Ciorrú le déanamh ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta

Beidh ciorruithe á gcur i bhfeidhm ar sceideal RnaG toisc daoine a bheith ag dul ar luathscor. Idir an dá linn, tá bailchríoch curtha ar athbhreithniú RTÉ ar struchtúr bainistíochta an stáisiúin…

Ciorrú le déanamh ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta

Beifear ag déanamh ciorruithe ar sheirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta san earrach.

Tugadh le fios d’fhoireann an stáisiúin raidió ag cruinniú a bhí ar siúl an tseachtain seo caite go mbeadh ciorruithe á gcur i bhfeidhm ar an sceideal toisc daoine a ghlac le pacáiste iomarcaíochta ó RTÉ a bheith ag fágáil na heagraíochta.

Tuigtear gur éirigh le hiarratais seachtar d’fhoireann an raidió faoin gclár iomarcaíochta deonaí a fógraíodh anuraidh chun laghdú a dhéanamh ar líon na foirne in RTÉ.

Beidh na daoine sin ag dul ar luathscor aimsir na Cásca agus thug lucht bainistíochta an stáisiún le fios don fhoireann ag cruinniú na seachtaine seo caite go gcuirfear in iúl dóibh mí Aibreáin na ciorruithe a bheidh á ndéanamh ar an sceideal dá bharr. Níl cead daoine nua a fhostú in áit na ndaoine sin atá ag imeacht ar luathscor, ach tá painéal bunaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta d’oibrithe seachtracha a bhféadfaí tarraingt air chun freastal ar riachtanais áirithe.

Idir an dá linn, tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil bailchríoch curtha anois ar an athbhreithniú ar struchtúr bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chuir grúpa oibre a bunaíodh in RTÉ don chúram tús leis in earrach na bliana seo caite. Cé nach bhfuil an plean athstruchtúraithe faofa go fóill, meastar go bhfuil sé i gceist deireadh a chur le post an leascheannaire sa stáisiún agus post bainistíochta eile, a bheadh dírithe níos mó ar bhainistiú acmhainní agus daoine, a chur ina áit.

Tá leascheannaire an stáisiún Gearóid Mac Donncha ag feidhmiú mar cheannaire gníomhach ar an stáisiún ó d’éirigh Edel Ní Chuireáin as i mí an Mhárta seo caite.

Tuairiscíodh an uair sin nach bhfógrófaí post an cheannaire go dtí go ndéanfaí an t-athbhreithniú ar chóras bainistíochta an stáisiúin. Tuigtear go bhfuil sé i gceist an post sin a fhógairt a luaithe agus a bheidh an plean athstuchtúraithe faofa.

Beidh roinnt dúshlán le sárú chomh maith ag Nuacht TG4 sa tréimhse amach romhainn agus ceathrar d’fhoireann na nuachta, beirt iriseoirí ina measc, ag dul ar luathscor faoi chlár iomarcaíochta RTÉ. Níor líonadh ach oiread go fóill an folúntas ar fhoireann na nuachta atá ann ó d’éirigh an t-iriseoir Barraí Mescall as bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Ciorrú le déanamh ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta'

  • Ruairí

    Tá an radio Gaeltachta fíor-thábhachtach agus is mór an chabhair beocht a choinneáil sna pobail Gaeltachta agus ceangail a choinneáil leis na daoine óga atâ imithe thar lear. Cé fáth nach bhfuil cead daoine nua a fhostú? Nīl an toil polaitiúil ann. Cén ábhar ceiliúrtha atá againn sa nGaeltacht i “mBliain Bhréagach na Gaeilge 2018 ???

  • Seanán Ó Coistín

    Ní hionann bainistíocht agus bainisteoirí. Is í bainistíocht an ghníomhaíocht a dhéanann bainisteoirí. Caitear leis an bhfocal bainistíocht mar ar nós an bealach a caitear leis an bhfocal “management” i mBéarla. Is mór an trua sin mar is daoine iad bainisteoirí ach ní daoine í bainistíocht.