Cás an Choimisinéara éiste – cinneadh go luath

Éisteadh inniu san Ardchúirt leis an gcéad athchomharc riamh faoi chinneadh de chuid an Choimisinéara Teanga.

Four_Courts,_Dublin,_Ireland

D’fhógair an Breitheamh Colm Mac Eochaidh san Ard-Chúirt inniu gur ar an 16 Nollaig a thabharfaidh sé a bhreith maidir leis an athchomharc a rinne na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinnidh a rinne an Coimisinéir Teanga.

Éisteadh inniu san Ardchúirt leis an gcéad athchomharc riamh faoi chinneadh de chuid an Choimisinéara Teanga.

Baineann an cás le faisnéis faoin gcáin mhaoine áitiúil a dháil na Coimisinéirí Ioncaim ar an bpobal i gcoitinne idir 2012 agus 2013.

Dáileadh an fhaisnéis ar 1.6m teach ar fad, ach níor dáileadh leagan Gaeilge di ach ar roinnt bheag mílte duine.

Shocraigh an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin imscrúdú a thionscnamh faoin scéal i ndiaidh dá oifig cuid mhór gearán ón bpobal a fháil, agus cinneadh san imscrúdú sin gur sháraigh na Coimisinéirí Ioncaim Acht na dTeangacha Oifigiúila.

Sa chúirt inniu dúirt an tAbhcóide Ben Ó Floinn, a bhí ag feidhmiú thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim gurb í foclaíocht na reachtaíochta agus cad is brí le “cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne” bun agus barr an scéil.

D’áitigh Ó Floinn nach “cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne” a bhí i gceist i gcás na gCoimisinéirí Ioncaim mar go raibh na focail “príobháideach agus faoi rún” scríofa ar an bhfaisnéis a dáileadh ar shaoránaigh ina nduine agus ina nduine agus go raibh a n-ainmneacha féin scríofa uirthi freisin.

Níor ghlac an tAbhcóide Sinsearach Séamus Ó Tuathail, a bhí ag feidhmiú ar son an Choimisinéara Teanga, leis an áiteamh nach “cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne” a bhí i gceist.

Ghéill sé gur litreacha príobháideacha a bhí i gceist ach gur cumarsáid phoiblí a bhí sa leabhrán eolais a scaipeadh, de réir fho-alt 9.3 d’Acht na dTeangacha Oifigiúila, foráil a éilíonn gur go dátheangach nó i nGaeilge amháin a bheadh faisnéis a dháiltear ar an bpobal i gcoitinne.

Ba chóir go mbeadh a leithéid de chomhfhreagras curtha ar fáil sa dá theanga, a dúirt an tAbhcóide Sinsearach Séamus Ó Tuathail.

Shocraigh an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin imscrúdú a thionscnamh faoin scéal i ndiaidh dá oifig cuid mhór gearán ón bpobal a fháil.