Ciarraí ina máistrí ar Chúige Mumhan agus stánáil tugtha acu do Chorcaigh

Tá Ciarraí agus Maigh Eo cáilithe do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann agus Corcaigh agus Gaillimh díbeartha ón gcraobh acu

Ciarraí ina máistrí ar Chúige Mumhan agus stánáil tugtha acu do Chorcaigh

Tá Ciarraí ina máistrí ar Chúige Mumhan arís i ndiaidh dóibh stánáil a thabhairt do Chorcaigh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Bearna 22 pointe a bhí idir na foirne i gCill Airne agus pointe níos mó le spáráil ag Ciarraí ná mar a bhí i gcluiche ceathrú ceannais an chúige i 1937, an bua is mó ag an gcontae ar a gcomharsana roimhe seo.

4-22 in aghaidh 1-9 an scór deireanach i Staid an Ghearaltaigh i gCill Airne ach creid nó ná creid bhí Corcaigh cúig phointe chun cinn tar éis 17 nóiméad. 1-5 in aghaidh 0-3 a bhí ann nuair a fuair Brian Hurley cúl Chorcaí. Bhí Corcaigh lán d’anam agus bhí imirt Chiarraí breac le botúin láimhseála agus seachadta.

Ach ansin d’athraigh an uile rud agus faoin am a chríochnaigh an chéad leath bhí Ciarraí cúig phointe chun tosaigh, 1-12 in aghaidh 1-07 agus robach déanta acu ar chic amach chúl báire Chorcaí, Micheál Aodha Martin, a tógadh amach ag leath-am le gortú. Fear na Gaeltachta Brian Ó Beaglaoich, a fuair báide na Ríochta i ndiaidh ruathair aonair den chéad scoth. Bhí Ó Beaglaoich, Paudie Clifford agus Seán O’Shea ar an dtriúr imreoirí is fearr a bhí ag Ciarraí i gcluiche inar thug beagnach gach aon duine d’fhoireann na Ríochta taispeántas den scoth uathu.

Fuair Ciarraí 1-08 idir an sos uisce agus leath-am agus fágadh Corcaigh i dtaobh le dhá phointe sa tréimhse chéanna. Is in olcas a chuaigh rudaí dóibh sa dara leath.

Faoin 47ú nóiméad, bhí trí chúl eile faighte ag Ciarraí, dhá cheann ag Paul Geaney an Daingin agus ceann ag Seán O’Shea. Faoin dara sos uisce bhí cás léanmhar Chorcaí le feiscint ar chlár na scór – 4-15 in aghaidh 1-7.

Sean O’Shea  ©INPHO/Ryan Byrne

Bhí 58 nóiméad caite faoin am go bhfuair na Corcaígh a gcéad scór den dara leath, pointe ó Ian Maguire. Ní bhfaighidís ach ceann amháin eile.

Fuair Ciarraí seacht gcinn eile, cic saor do David Clifford ina measc, an t-aon scór a fuair an draíodóir óg ar choimeád Seán Meehan súil ghéar air ó thús deireadh.

Tá leorghníomh déanta ag Ciarraí, púcaí na Samhna seo caite díbeartha acu agus trí seachtaine anois acu chun prapáil do chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Thír Eoghain nó Muineachán.

©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Níos luaithe tráthnóna, thug Maigh Eo Craobh Chonnacht leo don dara bliain nuair a chloígh siad Gaillimh i bPáirc an Chrócaigh. Sé phointe d’fharasbarr a bhí ag foireann James Horan ar deireadh, 2-14 in aghaidh 2-8, ach ba é cliseadh na Gaillimhe scéal mór an chluiche.

Bhí Gaillimh cúig phointe chun tosaigh ag leath ama, 2-5 in aghaidh 0-6, agus cuma na maitheasa orthu. Ba iad Shane Walsh agus Damien Comer a fuair na cúil dóibh sa dara cuid den chéad leath agus bhí Paul Conroy ag imirt ar fheabhas lár na páirce. Bhí an bhearna cúig phointe sin tuillte ag Gaillimh tar éis 35 nóiméad.

Thit an tóin astu ar fad sa dara leath, áfach. Thóg sé 26 nóiméad orthu a gcéad scór i ndiaidh an bhrisidh a fháil, cic saor ó Matthew Tierney, agus ní nbhfuair na Gaillimhigh ach dhá phointe eile san iomlán as sin go deireadh, péire eile de chiceanna saora ó Tierney.

Thug Maigh Eo faoi na Gaillimhigh ó thús an dara leath agus iad ag baint tairbhe as cinneadh James Horan Aidan O’Shea a bhogadh chuig imeall na cearnóige. Ní raibh ach nóiméad imeartha sa dara leath nuair a bhuaigh O’Shea liathróid os comhair an chúil, thug sé pas do Matthew Ruane, a leagadh chun talún, agus scóráil Ryan O’Donoghue an cic éirice chun borradh a chur faoi Mhaigh Eo.

Ba é Ruane féin, a roghnaíodh mar laoch na himeartha, a thug Maigh Eo ar ais ar comhscór tar éis 47 nóiméad agus faoin sos uisce, bhí siad imithe dhá phointe chun tosaigh, 1-10 in aghaidh 2-5. Faoin am gur chuir Matthew Tierney deireadh le gorta scórála na Gaillimhe sa 62ú nóiméad, bhí 1-6 aimsithe ag Maigh Eo.

Oisín Mullen agus Shane Walsh ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Cé gur laghdaíodh an bhearna idir na foirne go dtí dhá phointe agus breis is deich nóiméad fágtha san imirt, ní raibh an chuma ar an scéal riamh go ndéanfadh Gaillimh an teacht aniar a bhí ag teastáil.

Agus sé nóiméad d’am cúitimh fágtha, bhí ar Shane Walsh an pháirc a fhágáil le gortú a bhí ag cur as dó don dara leath uile agus d’imigh aon seans a bhí ag Gaillimh leis.

San am a bhí fágtha, d’fhéadfadh Maigh Eo cúpla cúl eile a bheith faighte acu ach níor theastaigh siad agus áit i gcluiche leathcheannais na hÉireann bainte amach acu.

Fág freagra ar 'Ciarraí ina máistrí ar Chúige Mumhan agus stánáil tugtha acu do Chorcaigh'