht Mussolini, scéal atá inste go mion minic cheana a déarfainn. Ar deireadh thiar tugadh go Róimh na bliana 1926 sinn, agus an lá úd i 1926 gur scaoil sí piléar le Il Duce. 

Tagann cúrsaí meabhairshláinte chun cinn arís tar éis an ionsaithe. Giollaí Benito in amhras is eaglach go raibh comhcheilg i gceist. Mar gur de bhunadh uasaicme Angla-Éireannach í, bhí sé níos fusa a rá go raibh an bhean seo as a meabhair agus í a chur fé ghlas i ngealtlann. 

Saothar suimiúil ach sampla eile é d’éidreoir TG4 ó thaobh na teanga. 

Fág freagra ar 'Clár breá ach sampla eile d’éidreoir TG4 ó thaobh na Gaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Dá mba chlár Gaeilge a bhí ann bheadh páirt níos mó ann ag deartháir Violet, ball de Chonradh na Gaeilge a labhair Gaeilge thall i dTeach na dTiarnaí. Bhí sé níos Gaelaí ná cuid mhaith de na hasail atá ina dTeachtaí Dála agus ina Seanadóirí inniu againn.

  • Pádraig Ó Súilleabháin

    Léirmheas suimiúil

  • Feardorcha

    An fód á sheasamh go tréan ag an léirmheastóir seo, gan comhghleacaí ná piarda mór teanga fairis, faraor. Tá TG4 ar éidreoir agus is cuma le gach éinne ach a ‘croíphobal’, nach n-éistear leo.

  • Juan

    Clár bhreá ach aontaím leat faoin bhfaillí atá ar bun ag TG4. Chuir mé gearán, ní den chéad uair, chucu seachtain ó shin faoin gclaonadh seo ach ní bhfuair mé oiread agus ‘GRMA’. Ní thuigim cad as a dtagann an meon seo – ceannairí TG4 seans? Ach chuirfeadh sé drogall orm stocaireacht ar bith a dhéanamh ar a son.

  • Colm Mac Séalaigh

    Caithfidh TG4 a choinsias a scrúdú i dtaobh a pholasaí Gaeilge agus treoir shoiléir a thabhairt do lucht coimisiúnaithe agus iad i mbun clár

  • Cluain Sceach

    Léirmheas tuisceanach. Tá TG4 náireach.

  • Eibhlín

    Molaim Breandán as an léirmheas seo a scríobh.
    Bíonn na smaointe céanna ag rith liom agus ag cur as do mo bhrú fola go minic agus mé ag breathnú ar TG4.
    Ní chuirfeadh na nósanna céanna ar chainéil eile an oiread as dhom mar go dtuigim go maith nach dtuigeann agus go cuma sa diabhal le lucht ceannis na gcainéal sin go bhfuil mo leitheide ann.
    ACH mar ghaeilgeoir tuigim go rí mhaith NACH ormsa atá TG4 ag freastal ná ag iarraidh freastail ach an oiread.
    Ní thagann siolla i ngaeilge amach as béal aon nduine ar scáileán TG4 nach n-aistrítear go béarla ar an bpoinnte boise ach fágtar an gaeilgeoir atá ag breathnú le cloigeann an bhéarla a chuir air nuair a labhraítear i mbéarla (go minic!)…………an mheoin dímheasúil chéanna i réim i gcónaí…….Sure dont they have english anyway :(((

    Sean cheist céanna ag rith liom aríst eile.
    Cén fáth a bhfuil TG4 ann?

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Clár maith, ach is dócha go mbeidh sé á áireamh mar chlár “Gaeilge”.
    B’fhearr a leithéid seo a chraoladh ar chainéal Béarla de chuid RTÉ, mar a luadh. Tá gá le scrúdú coinsiasa in TG4 faoi na fáthanna a bhfuil an cainéal ann. Mar leithscéal ag na cainéil “Bhéarla” an Ghaeilge a dhíbirt faoi seo?

  • Art

    Sean scéal agus meirg, tá an ceart ar fad agat. TG 4 nobody.