Cinneadh le déanamh faoi scoileanna, imní léirithe ag Holohan faoina n-athoscailt

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhfuil NPHET níos buartha anois ná mar a bhíodar aon uair eile ó thús na paindéime.

Cinneadh le déanamh faoi scoileanna, imní léirithe ag Holohan faoina n-athoscailt

Meastar go molfaidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí don Rialtas scoileanna na tíre a fhágáil dúnta.

Pléifidh coiste Covid-19 an Rialtais inniu cé acu an osclófar nó nach n-osclófar na scoileanna ar an Luan seo chugainn, an 11 Eanáir.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan aréir go bhfuil an baol ann nach mbeifear in ann na scoileanna a fhágáil oscailte mar gheall ar a thréine is atá an galar á scaipeadh sa phobal.

Dúirt Holohan go raibh “imní” níos mó ar NPHET faoi scaipeadh an ghalair ná mar a bhí nuair a shocraigh siad ag deireadh na bliana seo caite nár ghá na scoileanna a dhúnadh.

Dúirt Holohan go raibh líon ard na gcásanna i measc daoine óga a bheadh ag freastal ar scoileanna ina údar imní.

D’fhág an fás ar scaipeadh an ghalair go raibh imní air nach bhféadfaí leanúint leis an teagasc sa seomra ranga, a dúirt Holohan.

Dr Tony Holohan leis an tOllamh Philip Nolan. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go raibh go leor fianaise ann a chruthaíonn nach bhfuil baint an-mhór ag scoileanna le scaipeadh an ghalair ach gur ceist eile a bhí ann an gcuirfeadh an t-iompar sa phobal a leanfadh oscailt na scoileanna le scaipeadh an ghalair.

Beidh cruinniú ag an gcoiste chun plé a dhéanamh ar an bhfás as cuimse atá tagtha ar líon na gcásanna deimhnithe den ghalar agus líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil.

6,110 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, an líon is mó cásanna a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime.

Fógraíodh go raibh seisear eile a raibh an galar orthu básaithe.

776 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 70 acusan in aonad dianchúraim.

Tá ráite ag ceannairí an fhreasúra nár cheart na scoileanna a athoscailt Dé Luain seo chugainn agus tá ag méadú ar an mbrú atá á chur ar an Rialtas fad eile a chur le saoire na Nollag chun cuidiú leis an iarracht an galar a chur faoi chois sna seachtainí amach romhainn.

Déanfaidh an Príomhoifigeach Leighis Tony Holohan cur i láthair ag cruinniú an lae inniu faoin ardú mór atá tagtha ar líon na gcásanna den aicíd ón Nollaig.

Beidh ceannairí na dtrí pháirtí comhrialtais agus airí sinsearacha eile i láthair ag an gcruinniú.

Deir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí gur níos mó daoine a bheith ag bualadh lena chéile go sóisialta mí na Nollag is mó is cúis leis an ardú ar líon na gcásanna, ach tá béim á leagan ag an Rialtas ar an tréithchineál nua den ghalar a bheith níos tógálaí ná cineálacha eile.

Tar éis chruinniú an lae inniu, cuirfidh an coiste rialtais a moltaí maidir le srianta nua faoi bhráid an Rialtais. Déanfar cinneadh amárach cé acu an bhfuil nó nach bhfuil srianta nua ag teastáil nó cé acu an 0sclófar nó nach n-osclófar na scoileanna Dé Luain.

Breis is 3,000 cás nua den ghalar ar an meán a fógraíodh gach lá le seachtain anuas. Tá ráta coicíse an ghalair anois ag 583 in aghaidh gach 100,000 duine.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go meastar gur idir 700-800 atá ráta coicíse an ghalair nuair a chuirtear an mhoill ar thuairisciú cásanna san áireamh.  Tá seo níos airde ná mar a bhí le linn na chéad mhaidhme, tráth a raibh an ráta ag thart ar 600 an uair ba mheasa a bhí sé, arsa Nolan. Dúirt sé gur dócha gur idir 4,000- 5,000 atá líon na gcásanna laethúla nuair a chuirtear an mhoill san áireamh.

Tá an galar ag fás 10-13% in aghaidh an lae, a dúirt Nolan agus dúirt sé nár shamhlaigh sé riamh go mbeadh a leithéid d’fhigiúirí á bhfógairt aige.

“Sa samhaltú atá déanta, léirítear go bhféadfadh go mbeadh idir 1,500-2,000 duine in ospidéil faoi lár na míosa  seo, mura ndéanfaimid gníomh radacach chun scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna a cheansú.

Caithfimid ar fad ár ndícheall a dhéanamh chun líon na gcásanna a laghdú. Caithfimid cloí leis an bearta sláinte phoiblí, fanacht sa bhaile agus gan bualadh leis an oiread sin daoine eile,” a dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach  Ghrúpa Comhairleach Samhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann.

Dúirt an Dr Tony Holohan go bhfuil NPHET níos buartha anois ná mar a bhíodar aon uair eile ó thús na paindéime.

Más linn an víreas a cheansú agus seirbhísí riachtanacha a chosaint, caithfimid srian a chur lenár ngluaiseachtaí agus an líon daoine taobh amuigh dár líon tí féin a mbuailimid leo a laghdú,” a dúirt Tony Holohan.

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh faoi scoileanna, imní léirithe ag Holohan faoina n-athoscailt'