Chun ‘leas na teanga’ focal buíochais i nGaeilge Rí ‘Love Island

Tarraingíodh anuas inniu cúpla focal Gaeilge Greg O’Shea, buaiteoir ‘Love Island’, le linn díospóireacht raidió faoi cheist na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais

Chun ‘leas na teanga’ focal buíochais i nGaeilge Rí ‘Love Island

Tá ráite ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go ndéanfaidh sé leas na teanga gur i nGaeilge a ghabh buaiteoir Love Island cúpla focal buíochais lena lucht tacaíochta.

I nGaeilge a ghabh Greg O’Shea, arb as Luimneach dó, buíochas le lucht féachana Love Island nuair ainmníodh é féin agus a pháirtí Amber Gill mar ‘Rí agus Banríon an Oileáin’.

Agus an duais á bronnadh air, dúirt O’Shea “Go raibh míle maith agat” agus buíochas á ghabháil aige le gach duine den lucht féachana in Éirinn agus i Sasana a chaith vóta dó féin agus dá pháirtí Amber Gill, arb as Newcastle Shasana di.

Tháinig bua O’Shea aniar aduaidh ar rannpháirtithe eile an chláir agus gan fiú coicís caite ag fear Luimnigh ar an oileán.

Dúirt O’Shea, a imríonn d’fhoireann rugbaí na Sionainne, gur léir go ndeachaigh ‘an caidreamh speisialta’  idir é féin agus Gill i bhfeidhm go mór ar lucht féachana chlár ITV 2.

€50,000 a bronnadh mar dhuais air agus roinn sé an t-airgead le Gill.

Tarraingíodh anuas cúpla focal Gaeilge Greg O’Shea le linn díospóireacht raidió inniu faoi cheist na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ar Today with Miriam O’Callaghan gurb amhlaidh go bhfuil níos mó daoine ag baint úsáid as an Ghaeilge, go háirithe i measc daoine óga.

Tharraing sé Love Island isteach sa scéal nuair a mhaígh an scríbhneoir Declan Lynch gur ar éigean a labhraíonn aon duine sa “real world” nó san “actual world” an Ghaeilge.

“Tá sé an-mhí-ionraic a rá gur ar éigean a labhraíonn duine ar bith Gaeilge. Féach ar Love Island aréir, mar ar labhair an buaiteoir Gaeilge ar chlár teilifíse idirnáisiúnta.

“Cabhraíonn sé le cur chun cinn na teanga agus léiríonn sé go bhfuil suim á cur sa teanga agus, de réir gach píosa taighde atá againn, tá suim á cur sa teanga. I suirbhé a rinneamar i measc daoine óga faoinar chóir go gcoinneofaí í ina croí-ábhar  don Ardteist, dúirt dhá dtrian acu gur chóir,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Declan Lynch, colúnaí leis an Sunday Independent, gurb ionann an tslí ar tharraing buaiteoir Love Island an Ghaeilge chuige féin agus “lip service” den chineál “is measa”.

Fág freagra ar 'Chun ‘leas na teanga’ focal buíochais i nGaeilge Rí ‘Love Island'